Chuir sé léim giorria d’im ar an arán a déarfaí faoi dhuine a chuirfeadh neart de air.
Is minic a bhaintear léim as duine – geit.
D’éirigh sé de léim – go tobann.
Is maith an léim bulláin é—is fada an t-aistear é.
Tugtar léim ar shruth farraige le fána mar a bheadh eas ann.
Tugtar é freisin ar bhealach caol idir na carraigeacha mar a bheadh cuisle.
Tá Léim Hughie Connolly i Ros Muc. Deirtear go bhfuil sé ainmnithe ó fhear as Ros Muc a raibh an tóir ina dhiaidh agus a chaith sruthán de léim.
An té a bheadh ag léimneach bheadh sé ag pramsáil, ag bocléimneach.
Thug sé léim as a chorp.
Léim chaorach sa duibheagán – léim an daill.
Léim a thabhairt do bhó – nuair a bheadh dáir uirthi.
Léim chos ar bacóg—an léim a thugtar ar leathchois.
Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Léim giorria d’im…'