Nach deas é? Bhí sé ag cur féir is uisce óna chosa…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Bhí sé ag cur féir is uisce óna chosa…

Bhí fear ag cur síos ar shuíomh idirlín an lá cheana ar leagan nua cainte a casadh leis. Má tá tú tuirseach de bheith ‘ag rith ar nós na gaoithe’ nó ‘ar luas lasrach’ a dúirt sé, céard faoi seo:  ‘Bhí sé ag cur féir is uisce óna chosa’.

Sin le rá go raibh sé ag imeacht sna featha fásaigh nó sna feire glinntí. Bhí sí chomh luath le giorria agus leis an gcú a bheadh i ndiaidh an ghiorria.

Chloisfeá i gConamara go  mbeadh gearradh siúil faoi dhuine. Go deimhin d’fhéadfadh sé a bheith ag baint aithinní (aithinneacha) as an mbóthar nó a bheith ag baint an bhóthair óna chosa.

Dá mbeadh sé ag tiomáint gluaisteáin bheadh an bhróg go hurlár aige agus é ag imeacht ina straidhp.

Bhí sé ag cur féir is uisce óna chosa. Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? Bhí sé ag cur féir is uisce óna chosa…'

  • Pól Ó Braoin

    Tá na cainteanna céanna ag imeacht ina straidhp na laethe seo.