Na himreoirí ab fhearr agus foirne an chomórtais ó Chomórtas Peile na Gaeltachta na bliana seo

Chuaigh scata mór imreoirí, fir agus mná, i gcion ar an lucht féachana le linn na gceithre lá i Leitir Móir ach seo iad rogha Tuairisc de na himreoirí ab fhearr ag Comórtas na bliana seo

Na himreoirí ab fhearr agus foirne an chomórtais ó Chomórtas Peile na Gaeltachta na bliana seo

Agus 31 foireann ag imirt i gComórtas Peile na Gaeltachta 2022, ghlac suas le míle imreoir ar fad páirt in imeachtaí an deireadh seachtaine i gConamara.

Chuaigh scata mór, fir agus mná, i gcion ar an lucht féachana le linn na gceithre lá ach is iad seo thíos atá roghnaithe ag Tuairisc mar na himreoirí ab fhearr ag Comórtas na bliana seo.

Imreoir Chraobh Shinsir na bhFear – Ben Seartan (Béal Átha an Ghaorthaidh)  

Ben Seartan (Béal Átha an Ghaorthaidh), ar chlé, agus Conchubhair Ó Robhartaigh (Naomh Conaill). Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Saothar foirne a bhí i mbua Bhéal Átha an Ghaorthaidh i gCraobh Shinsir na bhFear ag an deireadh seachtaine dar le himreoirí agus lucht bainistíochta na foirne agus is cinnte gurbh ea ach is beag seans freisin go mbeadh Corn an Aire tugtha leo ag fir Mhúscraí murach gaiscí Ben Seartan. Bhí an tosach ar fheabhas ar fad i gcaitheamh an deireadh seachtaine agus scóráil sé 2-16 sna trí chluiche a bhí ag Béal Átha, agus níor tháinig ach ceithre cinn de na scóranna sin ó chiceanna saora.  

Léirigh Seartan coisíocht iontach agus cumas peile nach beag chun 1-7 a scóráil in aghaidh na Gaeltachta sna babhtaí leathcheannais agus 1-6 a fháil sa chluiche ceannais in aghaidh Naomh Conaill. Bhí a fhios ag gach duine a bhí ar Pháirc an Mháimín, idir lucht féachana agus a chéilí comhraic, gurb é Seartan naoscaire Bhéal Átha an Ghaorthaidh ach chinn orthu é a stopadh. 

Mar a luadh, ní hé Seartan amháin a chinntigh go mbeadh an bua ag Béal Átha. Bhí an fear mór lár páirce, Conchúr Ó Loingsigh, thar barr chomh maith agus 3-8 san iomlán faighte aige sna trí chluiche. Chonaiceamar sárthaispeántais freisin i Leitir Móir ó John Ó Donnchú, Cian Ó Duinnín agus deartháir Ben, Donagh Seartan. Bhí Odhrán Doherty agus Charles McGuinness, beirt atá ar phainéal Dhún na nGall, ar fheabhas do Naomh Conaill sa Chomórtas freisin.

Imreoir Chraobh Shinsir na mBan – Danielle McGinley (Gleann Fhinne)

Danielle McGinley (Gleann Fhinne). Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Thug Gleann Fhinne Craobh Shinsir na mBan leo ó Chomórtas Peile na Gaeltachta den tríú huair riamh ag an deireadh seachtaine agus rinne siad an beart cé go raibh siad d’uireasa triúr atá ar fhoireann shinsir Dhún na nGall – Yvonne Bonner, Karen Guthrie agus Katy Herron. Bhí teacht ag Gleann Fhinne ar bheirt eile atá mar chuid de phainéal an chontae áfach, Katie Long agus Danielle McGinley. Bhí tionchar na beirte follasach ach ba iad na pointí a scóráil McGinley a chinntigh go mbeadh Gleann Fhinne ag ceiliúradh ar an Luan. 

Scóráil an tosach pointí tábhachtacha sa bhua aon phointe amháin a bhí ag Gleann Fhinne ar Bhearna sna babhtaí leathcheannais agus bhí sí i mbarr a maitheasa arís sa chluiche ceannais. Ba dheacair scóranna a fháil sa chluiche in aghaidh Naomh Anna ach d’aimsigh McGinley trí phointe den scoth sa chluiche ceannais chun a chinntiú go mbeadh an lámh in uachtar ag Gleann Fhinne. 

Caithfear ardmholadh freisin a thabhairt don taispeántas a thug Ann Marie Logue agus í ag marcáil chaptaen na Gaillimhe, Sarah Ní Loingsigh. Bhí Ní Loingsigh, a deirfiúr Mairéad agus Ríona Ní Fhlatharta uile ar fheabhas i mbua Naomh Anna ar Chill Chomáin ar an Domhnach ach choinnigh cosaint Ghleann Fhinne faoi chois iad sa chluiche ceannais. Rinne cúl báire Naomh Anna, Caoimhe Ní Laoi cúpla sábháil den scoth sa chluiche ceannais freisin.

Imreoir Chraobh Shóisir na bhFear – Mark McAteer (Gaeil Fhanada)

Mark McAteer ag ceiliúradh. Pic: Seán Ó Mainnínictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Tá Corn Ghael Linn buaite ag cumann as Dún na nGall den chúigiú huair as a chéile tar éis do Ghaeil Fhanada Craobh Shóisir na bhFear a bhuachan ag an deireadh seachtaine. Tuilleann roinnt imreoirí ar fhoireann na mbuaiteoirí moladh speisialta, duine acusan an fear lár páirce Bernard McGettigan a bhí ar fheabhas sa chluiche ceannais, ach bhí taispeántais Mark McAteer cinniúnach do Ghaeil Fhanada sna ceithre chluiche a d’imríodar. 

