Neach baineann a bhí sa mbád riamh i nGaeilge fiú más focal firinscneach é ‘bád’ ó thaobh na gramadaí. Béal fúithi a chuaigh bád, a hanáil a scaoileadh le bád, uirthi a cuireadh tarra nó culaith sheoil agus ‘nach breá an bád í’ a dúradh.
Fiú ghéill an caighdeán oifigiúil féin do na sinsir sa gcás sin.
Ar ndóigh ní bhíonn inscne ag focail Bhéarla ach mar sin féin is baineann a chuir Béarlóirí síos ar bhád.
Is cosúil nach mar sin a bheidh i bhfad eile. Shocraigh an Músaem Muirí ar an taobh thall de Shruth na Maoile, in aice leis An t-Sròn in Albain, gur mar ‘it’ a chuirfear síos ar gach bád is long uaidh seo amach seachas mar ‘she’.
Le ceithre mhí anuas spraeáladh péint faoi dhó ar aon tagairt do bháid agus longa an mhúsaeim mar ‘bhaineannaigh’. Cuid den fheachtas atá anseo an saol a dhéanamh neodrach ó thaobh inscne.
D’fhógair stiúrthóir an Mhúsaeim gur téarmaí a bheadh neodrach ó thaobh inscne a bheadh in úsáid feasta agus go dtagrófaí do gach bád is long mar ‘it’ sna comharthaí ar fad sa mhúsaem. “Táimid ag leanúint nósmhaireacht na linne,” a dúirt David Mann.
“Is ceist mhór í ceist na long agus na hinscne mar go gcuireann sí an traidisiún agus an saol nua-aimseartha in éadan a chéile. Sílim nach bhfuil aon rogha againn ach cos a choinneáil leis an aimsir agus dearcadh na ndaoine sa lá inniu a thuiscint.”
Bhí daoine ar na meáin shóisialta a cheap go raibh lucht na ceartaiseachta polaitiúla ag dul thar fóir agus an stair agus an traidisiún á gcur de dhroim seoil acu lena gcuid ‘bulaíochta’.
Tá an bíobla aitheanta i gcúrsaí loingseoreachta Lloyd’s List ag úsáid ‘it’ le fada ach tá Cabhlach na Breataine ag cloí leis an mbád mar rud baineann.
Cén fáth go díreach gur mar bheithíoch baineann a luaitear bád?
Ní lia duine ná tuairim. Toisc go raibh na seanbháid faoi choimirce na mbandéithe, toisc gur gheall le máthair chosantach í a thabharfadh a criú abhaile slán sábháilte ina baclainn nó toisc gur creideadh gur dheacair ceart a bhaint do bhád ná do bhean luaineach?
In Éirinn ainmneacha ban a bhíodh ar bháid an chabhlaigh go dtí le déanaí. Bhí Róisín, Eithne, Niamh, Orla agus Ciara againn.
In 2014 a tógadh an LÉ Samuel Beckett, in 2015 an LÉ James Joyce, agus in 2016 an LÉ William Butler Yeats agus in 2018 an LÉ George Bernard Shaw.
Aitheantas idirnáisiúnta agus na longa le cé nó ar dualgas thar lear an chúis a tugadh ag an am le hainmneacha scríbhneoirí mór le rá an Bhéarla a thabhairt ar loingeas na hÉireann.
Is léir nach eol don chabhlach aon bhean ná aon scríbhneoir Gaeilge a bheith sách aitheanta don onóir sin.
Údar gearáin dáiríre neamart dá leithéid seachas an tseafóid a bhaineann le bheith ag iarraidh ar dhaoine báid nó focail a neodrú.
Fanaidís glan ar long na Gaeilge atá sách leochaileach mar atá sí.
Is fada an lá ó chuir muide go tóin poill an inscne neodrach agus fágtar faoi scoláirí na seanGhaeilge é a bheith ag spochadh léi.
Séamas de Barra
Freagra ar Mháire Ní Fhinneadha:
Bíonn eisceachtaí ón riail ‘gur neach baineann a bhí sa mbád riamh i nGaeilge’. Chum Séamus Ó Grianna (‘Máire’) amhrán do mhac dó, Feidhlimidh, amhrán dar teideal ‘Báidín Fheidhlimidh’. Mar seo a ghabhann 2 líne san amhrán sin: ‘Báidín Fheidhlimidh a d’imigh go Gabhla/Báidín Fheidhlimidh, is Feidhlimidh ann’. Is beag duine a mbeadh sé de dhánacht ann, nó inti go deimhin, droch–Ghaeilge a chur i leith Shéamuis Uí Ghrianna.
Amhrán a thaitníonn an–mhór liom féin is ea ‘An tSailchuach’. Is é leagan Johnny Mháirtín Learaí an leagan is mó a bhfuil eolas agam air. Mar seo a ghabhann ceann de na línte san amhrán sin: ‘Nuair a cuirtear long Rí Sheoirse ar luighe chuige le teann fóirse’. B’fhéidir gur dul amú atá orm féin, ach tuigtear dom gur tagairt don long atá san fhorainm réamhfhoclach ‘chuige’.
Tá samplaí eile cloiste agus feicthe i gcaitheamh na mblianta agam den fhirinscne a bheith á cur ag obair ar bháid. Ní ag foghlaimeoirí a bhí na samplaí sin, agus dá réir sin, ní dóigh liom go bhfuil sé cruinn amach is amach a rá gur ‘neach baineann a bhí sa mbád riamh i nGaeilge’.
Tá an ceart ar fad ag Máire Ní Fhinneadha, dar ndóigh, go mbítear ag dul thar fóir ar fad leis an neodrú sa lá atá inniu ann.
Tá togha na Gaeilge ag Máire, agus fiú mura mbím ag aontú i gcónaí léi, is maith liom na dréachtaí léi a fhoilsíonn Tuairisc.ie a léamh.