‘Ní áit mhaith í Éire do lucht siúl cnoc agus siúlóidí’

Deir Paul Finlay, a sheol leagan Gaeilge dá aip léarscáileanna, Hiiker, le déanaí go mb’fhéidir go bhfuil an iomarca béime á leagan in Éirinn ar na glasbhealaí agus gur cheart filleadh ar an gcosán dearg trí ghleannta agus sléibhte

‘Ní áit mhaith í Éire do lucht siúl cnoc agus siúlóidí’

Deir bunaitheoir aip siúlóide Gaeilge nach áit mhaith í Éire do lucht siúl cnoc agus siúlóidí.

Dúirt Paul Finlay, a sheol leagan Gaeilge dá aip léarscáileanna, Hiiker, le déanaí go bhfuil “go leor le foghlaim” ón mBreatain ag Éirinn agus tíortha eile faoi mheas a léiriú ar na cearta a bhíonn ag an bpobal siúl amuigh faoin tuath.

Bhí Finlay ag tabhairt faoi Shlí Pennine nuair a labhair sé le Tuairisc agus deir sé go bhfuil sé faoi gheasa ag caighdeán an tsiúil tuaithe atá sa Bhreatain, mar a bhfuil sé ag cur faoi ar feadh na bliana seo.

“Nuair a bhíonn mé ag siúl abhus anseo, tá cosáin phoiblí agus cead slí ann, tá na taifeadtaí staire acu agus fios a gceart acu. Tá sé deacair in Éirinn agus tá córas dea-thola i réim, agus tá a gcearta féin ag feirmeoirí agus is cóir sin. Is comhrá thar a bheith casta agus deacair atá ann, ach tá an difríocht i gcaighdeán an tsaoil suntasach nuair a bhíonn cead slí ag daoine go háiteanna nádúrtha agus fiáine.

“Ní áit mhaith siúil í Éire. Is domhan eile ar fad é Sasana agus Albain, ní bhítear riamh ar an mbóthar agus is féidir siúl beagnach áit ar bith. Chuirfeadh sé iontas ort na glaonna atá faighte agam ó dhaoine atá ag tabhairt amach go bhfuil ceart slí marcáilte ar Hiiker nach gcreideann siadsan a bheith ann,” a dúirt sé.

Dúirt sé go “dtuigeann sé go huile is go hiomlán” d’fheirmeoirí na hÉireann agus go bhfuil “údar lena n-imní” faoi mhadraí agus ceisteanna árachais ach go gcaithfidh chuile dhuine a bhfuil spéis acu sa cheist teacht le chéile agus an scéal a phlé go hoscailte.

Dúirt sé go mb’fhéidir go bhfuil an iomarca béime á leagan in Éirinn ar na glasbhealaí agus gur cheart filleadh ar an gcosán dearg trí ghleannta agus sléibhte.

“Is faoi na glasbhealaí an chuid is mó den chaint sa lá atá inniu. Is mótarbhealaí tarmac iad sin i ndeireadh na dála, b’fhearr liom féin cosán dearg a chuirfidh mé díom de shiúl na gcos. Is ar éigean gur féidir siúl áit ar bith nach bóthar tarmac é i gcontae na Mí.

“Is é Cnoc Teamhrach an t-aon áit is féidir siúl ann agus níl ansin ach ceithre chiliméadar go leith, ar a mhéid. Is mór an trua é, is contae álainn é ach níl aon rochtain againn air. Tá gá le comhrá mór fada oscailte in Éirinn ar an ábhar seo agus ba bhreá liom gach duine a fheiceáil ann,” a dúirt sé.

Dúirt sé gur féidir le slite slímharcáilte a bheith ina mbuntáiste mór do na pobail atá suite feadh na slí agus go léiríonn slite an-fhada i Meiriceá, dála an Appalachian Trail agus an Pacific Crest Trail, na bealaí is féidir le pobal teacht le chéile agus tacaíocht a thabhairt do shlí agus tairbhe mór a bhaint as.

“Ní chabhróidh cogadh idir feirmeoirí agus siúlaithe le duine ar bith, cuirfidh sé siar muid, tá sé tábhachtach an comhrá seo a bheith againn agus a aithint nach ionann an tír ‘álainn fhiáin ghlas’ a dhíolann muid le turasóirí agus an ‘tír liath atá faoi ghlas’ atá againn i ndáiríre.

“Tá an difríocht ollmhór. Má thagann tú ag siúl in Éirinn ní fheicfidh mórán seachas bóthar tarmac. An ráiteas drámata é sin? Is ea, ach tá sé fíor. Tá 50% de shlite slímharcáilte na hÉireann ar bhóthar. Tá níos lú ná 5% den tSlí Pennine ar bhóthar.

“Tá sé deacair mar is deis amú é. Ní mé is cáilithe le bheith ag caint air seo, ach tá sé tábhachtach dom agus tábhachtach do Hiiker agus tá súil againn cuid den cheart slí atá againn a chaomhnú,” a dúirt Finlay.

Fág freagra ar '‘Ní áit mhaith í Éire do lucht siúl cnoc agus siúlóidí’'