Ní bhíonn saoi gan locht, go háirithe tráth géarchéime 

Bíodh sí ina géarchéim bhainc nó sláinte déanfar droch-chinntí faoi dheifir agus beidh praghas le híoc orthu

Ní bhíonn saoi gan locht, go háirithe tráth géarchéime 

Ní mar gheall ar easpa rialtais nua atá an saol polaitiúil curtha as a riocht. Tá géarchéim an choróinvíris ag athrú nósanna i ngach áit, Teach Laighean san áireamh.

Éilíonn gach géarchéim mhór socruithe agus roghanna ar gá iad a dhéanamh faoi dheifir, ach ní chinntíonn an riachtanas stuaim.

Is maith a thuigeann Brian Cowen agus na hairí eile a rinne cinneadh tubaisteach faoi chúrsaí airgeadais ar an 29 Meán Fómhair 2008 an méid sin.

Go gairid ar éis dóibh teacht le chéile thart ar mheán oíche, ba léir dóibh go mbeadh orthu cinneadh soiléir rialtais a fhógairt sula n-osclódh doirse na mbanc ar maidin.

Mar is eol do chách anois, ní náisiúnú na mbanc ná ráthaíocht theoranta a bheartaigh siad an oíche sin ach ráthaíocht iomlán gan choinníoll ar na taiscí agus ar fhiacha na mbanc.

Ba léir tar éis achair bhig an díobháil a dhéanfadh an rogha a rinneadar agus ualach as cuimse fiacha curtha ar an státchiste ag an gcinneadh. Cáineadh an socrú go géar agus go réasúnta ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin. Ach sheachain cuid mhór den cháineadh gné amháin den scéal. Is é sin gurbh éigean rogha chinnte a dhéanamh gan mhoill an oíche sin.

Níor cheadaigh an ghéarchéim moill.

Bhí mór-rogha a rinne Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (an HSE) á cíoradh le linn cruinniú de Choiste Covid-19 na Dála Dé Máirt.

Dúirt stiúrthóir géar-oibríochtaí an HSE Liam Woods leis an gcoiste go mbeadh thart ar €300 milliún caite ar úsáid na n-ospidéal príobháideach faoi dheireadh na míosa seo.

Rachaidh an conradh faoinar cuireadh 19 ospidéal príobháideach ar fáil don HSE as feidhm an mhí seo chugainn, ach dúirt Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte Jim Breslin go ndéanfaí athnuachan air dá mbeadh an víreas ag leathadh go tréan arís.

Ní raibh ionadaí Shinn Féin ar an gCoiste, David Cullinane, sásta leis an bpraghas a d’íoc an HSE. Dar leis, dá mbeadh gluaisteán á dhíol aige go mbeadh áthas air dá mba é Jim Breslin a bheadh á cheannach. Dúirt Breslin leis go raibh ar an Roinn an praghas sin a íoc toisc nach raibh leapacha ar fáil in aon áit eile.

Dúirt Cullinane leis gur chóir go mbeadh anailís chostais agus tairbhe déanta ar an margadh a rinneadh leis na hospidéil phríobháideacha.

Ach dúirt Jim Breslin go raibh orthu socrú a dhéanamh taobh istigh de chúpla lá.

B’ionann gearán David Cullinane, a dúirt sé, agus an bhriogáid dóiteáin a lochtú as ceithre inneall dóiteáin  a chur amach chun tine a mhúchadh, cé go bhfuarthas amach ina dhiaidh nach raibh ach trí inneall riachtanach.

Léirigh a ndúirt an bheirt údar imní a bhíonn ann i gcónaí agus ábhar réasúnta fiosrúcháin araon. Gan dabht, ní raibh gach socrú a rinneadh ó tháinig an víreas go hÉirinn ar an 29 Feabhra gan locht, agus ní foláir aird a tharraingt orthu sin.

Ach ní hionann sin agus a rá gur místuaim nó míchúram a thug ar dhaoine rogha lochtach a dhéanamh.

Mar shampla, bhí an HSE faoi bhrú trí mhí ó shin agus é de dhualgas orthu leapacha breise a aimsiú go práinneach de bharr go ndearnadh síorlaghdú ar líon na leapacha dianchúraim agus na leapacha ginearálta sna blianta roimhe sin.

Díreach mar a bhí an rialtas a raibh Brian Cowen i gceannas air faoi bhrú millteanach in 2008 mar gheall ar dhrochbheartais a rinneadh i bhfad roimhe sin.

Bhí sé riachtanach rogha a dhéanamh faoi dheifir sa dá chás, agus ní fhéadfaí cinneadh a sheachaint.

Ní foláir gach drochrogha, ó tháinig an víreas agus sular tháinig sé, a phlé anois agus a iniúchadh ar ball. Ach ní foláir don rialtas agus don fhreasúra díriú ar ghéar-riachtanas sláinte eile atá ag teannadh le gach ospidéal.

Bhí 677,344 duine ar liostaí feithimh na n-ospidéal, de réir an chuntais oifigiúil a foilsíodh ar an 4 Feabhra, an cuntas deireanach sular tháinig an víreas. Ina measc bhí 107,040 othar a bhí ar liosta feithimh le breis agus 18 mí.

Tá ardmholadh tuillte ag oibrithe sláinte as a ndearna siad le trí mhí.

Ach beidh ceisteanna stuama le cur orthu agus tacaíocht bhreise de dhíth orthu go luath, ar mhórán cúiseanna.

Fág freagra ar 'Ní bhíonn saoi gan locht, go háirithe tráth géarchéime '