Na heagráin deiridh de Seacht Lá agus Comhrá á gcraoladh ar TG4 an tseachtain seo

Craolfar an tseachtain seo na cláir dheireanacha de dhá cheann de na sraitheanna Gaeilge is faide atá á gcraoladh ar TG4

Na heagráin deiridh de Seacht Lá agus Comhrá á gcraoladh ar TG4 an tseachtain seo

Tiocfaidh deireadh an tseachtain seo le dhá cheann de na cláir is fadbhunaithe i sceideal TG4 – Seacht Lá agus Comhrá.

Anocht a chraolfar an t-eagrán deireanach den chlár cúrsaí reatha a chuireann Páidí Ó Lionáird i láthair agus craolfar an t-eagrán deireanach den chlár cainte le Máirtín Tom Sheáinín Déardaoin. Tá deireadh á chur leis an dá chlár mar chuid den chur chuige nua a d’fhógair Ardstiúrthóir nua TG4, Alan Esslemont, níos túisce i mbliana.

Mar chuid den chur chuige nua sin fógraíodh go mbeadh deireadh á chur leis na cláir chainte stiúideo a dhéantar sa stáisiún féin. I measc na gclár eile ar cuireadh deireadh leo bhí na sraitheanna Róisín, Béaloideas Beo agus Seó Spóirt.

Bhain conspóid mhór go háirithe leis an gcinneadh deireadh a chur le Seó Spóirt, cinneadh a raibh go leor gearáin faoi ar na meáin shóisialta agus ar na nuachtáin.

Cuireann RTÉ Nuacht TG4 ar fáil do TG4 mar chuid dá sholáthar reachtúil 365 uair an chloig don stáisiún agus bhí lucht bainistíochta TG4 i mbun cainteanna le tamall anuas le RTÉ faoi sholáthar nuachta agus chúrsaí reatha an stáisiúin Gaeilge.

Tuairiscíodh cheana go raibh sé i gceist go dtiocfadh clár cúrsaí reatha nua in áit Seacht Lá agus gurbh é RTÉ a sholáthródh an clár sin, ach ní fios go fóill cén toradh a bhí ar na cainteanna sin idir RTÉ agus TG4.

Fág freagra ar 'Na heagráin deiridh de Seacht Lá agus Comhrá á gcraoladh ar TG4 an tseachtain seo'

  • Liamo

    Is mór an trua nach mbeidh chláir chainte stiúideo ann a thuilleadh an saibhreas Gaeilge agus dioscúrsa bríomhar caillte. Nach raibh costas i bhfad níos ísle le haghaidh clár déanta i stiúideo ná clár sraithe déanta ag comhlachtaí

  • Éadóchasach

    Cinneadh uafásach atá ann; is iad sinne, pobal na Gaolainne, agus an teanga í féin a bheidh thíos leis.

    Teastaíonn cláir cainte – cláir fé chúrsaí reatha go háirithe – ó gach pobal teangan. Nach bhfuil áit tugtha do chláir cainte ar an mBBC, ar RTÉ, ar stáisiúin de chuid na Fraince, na Gearmáine agus tíortha eile nach iad? (Tá cláir cainte dá chuid féin ag gach uile Bundesland sa nGearmáin, fiú.)

    Ba chóir d’Esslemont chur in iúl dúinn a phlean chun na bearnaí i sceideal TG4 atá cruthaithe aige a líonadh, agus é sin a dhéanamh go gasta.

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Is mór am beud gur ann mar seo a tha – mar neach-ionnsachaidh na Gaeilge, bha Comhrá gu sònraichte feumail…

    … agus bhain mé an-sult as bheith ag fáil amach faoi na daoine difriúla ar an gclár fosta.

    Slán le Máirtín cóir uasail :-(

  • an gael gealltmhar

    caill mhilteannach don stáisiún sílim go bhfuil Comhrá agus seacht lá críochnaithe.

