Ní binn béal ina thost i gcás chlinic Tavistock ná rugbaí na mban

Ní réiteoidh tost mórfhadhb ar bith, in eagras spóirt ná sa tseirbhís sláinte

Ní binn béal ina thost i gcás chlinic Tavistock ná rugbaí na mban

Ní go minic a deirtear é ach uaireanta cuireann an chiall nó an dlí, astu féin nó le chéile, srian réasúnta ar chearta an duine ar chúiseanna réasúnta.

Mar shampla tá saoirse an tsaoránaigh chun tuairimí a nochtadh ‘gan bac; geallta in airteagal 40.6 den Bhunreacht. Cuirtear teorainn áfach ar lánchead cainte sa Bhunreacht agus i ndlíthe éagsúla. Deirtear san airteagal céanna den Bhunreacht go ndéanfaidh an stát a dhícheall chun a dheimhniú nach n-úsáidtear na meáin ‘chun an t-ord nó an mhoráltacht phoiblí nó údaráis an Stáit a bhonnbhriseadh’.

Tá cosaint ar bhuncheart eile, chun maoin phríobháideach a bheith ag duine, in airteagal 43 den Bhunreacht. Ceadaítear áfach srian ar chearta maoine de réir ‘bunrialacha an chirt chomhdhaonnaigh’ (nó “the principles of social justice” sa leagan Béarla) agus ar mhaithe le leas an phobail.

Tá srianta den chineál céanna i bhForógra Cearta an Duine na Náisiún Aontaithe. Sonraítear  bunchearta sa bhForógra (cothromaíocht do chách sa chóras dlí, srl.) ach admhaítear freisin gur ceadmhach feidhmiú chearta an duine a theorannú chun moráltacht, riar agus reacht agus leas an phobail a dheimhniú.

Maidir le cúrsaí céille, thagair breitheamh Meiriceánach fadó don riachtanas go mbainfí ciall réasúnta as feidhmiú chearta an duine. Ní raibh foráil bhunreachta ar fáil, a dúirt Oliver Wendell Holmes i 1919, chun cosaint a sholáthar do dhuine a déarfadh “tine!” de bhéic gan chúis in amharclann phlódaithe. Cé a déarfadh nach raibh an ceart aige?

Múineann samplaí mar atá thuas ceachtanna follasacha. Ní foláir go leor cearta daonna a mheá le chéile, go háirithe más léir go bhfuil siad ag brú in aghaidh a chéile. Ní cóir neamhshuim a dhéanamh den stuaim phraiticiúil. Teastaíonn dianmhachnamh, plé tomhaiste agus dréachtú cúramach chun dlí nó riail chothrom a chur i bhfeidhm.

Tá dlúthbhaint ag na riachtanais seo leis an gcosc ar imreoirí trasinscneacha a d’fhógair Aontas Rugbaí na hÉireann Dé Céadaoin. Ar dhá chúis: an míshásamh láidir a chuir an cosc ar ghrúpaí trasinscneacha agus an drogall atá ar mhórán na fadhbanna a bhaineann le cosaint an chirt atá iarrtha acu a phlé.

D’eisigh an tAontas Rugbaí ráiteas fada mínitheach faoin gcosc, atá ar fáil chomh maith le freagraí ar cheisteanna, anseo 

Gabhaim mo leithscéal, a léitheoir dhil, ach ar mhaithe le cruinneas ní foláir dom leagan Gaeilge de théarmaíocht an ráitis a úsáid san alt seo a leanas.

Deir an ráiteas go léiríonn fianaise mhuiníneach, creid nó ná creid é, go bhfuil difríocht chorpartha idir fir de réir na bitheolaíochta (‘biological males’) agus mná de réir na bitheolaíochta. Léirigh an fhianaise freisin, a deir an tAontas, go mbíonn buntáistí ag duine trasinscneach a sannadh mar dhuine fireann tráth a bhreithe ó thaobh nirt, teacht aniar agus déanamh coirp de.

Dúirt Anne Marie Hughes thar ceann an Aontais gur ar fhianaise nua a bhain le sábháilteacht amháin a bunaíodh a bpolasaí nua.  Tá an scéal fós á mheá ag Cumann Lúthchleas Gael agus ag eagraíochtaí spóirt eile.

Tugadh tús áite i mórán tuairiscí ar chinneadh an Aontais Rugbaí don cháineadh a rinne grúpaí trasinscneacha ar an gcosc. Ba dhíol suntais é nach raibh aon chur síos sna tuairiscí ar thuairimí moltacha ó dhaoine eile.

