NACH DEAS É? Tá sé éadrom sa léann… 

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Tá sé éadrom sa léann… 

Tá sé éadrom sa léann a deirtear faoi dhuine nach mbeadh mórán léinn air.

D’fhéadfadh duine a bheith éadrom sa gceann chomh maith céanna. Bheadh caill bheag ar an duine sin, bheadh boc mearaí air, bheadh sé sifleáilte. 

Is ionann duine éadrom freisin agus duine tolléadrom, sin duine atá taghdach nó leath as a chiall. Bíonn éadroime céille ar a leithéid de dhuine. Ní fhéadfá breathnú díreach air, bheadh sé chomh héadrom sin –sochorraithe chun feirge.

Maidir leis an léann, dúradh ariamh gur ualach éadrom an fhoghlaim.

Bíonn cuid de na daoine éadrom ar a gcosa, damhsóirí, mar shampla. Bíonn croí éadrom ag daoine thar a chéile—iad éadrom-aigeanta. Déanann sparán trom croí éadrom. Maireann croí éadrom i bhfad a deirtear.

Codladh éadrom a bhíonn ar dhaoine a mbíonn imní orthu, codladh gé. Thairis sin deirtear an té a mbíonn airgead aige go mbíonn codladh éadrom air. 

Chomh héadrom le cleite, le sop, le slisín lín, le líobóg leathair (sciathán leathair), le mionnán gabhair.

Seo leaganacha eile a bhfuil an focal éadrom iontu:

Máthair cos éadrom fágann sí iníon tóin trom – áit a ndéanann athair nó máthair stuama gach uile shórt millfear an chlann.

An té a shiúlas ar mheachain (beacha) ní foláir coiscéim éadrom a bheith aige.

Bróg éadrom ar an ngadaí.

Ní thiocfaidh an bád isteach anseo mar tá an t-uisce an-éadrom ann.

An t-uisce a bhíonn éadrom déanann sé torann mór.

Fear tanaí, fear éadrom.

Is éadrom ór ag amadán.

Dúirt Raiftearaí an méid seo faoi Mháire Ní Eidhin:

A bráid is gile ná an sneachta séidte,

Is lúfar éadrom a coiscéim siúil.,

I mo rí dá mbeinnse nó i mo cheannfort Gréagach,

Go ndéanfainn réiteach leat a bhláth na n-úll.

Dúirt sé an chaint seo sa gcaoineadh a rinne sé ar Anthony Daly:

Dá mbeinnse i mo chléireach

lách éadrom aigeanta ar pheann,

is deas a scríobhfainn do thréithre

I nglan-Ghaeilge ar leac os do cheann.

Tá an ráiteas seo in Amhrán Ros a’Mhíl:

Stiúróinn bád ar thaobh toinne is is lách éadrom a ghreadfainn clár,

’s gheobhaidh mise bean dom féin

Is ná raibh maith ag Feara Fáil.

Agus céard faoin rann seo?

Éadrom deas, éadrom deas, éadrom go timpeall,

Is iomaí rud a déarfadh fear nach cóir do bhean a dhéanamh,

Éadrom deas, éadrom deas, éadrom go timpeall,

Rachad i mbannaí ach go nglana an teach

Go bhfeicfidh do chraiceann iontas.

Nuair a tháinig strainséara isteach chuig dinnéar lá d’iarr fear an tí ar a bhean im a leagan anuas chucu; nuair a rinne dúirt sé an rann sin mar nach raibh sa gcaint faoin im ach cur i gcéill.

Tabhair faoi deara nach inniu ná inné a thosaigh foréigean baile.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Tá sé éadrom sa léann… '

  • Pilib Ó Duinn

    Is deas é, cinnte!