‘Náire shaolta’ é an tslí a bhfuil Amharclann na Mainistreach ag caitheamh leis an nGaeilge

Níltear ag caitheamh leis an teanga mar rud atá ‘lárnach agus luachmhar’ i saol ealaíne na hÉireann, a deir Seanadóir Gaeltachta

‘Náire shaolta’ é an tslí a bhfuil Amharclann na Mainistreach ag caitheamh leis an nGaeilge

Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

Is “náire shaolta” é an tslí atá Amharclann na Mainistreach ag caitheamh leis an nGaeilge “le fiche bliain anuas”.

B’in a bhí le rá ag an Seanadóir neamhspleách Gaeltachta Trevor Ó Clochartaigh ag an gcruinniú is déanaí de choiste cultúir, oidhreachta agus Gaeltachta an Oireachtais.

Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh go raibh sé “thar am ag an amharclann náisiúnta aitheantas a thabhairt don scéal go bhfuil dhá theanga náisiúnta againn sa tír seo”.

Dar leis an Seanadóir Gaeltachta gur cheart don Chomhairle Ealaíon polasaí “i bhfad níos daingne agus i bhfad níos dearfaí” a bheith acu ó thaobh na Gaeilge.

Dúirt sé le Tuairisc.ie gur chóir go mbeadh coinníoll ag baint leis an maoiniú a fhaigheann leithéidí Amharclann na Mainistreach a chuirfeadh ceangal orthu méid áirithe saothar Gaeilge a léiriú agus tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt na drámaíochta Gaeilge.

Níor léirigh Amharclann na Mainistreach aon dráma Gaeilge le breis agus 25 bliain anuas agus níl aon dráma Gaeilge ar chlár na bliana seo ag an amharclann ach oiread.

Léiríodh dhá dhráma Gaeilge ar stáitse na Péacóige, dara stáitse Amharclann na Mainistreach, le seacht mbliana anuas, ach léirithe le comhlachtaí eile a bhí iontu sin.

Bhí ceist an easpa drámaí Gaeilge san amharclann náisiúnta go mór i mbéal an phobail nuair a fógraíodh clár na hamharclainne do bhliain chomórtha Éirí Amach na Cásca 1916 agus gan oiread is dráma Gaeilge amháin ann.

Dúirt Fiach Mac Conghail, iar-stiúrthóir ealaíne na hamharclainne, ag deireadh 2015, go raibh ‘náire’ air nár cuireadh aon dráma Gaeilge ar stáitse le linn a thréimhse in Amharclann na Mainistreach, ach dúirt sé nár aimsigh sé dráma ar mhaith leis a dhéanamh nó a “d’fheil don séasúr” ó ceapadh ina stiúrthóir é os cionn deich mbliana roimhe sin.

Sular éirigh sé as mar stiúrthóir choimisiúnaigh Mac Conghail dráma ón scríbhneoir agus stiúrthóir Darach Mac Con Iomaire. Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil toradh an choimisiúin sin, an dráma nua ‘Baoite’, á bhreithniú faoi láthair ag lucht amharclann na Taibhdheirce sa Ghaillimh.

Faoi na socruithe a bhain leis an gcoimisiún bheadh cead ag an Taibhdhearc an dráma a léiriú, san amharclann sin a léireofaí ar dtús é agus chuirfí ar stáitse Amharclann na Mainistreach ina dhiaidh sin é.

Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir Amharclann na Mainistreach, le linn an chruinnithe i dTithe an Oireachtais go raibh an amharclann náisiúnta ag éirí “níos oscailte do scríbhneoirí Gaeilge le tamall anuas” agus luaigh sí an tacaíocht a tugadh don Taibhdhearc faoin scéim forbartha ‘Five by Five’.

Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh nach ionann a bheith luaite i “scéim ‘outreach’ mar sin” nó “cúpla dráma Gaeilge a bheith á léiriú ag grúpaí eile sa Phéacóg” agus “tiomantas ceart” a bheith ag an amharclann náisiúnta do chur chun cinn dhrámaíocht na Gaeilge.

“I láthair na huaire,  caitear le tionscadail trí Ghaeilge mar aguisín ar thionscadail eile ar nós gur rud breise nó éagsúil a bheadh iontu, in áit caitheamh leis an teanga mar rud atá lárnach agus luachmhar in earnáil ealaín na hÉireann.  Cén fáth nach dtugtar treoir do na heagraíochtaí náisiúnta níos mó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge?” 

“Cruthaíonn tionscnaimh ar nós Éire Ildánach, nó Gaillimh 2020, deiseanna tábhachtach leis an nGaeilge a phríomhshruthú in earnáil na n-ealaíon.  Cé gur chóir fáiltiú roimh an obair a dhéanfaidh Éire Ildánach le Comhairlí Áitiúla leis an teanga a chur isteach ina gcláir bhliantúla, tá smaointe níos uaillmhianaí agus níos samhlaíche ag teastáil le ról teanga na Gaeilge in earnáil na healaíne a aithint, go háirithe agus muid i mBliain na Gaeilge 2018,” a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh.

Tugadh le fios chomh maith ag an gcruinniú de choiste cultúir, oidhreachta agus Gaeltachta an Oireachtais go dtacódh clár ealaíon an Rialtais Creative Ireland, nó Éire Ildánach,  le Bliain na Gaeilge 2018 trí cheangal a chur ar na húdaráis áitiúla a cuid den mhaoiniú a fhaigheann siad ó Creative Ireland a chaitheamh ar imeachtaí Gaeilge a eagrú.

Fág freagra ar '‘Náire shaolta’ é an tslí a bhfuil Amharclann na Mainistreach ag caitheamh leis an nGaeilge'

  • Roddy

    Níl leithscéal ar bith acu; an Gaeilgeoir agus Seansdóir aitheanta Fiach Mac Chongail a bhí i bhfeighil an Abbey Theatre go háirithe. Bhíodh drámaí i nGaeilge sa Peacock Theatre an amharclann bheag thíos staighre san Abbey ó am go ham. Mhuise nach íoróineach gurb í an “amharclann náisiúnta” í agus gan an teanga náisiúnta le cloisteáil inti! Cén fáth nár cuireadh brú urthu dráma amháin i nGaeilge a reachtáil nuair a bhí Bliain na Gaeilge 2013 ar siúl?