Ní bheidh a leithéid de reifreann arís ann

Ní tuairimí ginearálta ach meas ar dheartháireacha, ar dheirfiúracha, ar ghaolta eile agus ar chairde a dheimhnigh an bua. Mar is léir ó na scéalta pearsanta seo

Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland
Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Trí cheist, sara dtosóidh mé.

* An bhfaca tú riamh toradh reifrinn á cheiliúradh le deora áthais agus le damhsa sna sráideanna?

* Ar ghríosaigh Éireannaigh óga thar lear a chéile riamh chun filleadh abhaile i gcomhair refrinn as gach cearn den domhan?

* Ar tugadh cuireadh riamh don phobal teacht le chéile i gclós Chaisleán Bhaile Átha Cliath chun éisteacht le toradh reifrinn á fhógairt?

Ní fhaca, ar ndóigh. Níor ghríosaigh. Agus níor tugadh. Is cuma más olc leat nó más maith leat toradh an reifrinn, sílim go gcuimhneoidh tú go héag ar thoradh an reifrinn – eachtra dhaonlathach dhrámatúil inár stair.

Cuimhneoidh móran freisin ar na comhráite clainne agus teaghlaigh inar pléadh TÁ agus NÍL ar dhóigh nár pléadh reifreann ar bith eile. Seo a leanas scéalta a d’inis ceathrar vótóirí dom sna laethanta ó fógraíodh an toradh.

FUASCAILT, AGUS FAITÍOS

(Fear aerach meánaosta as Baile Átha Cliath)

Táim sna tríthí áthais fós. Ar an gcéad dul síos, toisc gur bhronn muintir na hÉireann comhchearta orm féin agus ar gach duine aerach. Ar an dara dul síos, toisc nach raibh mé chomh mórtasach riamh as ár dtír, an chéad tír ar domhan inar vótáladh i bhfabhar chomhchearta pósta.

Agus an tríú rud, toisc gurb ionann an TÁ láidir seo agus “éirigh as!” a bheith ráite le gach duine a d’ionsaigh nó a scanraigh nó a chuir imní ar dhaoine aeracha.

Sna laethanta roimh an reifreann, bhí an seans gur NÍL a déarfaí do mo dhúiseacht mar thromluí gach oíche. Ní mar gheall orm féin amháin, ach mar gheall ar an aimhleas do dhaoine óga aeracha a dhéanfaí dá vótálfaí in aghaidh a gcearta.

Breis agus scór blianta ó shin a tháinig mé “amach” mar fhear aerach. Deirimse leat gur theastaigh cnámh droma agus crógacht go minic ó shin uaim féin agus ó mo fhear céile (pósadh an bheirt sa Bhreatain, roimh fhógairt an reifrinn abhus). Nuair a chuimhnigh mé ar an gcead brúidiúlachta agus mí-iompair a thabharfaí, i ngan fhios gan dabht, bhí eagla mo chraicinn orm.

Ach anois? Airím sonas nach raibh súil agam leis riamh.

FAITÍOS DE SHÓRT EILE

(Fear meánaosta ón Iarthar, heitrighnéasach)

Tá imní orm, agus níl náire ná aiféala orm a rá gur NÍL a dúirt mé. Níl aon locht agam ar na daoine seo.  Más mar sin atá siad, bíodh.  Agus, sara gcuirfidh tú an cheist, is cuma liom iad a bheith pósta más é sin a mian. Ach ní cóir go mbeadh cead acu páistí a thógáil.

Sin é an t-aon chúis nár dhúirt mé TÁ: páistí. Beimid ag caint i gceann cúpla bliain ar mhí-úsáid páistí agus ar an mbotún mór a rinneadh sa reifreann seo. Tá a fhios ag gach duine gur péidifiligh 15 faoin gcéad d’fhir homaighnéasacha.

(Níor thairg an fear seo fianaise mar thaca lena thuairim, agus níor aimsigh an scríbhneoir seo faisnéis mhuiníneach ar bith a thug tacaíocht dá raiteas.)

Tá súil agam nach bhfuil an ceart agam, ach beidh orainn a bheith aireach as seo amach, ar mhaithe le páistí.

ARGÓINT LENA MHÁTHAIR

(Fear meánaosta as Baile Atha Cliath, heitrighnéasach)

Níor phléamar an reifreann in aon chor, ar mhaithe le síochain, go dtí an lá roimh an reifreann. Bhí aiféala orm láithreach. Bhí sí go láidir in aghaidh comhchearta pósta agus mise go láidir i bhfabhar.  Ní fhéadfaí pósadh idir daoine aeracha a chur ar aon chéim, dar leí, le pósadh idir fear agus bean.

D’impigh mé uirthi cuimhneamh ar mo cholcheathrar aerach, bean ar mór a cion uirthi. “Céard a déarfaidh tú leí,” arsa mise, “má dhiúltaíonn tú cead pósadh di?” D’éirigh eadrainn. Ní raibh aon bhaint ag cion ná ag muintearas, dar léi, le ceart agus mícheart. Bhí fearg orainn beirt agus mé ag imeacht.

Chuir sí téacs chugam an lá dar gcionn. “I voted Yes. Hope you’re happy.” Tá idir ríméad agus náire orm ó shin.

COMHRÁ LENA hATHAIR

(Bean óg ón Iarthar, heitrighnéasach)

Bhí TÁ beartaithe i gcónaí agam féin agus ag mo mháthair. NÍL an vóta a bhí faoi m’athair a chaitheamh, go dtí gur phléamar a vóta leis. Bhí an comhrá pleanáilte in éineacht ag mo mháthair agus mé féin.

“Céard atá ag cur imní ort?” arsa mise leis. “Tá stádas speisialta (pairtnéireacht shibhialta) acu cheana féin,” arsa m’athair. “Níor chuala mé cúis mhaith fós go bhfuil pósadh de dhíth orthu chomh maith, ná gur chóir tuairim na n-easpag a chur i leataobh.”

Is ag an bpointe sin a chuir mo mháthair an cheist a bhí pleanáilte againn roimh ré. “Abair go raibh iníon aerach ina suí os do chomhair anois, agus í i ngrá le cailín deas, an mbeifeá ábalta a rá leí nár chóir go mbeadh cead aici í a phósadh agus maireachtáil go socair seasta léi ar feadh a saoil?”

Ghéill sé faoi cheann cúig nóiméad.

Is láithreoir é Cathal Mac Coille ar ‘Morning Ireland’ ar RTE Raidió a hAon

Fág freagra ar 'Ní bheidh a leithéid de reifreann arís ann'

  • Colmán

    Ar an drochuair ní bhfuair mise an an seans vóta a chaitheamh óir is tuaisceartach mé agus cé go bhfuil pás Éireannach agam, cé go dtéann torthaí reifrinn i bhfeidhm ar mo shaol ní thugtar deis domh vóta a chaitheamh. Ní comhionannas atá againn! Tá muid beo ar charthanas daoine eile cé acu an gcoinníonn muid ár saorantacht nó nach gcoinníonn.