Cuireadh beocht sa bhreis sa scéal Déardaoin nuair a dúirt Leo Varadkar gur chóir don IRFU agus d’eagrais spóirt eile éisteacht le mná trasinscneacha. Níor thagair an Tánaiste do mhná eile, ná do chúrsaí sábháilteachta, ná do na sonraí eile i ráiteas an Aontais Rugbaí. D’eisigh an Roinn Spóirt ráiteas a sheachain tuairim shoiléir faoin gcosc ach a dúirt gur chóir don Aontas an scéal a athbhreithniú go leanúnach.

Is léir ó ráiteas an IRFU go ndearna an tAontas go leor taighde agus machnaimh sular fhógair siad cosc ar imreoirí trasinscneacha. Is léir dá ainneoin go mb’fhéidir go gcuirfear leithcheal ar bhonn inscne ina leith i gcúirt, cé go gceadaítear idirdhealú i gcúrsaí spóirt más féidir a thaispeáint go bhfuil cúis réasúnta leis.

D’admhaigh an tAontas Rugbaí nach raibh sé ar a gcumas riail phraiticiúil shábháilte a dhréachtú a shásódh an dá thaobh.  Is ábhar imní é mar sin go bhfuil béim chomh mór curtha sna meáin ar mhíshásamh na mban trasinscneach agus nach gcloistear ach fíorbheagán cur síos ar thuairimí mhná atá ar an taobh eile den chonspóid.

Níl an dá thaobh den scéal á phlé go cothrom – éileamh na mban-imreoirí trasinscneacha cead a bheith acu imirt le mná eile, agus cás na mban a deir nach mbeadh cead iomlán dá leithéid cothrom ná sábháilte.  Faraor is cosúil go bhfuil plé oscailte á sheachaint toisc nach n-admhaíonn mórán go bhfuil plé riachtanach in aon chor, gan trácht ar na hionsaithe gránna ar na meáin shóisialta.

Bheadh an claonadh seo dona go leor mura mbeadh ach cúrsaí spóirt faoi chaibidil. Bhí claonadh den sórt céanna, agus tost na bpolaiteoirí, follasach arís ó foilsíodh tuairisc sa Sunday Independent Dé Domhnaigh seo caite faoin gcúis shuntasach imní a bhaineann le seoladh páistí a bhfuil fadhbanna inscne acu as Éirinn go dtí clinic inscne Tavistock i Sasana.

Deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil muinín acu as caighdeán cóireála Tavistock. Dúradh i dtuairisc a d’iarr rialtas na Breataine áfach go raibh measúnú lochtach á dhéanamh ar pháistí i gcomhair drugaí a chuireann stop le caithreachas (nó, i bhfocail eile, a chuireann stop le fás mar is gnáth). Dúnfar clinic Tavistock i gceann bliana ach deir an HSE go mbeidh páistí á gcur anonn acu go dtí sin.

Ní mian le go leor daoine in Éirinn ábhair chasta chonspóideacha mar seo a phlé, ach ní réiteoidh tost mórfhadhb ar bith, in eagras spóirt ná sa tseirbhís sláinte. Níl aon bhaint dhíreach ag an scéal rugbaí le scéal Tavistock, ach is léir móreaspa plé san dá chás.

Uaireanta, ní binn ach baolach béal ina thost.

Fág freagra ar 'Ní binn béal ina thost i gcás chlinic Tavistock ná rugbaí na mban'

  • Art

    Tá feachtasóirí trasinscneacha ag cur a lán daoine ar chóir a bheith ar a taobh i gcoinne na fíor biogóidí ó dhoras trí trasfóibe a chur i leith duine ar bith atá amhrasach faoi gné ar bith dá gclár oibre. Eagla ar dhaoine a dtuairimí a nochtadh go poiblí. Ní mar seo a buadh an reifreann comhghnéis. Trua mór.

  • Eoin Ó Murchú

    Altr cróga, ach alt na fírinne. Fair Play duit a Chathail.

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Cathal Mac Coille, ‘Ní binn béal ina thost i gcás chlinic Tavistock ná rugbaí na mban’, tuairisc.ie, Lúnasa 13, 2022.

