‘Náireach’ go bhfuil €1.2 milliún caite ar ‘bholscaireacht’ Creative Ireland agus an Ghaeilge ‘ar an ngannchuid’

Tá cáineadh déanta ag Seanadóir Gaeltachta ar an gcaiteachas atá déanta i mbliana ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ar phoiblíocht, ar shuíomh idirlín agus ar straitéis chumarsáide an chláir chultúrtha Creative Ireland

‘Náireach’ go bhfuil €1.2 milliún caite ar ‘bholscaireacht’ Creative Ireland agus an Ghaeilge ‘ar an ngannchuid’

Pictiur: Leah Farrell/RollingNews.ie

Léiríonn figiúirí nua go bhfuil os cionn €1.2 milliún caite i mbliana ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ar phoiblíocht, ar shuíomh idirlín agus ar straitéis chumarsáide an chláir Creative Ireland, nó Éire Ildánach.

Dar leis an Seanadóir neamhspleách Trevor Ó Clochartaigh go bhfuil sé “náireach” go bhfuil an méid sin airgid á chaitheamh ar “bholscaireacht” tráth a bhfuil eagraíochtaí Gaeltachta agus pleanála teanga “ar an ngannchuid”. Dúirt an Seanadóir Gaeltachta chomh maith go gcuireann an caiteachas ar Creative Ireland “i gcomhthéacs” an maoiniú atá geallta ag an Rialtas – €450,000 – do Bhliain na Gaeilge 2018.

“Is léir go bhfuil sparán gan teora ann do ‘pet projects’ an Rialtais agus nach bhfuil aon teora le pingineacha nuair a fheileann sé dóibh. Léiríonn an caiteachas seo arís eile gur ar bholscaireacht seachas ar ghníomh atá aird an Rialtais seo.

“Tá tábhacht leis an gcultúr ach cén fáth nach féidir leo teacht ar na pingineacha nuair is cúrsaí pleanála teanga atá i gceist nó comharchumainn Ghaeltachta nó eagraíocht nó féile bheag ealaíne. Léiríonn sé cá bhfuil a bpriarachtaí,” a dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh le Tuairisc.ie.

Léiríonn na figiúirí nua faoi chaiteachas Creative Ireland go bhfuil nach mór €600,000 caite ag an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta ar shuíomh idirlín Creative Ireland, ag áireamh €391,000 ar chruthú agus dáileadh físeán agus ábhar digiteach agus €192,000 ar dhearadh agus leagan amach an tsuímh. €163,388 a caitheadh ar dháileadh forlíonta san Irish Times agus san Irish Independent agus €243,000 a caitheadh ar an bhfeachtas poiblíochta sna meáin áitiúla faoin obair atá ar siúl ag comhairlí contae mar chuid de Creative Ireland.

Chomh maith leis sin íocadh €175,000 le dhá chomhlacht, MB Arts International agus Panikos Consulting, as straitéis chumarsáide a cheapadh agus a chur i bhfeidhm agus as caidreamh a fhorbairt le páirtnéirí Creative Ireland, ina measc na húdaráis áitiúla agus institiúidí náisiúnta cultúrtha.

Caitheadh €50,000 ar chostais taistil agus chothabhála fhoireann oifig Creative Ireland sa Roinn Ealaíon, Cultúrtha agus Gaeltachta.

Cuireadh na figiúirí nua faoi chaiteachas Creative Ireland i mbliana ar fáil don Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Niamh Smyth, urlabhraí an pháirtí ar chúrsaí ealaíon agus oidhreachta.

Dúirt an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan gur chun leas mhuintir na hÉireann a bhí Creative Ireland agus gurb é cur chuige an chláir go mbeadh an pobal féin rannpháirteach ann.

“The Creative Ireland Programme is a culture-based programme designed to promote individual, community and national well-being and has citizen engagement at the heart of it. 

“The core proposition is that participation in cultural activity drives personal and collective creativity, with significant implications for individual and societal well-being and achievement.  As with any new Programme, it takes time to develop and mobilise,” a dúirt an tAire. 

Fág freagra ar '‘Náireach’ go bhfuil €1.2 milliún caite ar ‘bholscaireacht’ Creative Ireland agus an Ghaeilge ‘ar an ngannchuid’'

  • Gabriel Rosenstock

    Joc.