‘Chuimil sí an cheirt díobh i Roundstone’, a dúirt an file agus an fear farraige Seán Cheoinín nuair a chum sé amhrán faoin mbád seoil ‘An Hunter’. Sin le rá gur bhuail sí na báid eile an lá a raibh an geall i gCloch na Rón. Ceirt na geire a bhí i gceist aige, déarfainn.
Chuimil sé ceirt na geire de, a deirtí faoi dhuine a fuair an lámh in uachtar, a raibh an bua aige. Ceirteacha a thugtar ar sheanéadaí. Cuir ort do cheirteacha, a deirtí. Bhíodh fear ceirteacha ag imeacht fadó freisin.
Bhíodh mála beag de sparán a dhéanadh bádóirí de chanbhás agus ruóga ina bhéal a dtugtaí an cheirt air. Níl pingin i mo cheirt a déarfadh an té nach mbeadh pingin ag gabháil leis. Agus féach an t-ainm a bhíodh acu i gContae an Chláir ar Thadhg an dá thaobh.
Níl ann ach ceirt ar gach aon tor, a deiridís.
Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Chuimil sí an cheirt díobh…'