Na toghcháin áitiúla – a bhfuil geallta ag na páirtithe faoin nGaeilge agus an Ghaeltacht

Tá gealltanais faoin nGaeilge i bhforógraí na mórpháirtithe do na toghcháin áitiúla agus béim ag a bhformhór ar chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht

Na toghcháin áitiúla – a bhfuil geallta ag na páirtithe faoin nGaeilge agus an Ghaeltacht

Tá gealltanais réamhthoghcháin tugtha ag na páirtithe móra go léir faoi chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht agus faoi chás na teanga.

Gealltar i bhforógra toghcháin Fhianna Fáil, go bhforbrófaí polasaí tithíochta Gaeltachta do gach údarás a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina chúram.

“Sa tseanaimsir is pobail dhlútha a raibh daonra mór iontu a bhí sa Ghaeltacht, pobail a bhí bunaithe ar bhailte fearainn agus ar dhaoine a bheith ag maireachtáil i gcomharsanachtaí. Táimid ag iarraidh a chinntiú gur mar sin a bheidh sé arís,” a deir Fianna Fáil.

Chuige sin, maitear go ndéanfar soláthar do limistéir pleanála teanga i bpleananna forbartha contae agus go mbeidh ‘polasaí neartú Gaeltachta’ i ngach plean chun tacú le teaghlaigh atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge.

Deir Fianna Fáil go gceapfar oifigeach Gaeilge lánaimseartha agus go mbunófar Coiste Gaeilge i ngach údarás áitiúil. Chuirfeadh na hoifigigh Gaeilge an teanga chun cinn i “slite nuálacha”.

Deirtear go ndéanfaidh siad deimhin de chomh maith go mbeidh “ainmneacha Gaeilge oiriúnacha ar fhorbairtí nua agus ar spásanna poiblí”.

Chuirfeadh Fianna Fáil tacaíocht ar fáil don teanga le ciorcail chomhrá i leabharlanna agus tuilleadh comharthaí poiblí as Gaeilge.

Deir an páirtí go bhfuil “ról fíorthábhachtach” ag na húdaráis áitiúla maidir le cosaint a thabhairt do logainmneacha dlisteanacha na Gaeilge agus beocht agus tábhacht na Gaeilge inár sochaí.

Deir Sinn Féin ina bhforógra do na toghcháin áitiúla, a bheidh ar siúl Dé hAoine, go gcuirfidh siad “riachtanais” phobal na Gaeltachta agus lucht labhartha na Gaeilge “i gcroílár phleananna forbartha chathracha agus chontaetha an stáit”. Gealltar go gcuirfear tithíocht shóisialta agus inacmhainne ar fáil agus go mbainfear leas sa Ghaeltacht as measúnuithe tionchair teanga agus coinníollacha teanga chun pobal na Gaeltachta a chosaint. Tacófar, a deir Sinn Féin le hoibrithe agus teaghlaigh a bhfuil Gaeilge acu “saol a chruthú dóibh féin sa Ghaeltacht”.

Deir Fine Gael go mbainfidh siad leas as treoirlínte pleanála agus pleananna forbartha chun cosaint a thabhairt do phobal na Gaeltachta ó thaobh cúrsaí tithíochta de.

Maíonn Fine Gael go gcuirfidh siad úsáid na Gaeilge chun cinn in áiteanna oibre agus i measc an phobail “go háirithe i gceantair taobh amuigh den Ghaeltacht”. Cuirfidh an páirtí béim ar obair Údarás na Gaeltachta maidir le neartú “féiniúlacht” na Gaeltachta agus “brandáil” na gceantar Gaeltachta.

Deir Páirtí an Lucht Oibre go dtacóidh siad le féilte agus paráidí traidisiúnta agus go mbeidh cur chun cinn na Gaeilge mar chuid den tacaíocht sin.

