Ní bheifear muiníneach as ré nua RTE cheal lán-eolas faoin tseanré 

Ní léir faoi láthair go bhfuil sé ar chumas RTÉ lán-eolas a chur ar fáil faoin am atá thart ná faoin obair athchóirithe atá le déanamh

Ní bheifear muiníneach as ré nua RTE cheal lán-eolas faoin tseanré 

Thug Ard-Stiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst freagraí difriúla agus an cheist chéanna á freagairt aige le linn cruinniú de choiste Oireachtais Dé Céadaoin. Is ábhar suntasach imní é an difríocht idir an dá fhreagra. 

D’fhiafraigh an Teachta Dála Alan Dillon de cé mhéad a chaith RTÉ ar an íocaíocht scoir a fuair iar-phríomhoifigeach airgeadais na heagraíochta, Breda O’Keeffe. I dtosach, dúirt Kevin Bakhurst leis: gur ábhar faoi rún é an costas a bhain leis an bpacáiste scoir a fuair Breda O’Keeffe. Ní raibh sé ar a chumas a rá mar sin, a dúirt sé, cé mhéad a fuair sí.

Tar éis d’Alan Dillon a rá go raibh trédhearcacht, ionracas agus freagracht de dhíth chun RTÉ a athnuachan, fuair sé an freagra a bhí uaidh nuair a dúirt Kevin Bakhurst leis: gur íoc RTÉ €450,000 le Breda O’Keeffe.

Níor mhínigh an tArd-Stiúrthóir an fáth gur athraigh sé a intinn in imeacht nóiméid maidir le freagairt na ceiste. Is deacra a thoil an méid airgid a nochtadh a thuiscint cúpla soicind ó d’admhaigh sé gur bhain “bagairt dhlíthiúil” le freagairt na ceiste. 

Is léiriú lom é éiginnteacht an Ard-Stiúrthóra ar na deacrachtaí atá le réiteach aige fós agus é ag iarraidh RTÉ a chur ar bhonn dea-eagraithe nua a chothóidh muinín an phobail. Tá géarghá le trédhearcacht, ní hamháin maidir le drochriar na heagraíochta sa tréimhse sara ndeachaigh sé i gceannas (i mí Iúil seo caite), ach maidir leis an atheagar agus an gortghlanadh atá ar bun aige ó shin. 

Ní léir faoi láthair go bhfuil sé ar chumas RTÉ lán-eolas a chur ar fáil faoin am atá thart ná faoin obair athchóirithe. Ní easaontódh duine ar bith i dTeach Laighean le Pearse Doherty a dúirt Déardaoin nach bhféadfaí tús a chur le ré nua RTÉ go dtí go mbeadh faisnéis iomlán ar fáil faoi na pacáistí scoir luachmhara a fuair daoine áirithe. 

Dúirt sé féin agus Micheál Martin sa Dáil nár chóir sonraí na bpacáistí scoir a choimeád faoi rún. Teastaíonn trédhearcacht agus freagracht iomlán, a dúirt an Tánaiste, nuair a bhíonn airgead an phobail á chaitheamh. 

Ní réitíonn tuairimí ceisteanna dlí faraor, mar shampla má bhíonn clásal rúndachta i gconradh imeachta. An raibh dúshlán na n-iarfheidhmeannach agus a gcomhairleoirí dlí á thabhairt ag Kevin Bakhurst agus ceist (a) á seachaint aige agus (b) á bhfreagairt aige in imeacht nóiméid? 

Is é sin le rá: an raibh sé ag fógairt go hindíreach go mbeadh ar iarfheidhmeannaigh a fuair íocaíochtaí rúnda ó RTÉ dul chun cúirte dá neosfaí na sonraí? B’fhéidir nach raibh ach thuigfeá an fáth go mbainfí ciall dá leithéid as a ndúirt sé. 

Bheadh an pobal agus polaiteoirí sásta faoin am seo dá mbeadh an pointe sroichte, nó ag teannadh le bheith sroichte, ag a bhféadfaí córas maoinithe nua do RTÉ a chur ar bun. Faraor is i bhfad uainn fós atá an lá a mbeidh cuntas iomlán ar fáil ar an dochar a rinne drochstiúir roimhe seo. 

Is treise agus is leithne an éiginnteacht ná an míshásamh a thuilleann rófhlaithiúlacht RTÉ le feidhmeannaigh shinsearacha. Is treise agus is leithne é fiú ná an t-amhras a spreagann neamhthoil nó neamhábaltacht (ar bhonn sláinte i gcás an iar-phríomhstiúrthóra Dee Forbes) feidhmeannach áirithe dul os comhair coiste Oireachtais. 

Níl cíoradh poiblí déanta fós ar mhórcheisteanna eile. Tá coinníollacha fostaíochta 695 oibrí á mbreithniú le tamall ag an Roinn Coimirce Sóisial. Tá sé ionann agus cinnte go rialóidh an roinn gur cláraíodh a bhformhór go contráilte mar oibrithe féinfhostaithe cé go raibh an obair chéanna le fostaithe á déanamh acu. 

Tugadh le fios le gairid go rachaidh RTÉ chun cúirte chur cur in aghaidh chinneadh na roinne maidir le roinnt oibrithe. Dúirt Kevin Bakhurst roimhe seo nár shíl sé go mbeadh níos mó na €20m de dhíth chun cúiteamh a íoc leis an gcuid eile. 

Thug foinse eile le fios don cholún seo áfach gur dócha go mbeidh i bhfad níos mó ná €20m riachtanach chun costas iomlán an chúitimh a ghlanadh. Dúirt sí go mbaineann an scéal le bréagchoinníollacha oibre a bhí i bhfeidhm le breis agus tríocha bliain i gcásanna áirithe. 

Dúiseoidh an scéal ceisteanna tromchúiseacha eile faoi bhainisteoirí san eagraíocht a cheadaigh agus a chuir i bhfeidhm conarthaí oibre a cheil an fhírinne. 

Ní neartóidh an scéal seo muinín an phobail as RTÉ. Ná muinín na bpolaiteoirí a deir (agus an ceart acu) nár chóir an milleán a chur ar an ngnáthfhoireann agus go bhfuil géarghá leis an gcraoltóireacht seirbhíse poiblí a chuireann siad ar fáil. 

D’oirfeadh sé don rialtas, agus don rialtas a thoghfar ina dhiaidh, roghanna faoi mhaoiniú RTÉ a dhéanamh nuair a bheidh lánfhreagraí tugtha ar gach mórcheist. 

Ní féidir brath ar oiriúnacht i gcónaí áfach nuair nach mbíonn aon dul as ag polaiteoirí ach cinneadh a dhéanamh atá achrannach, riachtanach agus práinneach. 

Fág freagra ar 'Ní bheifear muiníneach as ré nua RTE cheal lán-eolas faoin tseanré '