Ní bheidh aon easpa siamsaíochta ar phobal Chois Fharraige an tseachtain seo chugainn

Is beag duine nach bhfaighidh ócáid éigin a fheilfidh iad ag féile sé lá Chois Fharraige na bliana seo - amhráin, ceol, clódóireacht, comhluadar, cócaireacht, comhrá agus geamaireacht, scéalta agus siúlóid

Ní bheidh aon easpa siamsaíochta ar phobal Chois Fharraige an tseachtain seo chugainn

Tá an fómhar agus oícheanta fada an airneáin tagtha ach ní bheidh aon easpa siamsaíochta ná comhluadair ar phobal Chois Fharraige an tseachtain seo chugainn.

Cuirfear tús le Féile Chois Fharraige Dé Máirt, féile atá ina ceiliúradh ar cheantar Chois Fharraige. Is beag duine nach bhfaighidh ócáid éigin a fheilfidh iad ag féile sé lá na bliana seo – amhráin, caife is tae, ceol, clódóireacht, comhluadar, cócaireacht, comhrá, geamaireacht, scéalta agus siúlóid.

Tá an fhéile seo á heagrú ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga agus nádúrtha go leor níl dearmad á dhéanamh ar an óige. Beidh an fonnadóir Mairéad Ní Fhlatharta ag tabhairt cuairt ar na cúig bhunscoil sa gceantar le ceardlanna amhránaíochta a dhéanamh leis na gasúir.

I gcomhar le hOllscoil na Gaillimhe cuirfidh an Fóram Teanga tús le ceardlanna a thabharfaidh deis do scoláirí iarbhunscoile an cheantair cúrsaí éiceolaíochta agus comhshaoil a phlé le saineolaithe.

Ní sa rang amháin a bheidh spraoi ag gasúir, beidh geamaireacht ag Fíbín maidin Dé Sathairn, beidh scéalta do na leanaí i Leabharlann an Spidéil Dé Máirt agus Dé Sathairn.

Má tá cead bóthair agat le titim oíche, ní bheidh tú gan comhluadar.

Tigh Chualáin a bheidh an chaint is an ceiliúradh tráthnóna Dé Máirt agus comhlachtaí foilsitheoireachta an cheantair á bplé agus á gceiliúradh, a chonách sin orthu agus gradaim an Oireachtais crochta leo acu le gairid.

Tráthnóna Déardaoin tá rogha agat idir a bheith ag gabháil fhoinn Tigh Chualáin nó an scannán Tarrac a fheiceáil i Seanscoil Sailearna agus a ghabháil ag na hamhráin Tigh Mholly ina dhiaidh. Oíche Dé Sathairn Ceoltóirí Óga Chois Fharraige a bheidh ag ceol i Seanscoil Sailearna agus is maith uathu.

Más caife, comhluadar is comhrá a shantaíonn tú, bí ag ‘Bláth Fiáin’ sa Spidéal ag a 11.00 maidin Dé hAoine agus gealltar fáilte romhat. Más maith leat an léitheoireacht agus an comhluadar, buail isteach Tigh Mholly oíche Dé hAoine mar a seolfar Deirdre, leabhar nua le Darach Ó Scolaí.

Má chuir tú léine leis an Spailpín Fánach ar do chraiceann riamh nó má d’éist tú leis Na Fíréin, bí ag Pota Café oíche Dé Céadaoin mar a mbeidh an fiontraí agus an ceoltóir Gearóid Ó Murchú ag cur síos ar a shaol agus a shaothar.

Ach dé ar bith a bheith fanta ionat ón gceiliúradh sin uilig, bí ag an Airdín Buí ar an Spidéal ag meán lae ar an Domhnach, beannaigh do dhealbh an Chadhnaigh ansin agus tabhair faoi Chonair an Chadhnaigh as sin siar go dtí fód a dhúchais, An Cnocán Glas, mar a ndéanfaidh a dhuine gaoil píosa cainte.

Tigh Phádraigín sna Forbacha a chuirfear deireadh leis an bhféile oíche Dé Domhnaigh le seisiún amhránaíochta.

Ní mór cuid mhaith d’imeachtaí na féile seo a chur in áirithe roimh rá le bheith cinnte go mbeidh spás duit, mar sin téigh anseo nó glaoigh ar an uimhir  083 010 6294. Beidh chuile scéilín faoin bhféile agus an ceiliúradh ar chuntas meáin shóisialta Fhóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga.

Fág freagra ar 'Ní bheidh aon easpa siamsaíochta ar phobal Chois Fharraige an tseachtain seo chugainn'