NACH DEAS É? – Ruidín suimiúil í

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? – Ruidín suimiúil í

Dá ndéarfaí faoi ghirseach gur ruidín suimiúil í ní shin le rá go mbeadh comhrá spéisiúil aici. Tá cúpla ciall leis an bhfocal suimiúil. Nach tú atá suimiúil ionat féin, a déarfaí léi. B’fhéidir go deimhin gur scubaide a bheadh inti, í suarach i ngothaí, gan phiocúlacht. Bheadh sí leitheadach cinnte, chomh leitheadach leis na cuacha. D’fhéadfadh fear a bheith leitheadach freisin, ar ndóigh. Gaigín, aibhseoir nó baothán a thabharfaí air siúd..

Bhainidís úsáid as an bhfocal suimiúil ar bhealach spéisiúil eile i gContae  an Chláir; duine neamhshuimiúil; duine nach mbeadh suim ina ghnó aige.

Seo ainmneacha eile a d’fhéadfaí a thabhairt ar an ruidín suimiúil: giobstaire, gustóg, léirmheirdreach, raiteog, stiúsaí, streabhóg, toice.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? – Ruidín suimiúil í'