    Tagraíonn Cathal Mac Coille don agús a chuirtear in Airteagal 40.6.1i de Bhunreacht na hÉireann i saoirse an tsaoránaigh chun ‘Ceart na saoránach chun a ndeimhní is a dtuairimí anochtadh gan bac’:

    féachfaidh an Stát lena chur in áirithe nach ndéanfar orgain aigne an phobail, mar shampla, an raidió is an preas is an cineama, a úsáid chun an t-ord nó an mhoráltacht phoiblí nó údarás an Stáit a bhonn-bhriseadh.

    Ó tá Brollach fós leis an mBunreacht a thugann le fios gur ó Dhia na Críostaíochta gach uile údarás, is deacair a rá, sna cásanna atá múscailte ag Cathal, conas mar a d’fhéachfadh an Stát lena chur in áirithe nach n–úsáidfí ‘an raidió is an preas is an cineama chun an t–ord nó an mhoráltacht phoiblí nó údarás an Stát a bhonn–bhriseadh’. Má éiríonn leis an Aire Leighis, Stephen Donnelly, a leagan féin den Bhille um Rochtain Shábháilte ar Sheirbhísí Foirceanta Toirchis, 2021 –– cuir i gcás –– a achtú in Oireachtas Éireann, ní bheidh cead ag daoine an Choróin Pháirteach a rá i ngaireacht 100 méadar d’ionad ginmhillte. Conas a d’fhéadfadh sé sin a bheith Bunreachtúil? Níl ach cúpla tír san Eoraip a bhfuil a leithéid de reachtaíocht smachtúil i bhfeidhm iontu.

    Leis na deicheanna de bhlianta, tá maoiniú á dhéanamh ag an Stát féin ar an–chuid eagraíochtaí neamhrialtasacha arb é a gcuspóir ‘an mhoráltacht phoiblí a bhonn–bhriseadh’. Agus nuair nach raibh an t–airgead ag an Stát chun an maoiniú sin a dhéanamh tar éis na géarchéime in 2008, lig an Stát do bhilliúnaithe ó thar lear, leithéidí Chuck Feeney agus George Soros, na heagraíochtaí neamhrialtasacha sin a mhaoiniú. Chuala mé féin seirbhíseach poiblí á admháil tamall de bhlianta ó shin gurbh iomaí tionscadal Rialtais ar fud na tíre an uair sin nach bhfaigheadh an maoiniú a bhí lucht a riartha a iarraidh, mura mbeadh airgead Feeney agus Soros.

    I dtaobh an choisc atá curtha ag Aontas Rugbaí na hÉireann ar imreoirí trasinscneacha a bheith ag imirt i gcoinne ban ar mná nádúrtha iad, bheadh formhór mór de mhuintir na tíre ar an tuairim gur ciallmhar an mhaise don Aontas an méid sin a dhéanamh. Bítear ag iarraidh a chur siar ar an bpobal mór gur bua ollmhór ba ea toradh an Reifrinn um an gComhionannas Pósta sa bhliain 2015, agus gur léiriú is ea an bua sin ar athrú ó bhonn a bheith tagtha ar mheon an phobail de cheisteanna conspóideacha go leor. Ach timpeall le 37% de na vótálaithe cláraithe a vótáil TÁ sa Reifreann sin, agus go bhfios domsa, níl míniú dlí tugtha go fóill ag Cúirt ar bith de chuid an Stáit ar fhoclaíocht an Leasaithe sin: ‘Féadfaidh beirt, gan beann ar a ngnéas, conradh pósta a dhéanamh de réir dlí’ [Airteagal 41.4 de Bhunreacht na hÉireann]. De réir a bhfuil léite le déanaí agamsa, ní mar a chéile ‘conradh pósta’ [nó marital contract sa Bhéarla] agus pósadh bailí faoin dlí. Agus chuaigh beirt seanfhear heitrighnéasacha i muinín an Leasaithe sin chun go mbeadh cead ag duine acu a chuid maoine a fhágáil ag an bhfear eile, nuair a gheobhadh duine acu bás. Agus de réir an abhcóide, an Seanadóir Michael McDowell, bhí láncheart ag an mbeirt seanfhear é sin a dhéanamh faoin Leasú sin.

    Tá mionlach beag sa Stát, a bhfuil an chumhacht go léir acu i láthair na huaire, ag iarraidh a gclár oibre féin a chur siar ar thromlach na ndaoine, agus tá baill den Rialtas ag tacú leis sin. Ní rialtas daonlathach atá dáiríre sa Stát seo againn, ach olagarcacht éilíteach ar cuma leo sa diabhal dóite cad iad tuairimí na gnáthmhuintire ar na hábhair a bhíonn i dtreis.

