Tá breacadh na gcnoc de bheithígh aici a chuala mé m’athair a rá faoi bhean ar an mbaile. Dúirt Amhlaoibh Ó Súilleabháin ina dhialann go raibh beirt fhear aige ag cur fuílleach aoiligh amach an 14 Bealtaine 1831. ‘Ní ag breacadh na talún atáim,’ a dúirt sé ‘ach dá folcadh go forlíonta. Tá asal agam á tharraingt agus cinnire ina cheann agus bean ag sáitheadh síol potataoi.’
Dúirt Antaine Ó Raiftearaí go raibh ‘táiplis a breacadh agus díslí dá gcraitheadh i mBéal Átha hAmhnais’.
Bhí díograiseoir i gContae Mhaigh Eo uair amháin a raibh an-dóchas aige as cúis na Gaeilge. Seo mar a dúirt sé;
‘Tá solas geal na Gaeilge ag breacadh ar na spéartha/Is binn é ceol na n-éanlaith ag fógairt dúinn an lá.’
Tiocfaidh ár lá, lena rá ar bhealach eile.
Dúradh an méid seo in amhrán eile fós:
‘Is fada mo chónra dhá déanamh/Is mo thuama á bhreacadh ag saoir.’
‘Rúmanna dá mbreacadh dhom/Bácús da dheargadh dhom,’ a dúirt Eibhlín Dhubh Ní Chonaill agus í ag caoineadh Airt Uí Laoghaire.
Bhítí ag breacadh línéadaigh fadó agus, ar ndóigh, bítear ag breacadh páir i gcónaí.
Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Breacadh na gcnoc de bheithígh…'