NACH DEAS É? Púir de shíol froganna sa lochán

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Bhí púir de shíol froganna sa lochán a dúirt duine eicínt. D’fhéadfadh sé gur bulc mór de mhíoltóga nó d’fheithidí beaga eile a bheadh i gceist leis an bhfocal púir chomh maith. Tharlódh sé go mbeadh púir chuileog ar an mballa. Is ionann púir beach agus sáithe nó scaoth beach. Is minic a bhí púir allais le duine.

Ach is le deatach is mó a chloisfeá an focal púir luaite: tháinig púir mhór deataigh as an simléar.  D’fhéadfaí é a rá faoin tine féin ar ndóigh:  tá púir de thine thíos. Craos tine a chiallaíonn sé sin, morc mór tine, bladhmsach tine.  Bheadh focail eile feiliúnach  le cur síos a dhéanamh ar thine bhreá chomh maith—béilteach, greadóg, réileán agus spóirseach.

Tá ciall eile ar fad leis an bhfocal púir freisin agus is é sin tubaiste, anachain nó cúis bhróin: ba mhór an phúir a bhás.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Púir de shíol froganna sa lochán'

  • Pól Ó Braoin

    Taitníonn na píosaí seo liom. Tugann siad i gcuimhne dom cuid mhaith focal nach mbíonn le cloisteáil níos mó agus is deas na cora cainte iad le tabhairt ar ais sa gcaint ó am go chéile.

  • Mairéad

    Na déanaimis dearmad ar na “púiríní” a bhíodh i gConamara.. Sin iad na tithe beaga ciorcalacha. Bhain fir na JCBs úsáíd as clocha na bpúiríní chun suíomhanna le haghaidh tithe nua a dhéanamh cothrom..