    Maidir le gníomhaireachtaí de chuid an Stáit a bheith ag cur leanaí go dtí Clinic Tavistock i Sasana d’fhonn hormóin, nó blocálaithe teacht–in–inmhe a thabhairt dóibh, nó obráidí ‘athraithe inscne’ a dhéanamh orthu, is sampla eile é sin d’obair na holagarcachta éilítí. Tá daoine buartha i dtaobh a leithéid a bheith á dhéanamh ar leanaí nach bhfuil tosaithe ar an teacht in inmhe go fóill. Ach cad mar gheall ar é a bheith á dhéanamh ar dhéagóirí nach bhfuil an teacht in inmhe curtha i gcrích go fóill acu? De réir an taighde atá déanta ag an Ollamh Susan M. Sawyer, agus a cairde, ‘The age of adolescence’, The Lancet Child and Adolescent Health (Eanáir 16, 2018), ach 10 mbliana a bheith cnagtha ag an leanbh is ea a thosaítear ar an teacht in inmhe, agus ní thagann deireadh leis go dtí go gcnagann an t–ógánach 24 mbliana. Ní féidir na hobráidí ‘athraithe inscne’ a chur siar, nuair a bhaintear na magairlí as an bhfear; nó nuair a bhaintear an bhroinn as an mbean, agus nuair a bhaintear na cíocha di. Is é sin le rá, nach féidir do na daoine sin leanaí a bheith go nádúrtha acu. 1000 duine sa Bhreatain a gortaíodh ar an tslí sin, tá siad chun an dlí a chur an dlí ar an Stát. Ní obráidí ‘athraithe inscne’ iad na hobráidí sin, ach obráidí cosmaideacha d’fhonn cuma an fhir, nó cuma na mná a chur ar dhuine. Cruthóidh tástáil DNA tar éis na hobráide, gur fear nó gur bean is ea an duine i gcónaí.

    Ach de réir ‘bhriogáid an dul chun cinn’, caithfear tosú ar chur ina luí ar leanbh 0–3 de bhlianta nach bhfuil saintréithe fireanna ná saintréithe baineanna ar bith ann –– gan aon bhréag ná magadh! Sin cuid dá bhfuil ar bun ag lucht pleanála an Chláir ar an Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta. Seanmháthair a d’inis domsa le déanaí gur bhain scéal a chuala sise an–phreab aisti féin: comharsa di ar seanmháthair is ea í féin, tháinig mac iníne di, garsún 7 mbliana d’aois, abhaile ón scoil lá, gur fhiafraigh dá sheanmháthair: ‘cén aois a bheidh mise nuair a ligfear dom iompú i mo ghearrchaile?’ Agus an teacht in inmhe fós ar siúl, ní thuigimse cén bonn atá le bheith ag cur ina luí ar dhéagóirí, go bhfuil siad homaighnéasach ó bhonn, gan trácht ar an inscne eile a thabhairt orthu féin. Ní stopann athruithe hormónacha an teacht in inmhe, i gcás daoine áirithe, go dtí go mbíonn siad sna fichidí luatha. Is mó i gceist é sin i dtaobh na mban, ná i dtaobh na bhfear.

    Seanchairde dom féin a bhí ar mhalairt aigne liomsa tráth, d’admhaigh siad le déanaí dom go bhfuil athrú aigne orthu féin i dtaobh na gceisteanna seo, agus gurbh amhlaidh a vótáil siad féin NÍL leis an Reifreann um Chomhionannas Pósta, 2015, agus go bhfeictear dóibh go bhfuil lucht LADTA+ dulta thar fóir ar fad, lucht an Trasinsnceachais go háirithe. Is é fírinne an scéil go bhfuil ina chogadh cathartha le chéile ag faicsin na comhghuaillíochta LADTA+ a bhí laistiar den Vóta NÍL sa bhliain 2015. Nach bhfaca sibh an íde atá tugtha ar J K Rowling, údar Harry Potter, agus ar scriptscríbhneoir Father Ted, Graham Linehan? Ainneoin Linehan a bheith ag tacú go láidir leis an Aisghairm ar an Ochtú Leasú sa bhliain 2018, tá Linehan go mór i gcoinne fir bhitheolaíochta a chur in aon phríosún le príosúnaigh ban, nuair a éilíonn na fir sin athrú inscne a bheith tugtha acu orthu féin. Fir den saghas sin i Sasana, ciontaíodh iad in éigniú a dhéanamh ar mhná i bpríosúin ban. Tá fir den saghas sin i bPríosún Ban Luimnigh i láthair na huaire! Tá sciar maith de lucht an homaighnéasachais nach nglacfaidh go deo leis gur féidir do dhuine inscne eile a thabhairt air féin/uirthi féin, gan trácht ar athrú a chur ar an dúil chollaí acu –– mar gur cuid den argóint acu is ea é gur ina homaighnéasaigh a tháinig siad féin ar an saol. Tá feiminigh radacacha ann arb é a mana: ‘fear is ea fear, agus bean is ea bean, agus sin sin!’

