Nach deas é? Ghearrfá an mheirg di le scian phóca

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Ghearrfá an mheirg di le scian phóca

‘Tá ruibh ar an sclíteach sin,’ a dúirt fear le fear eile agus iad ag breathnú ar bhean a bhí ag tabhairt amach na dticéad i stáisiún traenach.

‘Ghearrfá an mheirg di le scian phóca,’ a dúirt an fear eile.

‘Níl sí an-dathúil ach an oiread, ní ag ceasacht ar Dhia é,’ a dúirt an chéad fhear.

‘Stopfadh sí clog, ní á roinnt léi é,’ a dúirt an dara fear.

Thugtaí ruibhseach ar bhean sula ndeachaigh MeToo ag obair. Seo é an míniú a bhí ag Tomás Ó Máille ar an bhfocal:

‘Bean aranta, challóideach, drochmhúinte. Bheadh sí ag scamhailéireacht ort. Bíonn sí géar goibéalta.’

Dúradh le Tomás De Bhaldraithe i Maínis, Conamara, gur cailín an-mhór a bheadh sa ruibhseach. Bhí an focal ruibhseachán i gCois Fharraige ar bhean ard chaol gan fuinneamh.

Chomh maith le ruibh a bheith ar bhean, nó ar fhear go deimhin, d’fhéadfadh ruibh a bheith ar dhuine freisin leis an bhfuacht; a bheith préachta nó dallraithe leis an bhfuacht, lena rá ar bhealach eile. Tharlódh sé freisin go mbeadh ruibh chainte ar dhuine.

Fág freagra ar 'Nach deas é? Ghearrfá an mheirg di le scian phóca'