Deirtear in Communities that Work for All go gcinnteodh Páirtí an Lucht Oibre go mbeidh deis ag cainteoirí Gaeilge a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis na húdaráis áitiúla.

Geallann an páirtí go mbeidh straitéis don Ghaeilge ag gach Comhairle agus acmhainní ar fáil don straitéis sin. Gealltar chomh maith aonad agus coiste Gaeilge do gach Comhairle.

Cinnteoidh an Comhaontas Glas, a deir siad ina bhforógra, go mbeidh na húdaráis áitiúla ina spreagadh do chur chun cinn na Gaeilge.

Geallann an Comhaontas Glas go dtabharfar isteach plean teanga do gach contae, go gcuirfear leis an scéim faoina gcuirtear maoiniú ar fáil chun Gaeilge a chur ar aghaidh siopaí. Polasaí eile atá ag an gComhaontas Glas ná go mbeadh soláthar seirbhísí i nGaeilge mar chuid de phleananna forbartha áitiúla.

Deir na Daonlathaithe Sóisialta ina bhforógra do na toghcháin áitiúla go dtacóidís le ceapadh oifigigh lánaimseartha Gaeilge i ngach Comhairle agus le tuilleadh seirbhísí a chur ar fáil I nGaeilge.

Deir Pobal Roimh Bhrabús go dtacaíonn siadsanle héilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta”, ina measc polasaí tithíochta ar leith don Ghaeltacht. Bhunódh Pobal Roimh Bhrabús sna húdaráis áitiúla rannóga Gaeilge a mbeadh “beirt lánaimseartha ar a laghad” ag obair iontu agus bheadh straitéis don teanga agus coiste Gaeilge ag gach údarás. Chuirfí “tacaíocht ar fáil chun an Ghaeilge sa phobal a threisiú”, a ghealltar i bhforógra Phobal Roimh Bhrabús.

Cé nach bhfuil aon fhorógra ar leith don Ghaeilge foilsithe ag Aontú do thoghcháin áitiúla na bliana seo, tá polasaí cuimsitheach faoi ghnéithe éagsúla de cheist na teanga ar a suíomh acu.

Deir Aontú gur mhian leo “go mbeadh an Ghaeilge i réim arís mar theanga labhartha ar fud na Gaeltachta agus i bpobail fud fad na hÉireann”.

Níl aon pholasaithe ar leith don Ghaeilge ná don Ghaeltacht luaite i measc na ngealltanas toghcháin ar shuíomh idirlín an ghrúpa Independent Ireland.

Níl focal faoin nGaeilge ach oiread ar shuíomh an pháirtí frith-inimirce Ireland First.

Fág freagra ar 'Na toghcháin áitiúla – a bhfuil geallta ag na páirtithe faoin nGaeilge agus an Ghaeltacht'

  • Gearóid de Grás

    Is féidir na focail seo ó shuíomhanna na bpáirtithe móra a shlogadh siar gan cheist nó is féidir breathnú ar an easpa tacaíochta don Ghaeilge faoin Rialtas seo. Féach, mar shampla, ar an moilleadóireacht a bhí agus atá ar siúl ag an Aire Ó Brien (FF) agus an dochar atá déanta ag an Aire Foley (FF) don Ghaeilge. Nuair a cuireadh an Plean Rialtais le chéile, níor luadh go mbeadh cur chuige mar sin in aghaidh na Gaeilge ag airí sinsearacha. Tá a fhios agamsa agus vóta á chaitheamh agam nach dtógfaidh mé aon cheann dá bhfuil á rá ag na polaiteoirí ach beidh mé aireach ar an tslí nár chomhlíon síad na gealltanais a thugadar.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    An bhfuil plean teanga ag na páirtithe polaitíochta iad féin? Nárbh fhiú daofasan dea-shampla a thabhairt ó thaobh úsáid na gaeilge agus aitheantas a thabhairt dí? B’fhiú daofa níos mó gaeilge a chuir chun cinn iad féin ina saol pearsanta agus polaíochta.