    Soir gach siar faoi dheireadh thiar, mar a deireadh m’athair, beannacht Dé lena anam.

  • Séamas de Barra

    Ceartúchán: Dáta an ailt ag an Ollamh Susan M. Sawyer, agus a cairde:

    Eanáir 16, 2018 >>> Eanáir 17, 2018

  • Antóin

    Ar an gcéad dul síos bualadh bos mór d’Aontas Rugbaí na hÉireann. Maidir le Cumann Lúthchleas Gael a bhfuil an scéal fós á mheá acu, ná bain gáire asam! Cén fáth a bhfuil catagóirí ann i gcúrsaí spóirt, Faoi 12, faoi 15, faoi 18, sóisear, sinsir, dornalaithe de réir meacháin, mná, fir srl.? Tá obair na gcapall déanta ag lucht Pheil na mBan le blianta fada. Blianta fada ag treabhadh leo gan aon aitheantas agus anois nuair atá an cluiche i mbarr a réime tá scéal an trasinscneachais fós á mheá Cumann Lúthchleas Gael!

    Cé atá thíos leis an amaidí seo ar fad? Cailíní óga agus mná a bhfuil dúil acu i spórt a chaitheann na blianta ag traenáil ar a ndícheall.

    Ba chóir d’eagraíochtaí ban seasamh suas agus cearta na gcailíní agus na mban seo a chosaint.

    Céard faoi Lia Thomas a bhuaigh an bonn óir mar bhean i gcraobhchomórtas snámha i Meiriceá. Bhí sé ar fhoireann snámha na bhfear go dtí 2019 agus níorbh aon churadh é. Ach bhuaigh sé ar bheirt bhuaiteoir oilimpeacha. Agus na mná a tháinig sa dara, sa tríú agus sa cheathrú háit? An cuma faoi na mná sin a chaith a saol ag traenáil sa tóir ar an gcuradhmhír?

    Is léir go bhfuil spórt na mban faoi bhagairt le tamall agus níl se de mhisneach ag polaiteoirí meata na tíre seo seasamh suas agus é a rá go neamhbhalbh murab ionann is an Corcaíoch cróga Sonia O Sullivan a labhair amach i gcoinne a leithéid. Is curadh í. Tuigeann sí.

    Agus maidir le ráiteas Leo Varadkar gur chóir don IRFU agus d’eagrais spóirt eile éisteacht le mná trasinscneacha. B’fhéidir gur chóir ach ní ionann éisteacht agus géilleadh. An gcaithfidh drochthimpiste a bheith ann ar pháirc an imeartha sula ndúisíonn daoine?

    Ach tá réiteach amháin air seo. Bíodh catagóir nua spóirt ann. Ceann do mhná trasinscneacha. Cothrom na Féinne do gach duine agus gan aon dochar do spórt ban. Agus, mura bhfuil dul amú orm, ba ón gComhairle Spóirt a tháinig an moladh sin.

    Agus tá an ceart ar fad ag Séamais de Barra maidir le eagraíochtaí neamhrialtasacha atá ag iarraidh an mhoráltacht phoiblí a bhonn-bhriseadh. Bí geall go bhfuil athscríobh an Bhunreachta ar siúl acu i gcúlseomraí agus mé ag scríobh. Sin an chéad chath eile.

    Agus an ceart ar fad aige maidir le mionlach atá ag iarraidh a gclár oibre féin a bhrú ar dhaoine eile agus polaiteoirí ag tacú leo. Is cinnte go bhfuil roinnt polaiteoirí ag tacú leo ach gach seans go bhfuil roinnt ag tacú leo in éadan a dtola agus eagla a gcraiceann orthu labhairt amach. Tá dóigh amháin le fáil amach. Iarr orthu an focal ‘bean’ a mhíniú.