NACH DEAS É? Is é airgead na n-óinseach a chuireann bróga ar bhean an phíobaire

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Is é airgead na n-óinseach a chuireann bróga ar bhean an phíobaire

Is é airgead na n-óinseach a chuireann bróga ar bhean an phíobaire. Tá sé sin sách sothuigthe déarfainn.

Bhí mé ag cur síos ar an amadán an tseachtain seo caite. Ní miste díriú ar an óinseach an tseachtain seo.

Seo roinnt leaganacha cainte eile a bhfuil an focal óinseach iontu:

Gníonn óinseach lán an tí d’óinseacha.

Áit a mbíonn an óinseach tagann an chóisir chuici.

Dá mbeadh olann ag na hóinseacha, bheadh cótaí ar na driseacha—d’imeodh an olann le gaoth is ghabhfadh sí i bhfostú sna driseacha.

Tionlacan na n-óinseach, soir is siar, is aniar arís.

Aithníonn óinseach locht amadáin.

Tráthnóna nó oíche Domhnaigh beireann an óinseach ar a coigeal.

Na cuir aithis ar sheanduine ná ar anduine, ar óinseach ná ar amadán.

Ní bhíonn ag gáire ach óinseach nó amadán, is bíonn a leath fúthu féin.

Is furasta óinseach a chur ag gáirí.

Imeoidh an t-airgead ach fanfaidh an óinseach.

Óinseach a dhéanamh díot féin—d’fhéadfadh sé gur iomarca óil a bheadh déanta agat.

Leadbóg óinsí.

Dúradh an méid seo san amhrán An tIolrach Mór:

‘Thug mé straoill is streachaille air, amadán is óinseach.’

Tá an méid seo san amhrán Cuach Mo Lon Dubh Buí:

‘Rinne an óinseach ní nár chóir di,

Lean sí an gruagach, ó is é b’óige.’

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Is é airgead na n-óinseach a chuireann bróga ar bhean an phíobaire'

  • Séamas Ó Donnghaile

    Fíormhaith ar fad – grma. Beidh siad in úsáid agam ar mo rang Gaeilge. Cá bhféadfainn teacht ar an liosta a bhí agaibh don ‘amadán’?
    Le buíochas
    Séamas Ó Donnghaile
    Cumann Chluain Ard
    Béal Feirste