Chuir an leatosach tús maith leis an gcomórtas nuair a scóráil sé cúig phointe in aghaidh Charna-Caiseal sna réamhbhabhtaí Dé Sathairn agus choinnigh sé air ar an gcaoi sin. Scóráil McAteer trí phointe sa bhua a bhí ag Gaeil Fhanada ar Chill Chomáin sa chluiche ceannais agus is é a chruthaigh an cúl cinniúnach a scóráil Séamus Mac Giolla Chearra san am breise. 

Choinnigh Shaun Kerr súil ghéar ar thosach Chill Chomáin Justin Healy sa chluiche ceannais. Bhí Healy, a bhí ar phainéal Mhaigh Eo ag tús na bliana, ar fheabhas do Chill Chomáin ag Comórtas na bliana seo ach fágadh folamh é tar éis do Ghaeil Fhanada an cluiche ceannais a thabhairt leo.

Imreoir Chraobh Shóisir na mBan – Éabha Nic Dhonnacha (Micheál Breathnach)  

Cúl á scóráil ag Éabha Nic Dhonnacha do Micheál Breathnach sa chluiche ceannais. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Ba iad Éabha Nic Dhonnacha agus Amy Ní Thuathail ó Mhicheál Breathnach an bheirt tosaithe ab fhearr i gcomórtas sóisir na mban an deireadh seachtaine seo agus ní haon iontas é gur thug mná Chois Fharraige leo an chraobh. Tháinig Ní Thuathail isteach mar ionadaí sa chluiche leathcheannais in aghaidh an Chlocháin Léith agus d’aimsigh sí ceithre phointe. Nuair a scaoileadh isteach ón tús í in aghaidh na Ceathrún Rua sa chluiche ceannais, rinne sí scrios agus deich bpointe ar fad scóráilte aici, leath acu ag teacht ón imirt. 

Bhí Nic Dhonnacha gach pioc chomh maith léi, áfach. Ba é an cúl a scóráil sí in aghaidh an Chlocháin Léith an ceann cinniúnach sa chluiche leathcheannais agus scóráil sí 2-2 in aghaidh na Ceathrún Rua sa chluiche ceannais. Bhí an dara cúl a scóráil Nic Dhonnacha sa chluiche sin, 20 soicind isteach sa dara leath, ar fheabhas ar fad. Rinne sí sárobair chun pas mór fada a choinneáil san imirt, bhabhtáil sí pasanna le Sadhbh Howlin agus bháigh sí iarracht isteach i gcoirnéal na heangaí a chuir an Cheathrú Rua de dhroim seoil. 

Gan dabht b’iontach iad gaiscí scórála Nic Dhonnacha agus Uí Thuathail ach ba cheart aitheantas a thabhairt freisin do na taispeántais chumasacha a thug captaen na foirne, Aobh Ní Dhubhghaill, agus an lánchúlaí Róisín Ní Ghionnáin, sa chomórtas.

Sárfhoireann na bhFear

  1. Stephen McGrath (Naomh Conaill)
  2. John Ó Donnchú (Béal Átha an Ghaorthaidh)
  3. Shaun Kerr (Gaeil Fhanada)
  4. Eoin Mac Donnacha (Naomh Anna)
  5. Cian Ó Duinnín (Béal Átha an Ghaorthaidh)
  6. Odhrán Doherty (Naomh Conaill)
  7. Evan Ó Flatharta (Naomh Anna)
  8. Conchúr Ó Loingsigh (Béal Átha an Ghaorthaidh)
  9. Bernard McGettigan (Gaeil Fhanada)
  10. Mark McAteer (Gaeil Fhanada)
  11. Dara Ó Sé (An Ghaeltacht)
  12. Donagh Seartan (Béal Átha an Ghaorthaidh)
  13. Ben Seartan (Béal Átha an Ghaorthaidh)
  14. Charles McGuinness (Naomh Conaill)
  15. Justin Healy (Cill Chomáin)

Sárfhoireann na mBan

  1. Caoimhe Ní Laoi (Naomh Anna)
  2. Ciara Ward (Gleann Fhinne)
  3. Róisín Ní Ghionnáin (Micheál Breathnach)
  4. Ailbhe Ní Ghionnain (Micheál Breathnach)
  5. Gemma Glackin (Gleann Fhinne)
  6. Ann Marie Logue (Gleann Fhinne)
  7. Kathy Ward (Gleann Fhinne)
  8. Aobh Ní Dhubhghaill (Micheál Breathnach)
  9. Gráinne Houston (Gleann Fhinne)
  10. Ríona Ní Fhlatharta (Naomh Anna)
  11. Mairéad Ní Loingsigh (Naomh Anna)
  12. Éabha Nic Dhonnacha (Micheál Breathnach)
  13. Danielle McGinley (Gleann Fhinne)
  14. Sarah Ní Loingsigh (Naomh Anna)
  15. Amy Ní Thuathail (Micheál Breathnach)

Fág freagra ar 'Na himreoirí ab fhearr agus foirne an chomórtais ó Chomórtas Peile na Gaeltachta na bliana seo'