Rinne an tAire Airgeadais Paschal Donohoe cur síos beacht Dé Céadaoin ar an athrú as cuimse atá ag teacht ar chuntais an stáit, agus ar an gcruachás nach eol do dhuine ar bith fós conas a thiocfar as.
Tá 1.25 milliún duine ag brath ar íocaíocht leanúnach ón stát, a dúirt sé sa Dáil, agus beidh easnamh €30 billiún sa státchiste faoi dheireadh na bliana.
Meastar sa Roinn Airgeadais go mbeidh laghdú 10% ar theacht isteach an rialtais in 2020, agus go gcaillfear 220,000 jab ar a laghad.
Dúirt Paschal Donohoe freisin gur mar gheall ar ghéarchéim sláinte seachas géarchéim eacnamaíochta atá an geilleagar curtha trína chéile. Faraor, ní féidir mórán sóláis a bhaint as an difríocht eatarthu.
Thug an t-aire rabhadh eile nach bhféadfaí airgead a fháil ar iasacht go buan leis an dochar atá á dhéanamh ag an ngéarchéim a mhaolú. Ach arís níl tuairim aige féin ná ag Teachta Dála ar bith eile cén uair a chuirfidh lucht iasachta brú ar an rialtas an caiteachas cosanta seo a laghdú.
Is díol suntais é go bhfuil mórchaiteachas breise á mholadh go láidir ar chaon taobh i nDáil Éireann agus ag na ceardchumainn agus IBEC araon. Bhain formhór na gceisteanna a cuireadh ar an Aire Airgeadais sa Dáil leis an mbearna sna rialacha a d’fhág go raibh mná a d’fhill ar a gcuid oibre tar éis saoire mháithreachais fágtha gan íocaíocht stáit.
Dúirt Paschal Donohoe go raibh sé mar aidhm aige agus an cúiteamh nua á thairiscint i dtosach go mbeadh sé ar fáil ar bhonn cothrom. Tá a roinn agus na Coimisinéirí Ioncaim ag athbhreithniú na rialacha d’fhonn a dheimhniú nach bhfágfar mná ar an ngannchuid.
Idir an dá linn, táthar ag leanacht leis na cainteanna idir Fianna Fáil, Fine Gael agus na Glasaigh féachaint an féidir (a) teacht ar aon tuairim faoi chlár rialtais agus (b) margadh a dhéanamh a mbeadh comhaltaí na bpáirtithe toilteanach vótáil ina fhabhar (le móramh 2/3 i gcás an Chomhaontais Ghlais).
Má aontaíonn na páirtithe lena chéile faoi dhréachtchlár rialtais, tá an chuma ar an scéal agus an colún seo á scríobh go mbeidh rogha eile á déanamh ag an gComhaontas Glas chomh maith le rogha faoi ghlacadh le margadh comhrialtais nó diúltú dó.
De réir rialacha an pháirtí, ní foláir deis a thabhairt do na baill ceannaire nua a thoghadh sé mhí ar a mhéid tar éis olltoghcháin.
Ní haon dochar é de ghnáth nach mbeadh an lucht ceannais i bpáirtí ar bith ar aon tuairim agus margadh comhrialtais á phlé, mar atá sa Chomhaontas Glas faoi láthair. De ghnáth ní haon dochar go mbeadh ceannaire an pháirtí Éamon Ryan ag súil go mbeidh na Glasaigh i mbun rialtais faoi dheireadh agus an leascheannaire Catherine Martin in aghaidh an tsocraithe atá beartaithe.
Ach ní gnátham é seo i saol na tíre.
Ní féidir clár cuimsitheach comhrialtais a leagan amach i ré an choróinvíris agus a bheith cinnte go mbeifear ábalta é a chur i bhfeidhm.
Ní féidir i ndáiríre margadh lándaingean comhrialtais de chineál ar bith a dhéanamh má athraíonn páirtí amháin a cheannaire sula dtriomaíonn an dúch ar an margadh.
Beidh brú ar na Glasaigh ceist na ceannasaíochta, a dhúisigh ceathrar comhairleoirí dá gcuid i gCorcaigh, a réiteach sula gcuirtear bailchríoch ar shocrú leis na páirtithe eile.
Tá an tionchar a bheidh ag an víreas ar gach gné dár saol éiginnte mar atá, gan a bheith ag cur leis an éiginnteacht.
Fág freagra ar 'Ní bheidh socrú ceart agat má athraíonn páirtí amháin a cheannaire sula dtriomaíonn an dúch ar an margadh'