NACH DEAS É? Níl aige ach greim ar eireaball eascainne…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Níl aige ach greim ar eireaball eascainne…

Níl aige ach greim ar eireaball eascainne. É a bheith ag maireachtáil ón lámh go dtí an béal atá i gceist sa leagan cainte sin. Seo leaganacha eile a bhaineann leis an eascann:

Chomh deacair a mharú le heascann.

Chuir sé cluas na heascainne air féin: d’éist sé go haireach.

Chomh sleamhain leis an eascann.

Shílfeá gur dhá shúil eascainne atá ann: tá súile an-ghéar, an-mheabhrach aige.

Bíonn eascann ghnách ann, eascann nimhe, eascann ghainimh agus péist an dá shúil déag—bíonn rudaí i gcosúlacht le sé shúil ar gach aon taobh dá cloigeann.

Sa bhfarraige a bhíonn an concar, i.e, eascann mhór mhillteach.

Loigneach a thugtar ar eascann locha.

Baoite maith í an eascann ghainimh.

Níl aige ach greim ar eireaball eascainne…

Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Níl aige ach greim ar eireaball eascainne…'