Is iontach an chaoi a gcuimhníonn duine ar línte filíochta seachas a chéile. Cuimhním féin i gcónaí ar an líne sin a bhí i ndán Nollag ag Máire Mhac an tSaoi – ‘tá fiacail an tseaca sa ghaoith ón gcnoc’.
Is iomaí leagan eile a bhfuil an focal fiacail nó fiacla ann. Seo cuid acu:
Níor bhris focal maith fiacail ariamh.
Is furasta gabháil thart le teach mada gan fiacail. Sin le rá go mbíonn sé éasca a bheith dána nuair nach mbíonn aon chontúirt ann.
Bhí an teach líonta go fiacail: bhí slua mór ann.
Uisce a chur le fiacla duine. Tharlódh sé sin dá gcuirfeá bia os a chomhair a mbeadh an-dúil aige ann.
B’fhéidir ansin dá mbeifeá míthrócaireach go ndéarfá leis nach bhfaigheadh sé é dá dtitfeadh na fiacla as a cheann.
Rud a chur faoi d’fhiacail. Sin a dhéanfá dá mbeifeá ag machnamh ar scéal.
Rud a rá faoi d’fhiacla: a bheith ag mungailt do chuid cainte.
Duine a tharraingt trí d’fhiacla: labhairt faoi go milleánach.
Tá an chruimh faoin bhfiacail aige dhúinn: tá faltanas aige dhúinn.
Bhí fiacail istigh aige dó: bhí cloch sa muinchille aige dó.
Is deacair fiacla a chur i gcúl corráin – is beag is fiú a bheith ag réasúnaíocht le dallarán.
Chaill mé an fhiacail a raibh an ceol inti: tá an fonn spraoi, an aeraíl, caillte agam (tá mé gafa in aois).
Na trí ní is lú a bhfuil úsáid iontu:
Trumpa gan teanga, cnaipe gan lúbán, madra alla gan fiacail.
Na trí nithe is géire ar bith:
Dealg láibe, fiacail con, focal amadáin.
Chaill mé an fhiacail a raibh an ceol inti.
Nach deas é?
Pól Ó Braoin
Is deas, mh’anam…