Ní raibh aon Triskaidekaphobia nó fóibe roimh an uimhir a trí déag ar na Gaeil a scríobh cuntais i mbailiúchán na Scol sna 1930idí. Bhí pisreoga go leor eile acu ach bhain a bhformhór lena gcuid oibre féin –pósadh, bás, agus obair an tí, na talún agus na farraige. Níor tháinig mé ar aon tagairt d’aon mhí-ádh ar leith a bheith ag baint leis an lá inniu. Meastar gur ón trí dhuine dhéag a bhí ag an Suipéar Deireanach nuair a braitheadh Íosa a tháinig an faitíos roimh an lá inniu.
Comhairle do leasa más uait aon mhí-ádh a sheachaint ach má bhíonn aon imní ort maraigh cnúdán agus beidh an t-ádh ort!
- Cuir ort do dhá stoca ar dtús sula gcuirfidh tú ort na bróga
- Ná cuir éadach ná bróga nua ort den chéad uair gan comhartha na croise a dhéanamh orthu
- Ná caith éadaí nua ag dul ar shochraid duit murar chaith tú ag dul ar an Aifreann ar dtús iad
- Ná caith gúna ná cóta glas, go háirithe lá do phósta
- Ná scuab aon salachar, agus ná caith uisce na gcos, amach as an teach san oíche
- Ná hathraigh isteach i dteach nua ar an Satharn ná ar an Luan, ‘aistriú an Luain, ní bhíonn sé buan’
- Ná bíodh aon deifir chun oibre ort ar an Luan mar ní mholtar ‘buille luath an Luain ná buille déanach an tSathairn’.
- Ná deilbh(igh) aon fhlainín ar an Déardaoin ná ar an gCéadaoin, ‘ag deilbh inniu is ar an marbh a rachaidh’
- Má bhíonn duine ag déanamh maistreadh/cuiginn i gcuinneog ar do theacht isteach i dteach, buail dreas ar an loine
- Agus an t-im déanta, tabhair ‘goblach’ ime don chuairteoir le mí-ádh bliana ar do chuid ime a sheachaint
- Má thugann tí braon bláthaí nó bainne don chomharsa cuir gráinnín salainn ann
- Ná lig aon splanc amach as an teach chúns a bheas maistreadh á dhéanamh agat
- Ná las trí rud leis an lasán céanna
- Ná téigh ag iascach Lá Fhéile Michíl ná Déardaoin Deascabhála
- Ná coisc comharsa ar bith ar uisce a thógáil as do thobar nó triomóidh sé
- Ná bíodh trí sholas sa seomra céanna
- Ná bearr do chuid ingní ná do chuid gruaige ar an Domhnach agus ná bearr in aice na tine iad
- Ní maith é lomadh an Luain ach an oiread, don duine ná don chaora
- Ná gabh amach ar an tsráid agus taos ar do lámha nó leanfaidh na sióga thú
- An chéad bhéile fataí nua leag trí cinn ar an mbord agus ná hitheadh aon duine iad ach tabhair don mhadra iad i ndiaidh an bhéile
- Má thugann tú uibheacha do dhuine cuir ceann nó dhó breise leo
- Ná cuir cáca i dtaisce gan sceamhóg a bhaint as
- Ná tabhair ainm ar pháiste go mbaistfear é
- Ná pioc suas airgead rua den chosán
- Iompaigh ar do sháil abhaile má chastar bean rua ort agus tú ag gabháil ar aistear nó ag iascach, ach má chaitheann sí cloch leat beidh tú slán
- Iompraíodh ceathrar den aon chine corp amach as teach
- Ná pós i mí na Bealtaine ná ar an Satharn mar nach leanann an séan é
- Dé Luain agus Dé Máirt an dá lá is fearr le pósadh ‘anró a leanfaidh an Déardaoin, trioblóid an Aoine agus mí-ádh an Satharn’
- Ná téadh baintreach chuig pósadh ach bíodh bean phósta ann
- Ná caill d’fháinne pósta, an fáinne céanna a thabharfar don dara bean má bhásaíonn tú
- Ná leanadh aon mhadra thú ag teacht ó do phósadh
- Ná téadh fear atá ag teacht óna chleamhnas isteach i dteach mná eile
- Maraigh trí choileach nó uascán Lá Fhéile Mártan, 10 Samhain
- Ná cuir uimhir ré uibheacha faoi chearc ghoir
- Má fheictear sop ag titim as tóin circe ní maith é
- Mí-ádh an philibín a bheith ag síor-eiteall thart ar a nead de bharr gur chlis sé ar Íosa ar an gcroch.
- Ná téadh bean ag cuartaíocht maidin Lá Nollag Beag/Lá Coille ar eagla gurbh í an chéad duine isteach sa teach sin í
- Ná tóg teach nua ar sheanchosán agus ná cuir fad siar as do theach
- Ná bíodh bean atá ag súil le páiste i dteach tórraimh agus an corp á chur sa gcónra
- Gabh amach an doras céanna ar tháinig tú isteach ann
Fág freagra ar 'Na Gaeil beag beann ar ‘Aoine an 13’, ach seo 40 piseog eile acu…'