Ní bhrisfeadh sé ubh dreoilín faoina chois a déarfaí faoi dhuine a shiúlann an-éasca agus an-éadrom.
Bheadh an duine sin lúfar, éasca, aclaí, ligthe.
Bheadh sé chomh héasca le meannán míosa nó le glasóg shráide.
Bheadh sé coséadrom, cosluath.
Go deimhin d’fhéadfaí a rá faoi go mbeadh sé chomh súpláilte le searrach Earraigh nó le coinín Fómhair.
Ach dá fheabhas é ní bheadh sé baol ar chomh haicseanach leis an óglach a n-éiríodh leis sa scrúdú le dhul sna Fianna aimsir Fhinn Mhic Cumhaill. Chaithfeadh an té siúd an cumas seo a leanas a bheith ann:
- Rith trí choill gan oiread is cipín amháin a bhriseadh faoina chois ná snáithe dá chuid éadaigh ná ribe dá chuid gruaige a dhul i bhfostú i gcraobh.
- Léim thar chraobh a bheadh níos airde ná é féin.
- Rith faoi ghéagán nach mbeadh ach airde a ghlúine ón talamh.
- Dealg a bhaint as a chos agus é ag rith faoi lánsiúl.
Ní bhrisfeadh sé ubh dreoilín faoina chois. Nach deas é?
Luke Callinan
B’éigean don Fhiann stuama 12 leabhar filíochta a chur de ghlanmheabhair freisin. Níl sárú na dtrialacha sin le fáil inniu. Ba cheart do dhuine éigin iad a chur faoi bhráid an Aire mar mholadh don chúrsa Ardteiste.
Seosamh Ó Cuaig
Cén bhrí ach gan leabhar ar bith ann aimsir na Féinne!
Luke Callinan
Is fíor duit ach ní mé cén méid Fiann a bhí ag rith faoi ghéagán nach raibh ach airde a ghlúine ón talamh ach an oiread.