    An dá staic iad féin, paidí mór mhúscraí, an fhuil ag gail ina chuisle agus é ag tabhairt aghaidh ar pholaiteoirí gan eagla, agus ansin an fear uasal MTS, a bhainfeadh caint agus comhrá as cloch doirlinge, dá mba mhian leis é.

  • Séamas Mac Coitir, Bearna.

    Goilleann sé go mór ar mo chroí agus ar m’anam go bhfuil deireadh curtha leis an dá chlár atá i gceist sa chás seo. Tá
    Máirtín agus Pádraig, molta dá mbeinn i mo thost, arae, bhí an bheirt acu thar barr mar láithreoirí cumasacha. Aireoidh mé uaim fiúntas agus cur i láthair an dá chlár ó sheachtain go seachtain. Gabhaim buíochas ó chroí leis an mbeirt acu, agus go gcuire Dia an t-ádh agus an t-amhantar orthu amach anseo. Gura fada buan iad.

  • art

    Cé hé Alan Esslemont, cad atá ar siúl. bá iad 7 lá agus Comhrá na cláir is fearr ó thaobh saibhreas na teanga. Déarfainn go mbeidh níos mó rugbaí agus béarla ag teacht. Tá RnaG fós againn, slán abhaile TG4.

  • Críostóir

    Ní thaitníonn cur chuige an Bhainisteora nua sin liom ar chor ar bith. Mothóidh mé uaim na cláracha Seó Spóirt agus Seacht Lá- ba hiad dhá cheann de shár-chláracha TG4 gan amhras. Ní chloisfidh muid Gaeilge bhinn ar an aer anois go beo, ach amháin ar an Raidió- agus is mór an trua é.

  • Mairéad

    Is scannalach an cinneadh a rinne TG4 deireadh a chur le Comhrá agus Seacht Lá. Thaitin an dá clár go mór liom. An-suimiúl na haíonna a bhí ag Máirtín Tom Sheáinín, i bhfad níos suimiúla ná na ‘daoine mór le rá’ a bhíonn ar RTÉ!

  • Eoin Ó Murchú

    Uafásach an scéal gan dabht. B’e an rud ba laidre faoi 7Lá (taobh amuigh den laithreóir íontach Paidí Ó Lionáird) na gur sa nGaeltacht a cuireadh le chéile é agus bhí an-tionchar ag comhráití atá ar siúl sa nGaeltacht ar roghnú na n-ábhar agus ar iad a chur i láthair. Tá daoine an-chumasacha ag RTÉ i mBaile Átha Cliath, ach is i dtimpeallacht Bhéarla na príomhchathrach a oibríonn siad.

  • Seán Mag Leannáin

    Aontaím le Mairéad. “An-suimiúl na haíonna a bhí ag Máirtín Tom Sheáinín, i bhfad níos suimiúla ná na ‘daoine mór le rá’ a bhíonn ar RTÉ!” Bhaineas an-taitneamh as na cláracha sin le MTS. Tá bua ar leith ag Máirtín dul i gcion ar dhaoine, go háirithe daoine ag dul anonn sna blianta, agus iad a spreagadh chun cainte agus a gcuid scéalta pearsanta féin a roinnt linn.

  • Braoin Ó Braoin

    Aireoidh mé uaim TG4… Tá RnaG fágtha anois go dtí go dtiocfaidh esslemont eicint eile i gceannas air sin chomh maith… GRMMA a MTS agus a Pháidí… :)

  • Damhnait Mhic Eochaidh

    Ta Dioma mor orm nach mbeidh an clar fior -speisiuil Seacht La ar siul a thuilleadh. Is laithreoir fior-phroifisiunta e Paidi O Lionaird le cumas agus saibhreas teangan. Ta geargha le claracha mar seo ar TG 4. Ni thuigim an cinneadh seo in aon chor.
    Maith dom gan na seimhithe agam.