Ná déanaimis dearmad ar conas litir a scríobh nó geansaí a chniotáil

Cén damáiste intinne a dhéanann sé nuair a thosaíonn an domhan i gcoitinne ag ligean scileanna i ndearmad?

Ná déanaimis dearmad ar conas litir a scríobh nó geansaí a chniotáil

Ní raibh gíog as an inneall. Chas mé an eochair cúpla uair ach ní raibh aon mhaith ann. Bhí an bataire marbh, gan dé ann.

Ní hé nach raibh a fhios agam go mb’fhéidir go dtarlódh sé seo. Mhol fear an gharáiste dhom na sreangáin a tharraingt as an mbataire roimh thaisteal um Nollag. Ach nuair a d’oscail mé boinéad an chairr ní raibh tada a d’aithin mé le feiceáil. Chuaigh mé sa seans go mbeadh sé ag obair nuair a d’fhillfinn, ach ní mar sin a bhí.

Dhá lá a bhí mé gan charr nuair a d’fhill mé ar an mbaile. Ar deireadh agus mé fós ag fanacht ar an AA le teacht i gcabhair orm, chuaigh mé isteach sa ngaráiste inar cheannaigh mé an carr. Carr hibrideach atá inti. D’inis an fear dom faoi chnaipe gar don roth stiúrtha, agus go raibh gach seans go dtosódh an t-inneall nuair a bhrúfainn an cnaipe.

Agus sin a tharla. D’athraigh an t-inneall ó bhataire amháin go dtí an bataire eile agus ní raibh le déanamh ach é a thiomaint le tuilleadh cumhachta a chur ann. Agus fós, níl a fhios agam cá bhfuil ceachtar bataire lonnaithe.

Chuir sé ag smaoineamh mé ar scileanna a bhí agam tráth agus atá dearmadta anois nó ar a laghad, nach bhfuil gá leo a thuilleadh.

Bhíodh mé in ann roth a athrú ar an sean-Escort a bhí agam nuair a bhí mé ag obair i gConamara. Nuair a mhúin m’athair dúinn cén chaoi le tiomáint, rinne sé cinnte de go mbeimis ar fad in ann an roth a athrú. An uair dheireanach a bhreathnaigh mé ar an roth spártha atá agam anois, thuig mé go dteastódh céim innealtóireachta chun é a chur faoin gcarr.

Tá sé ceart go leor má chailleann muid scileanna agus má tá deiseanna nua againn ina n-áit chun fadhbanna a réiteach. Níl a fhios céard atá an ríomhaire beag sa bhfón póca in ann a dhéanamh dúinn anois, mar shampla.

Ach, sa gcás go dtarlódh rud éigin don chóras idirlín, Dia idir sin agus an anachain, nach mbeadh bearna mhór eolais ann ar an bpointe?

Cé mhéad duine atá in ann mapa a léamh agus a thuiscint níos mó? Aon uair a chuir mise ceist ar dhuine ar an tsráid, ag iarraidh a fháil amach cá raibh bóthar nó bealach áirithe, ba é an chéad rud a rinne siad ná breith ar an bhfón póca.

Fiú dá mbeinn ag fiosrú cá raibh mé ag an nóiméad sin, ní raibh a fhios acu go dtí go bhfaca siad an spoitín gorm ar an scáileán. Agus gach seans go rabhadar ina gcónaí gar don spota céanna.

Tugaim faoi deara anois agus daoine ag siúl thart ar an ollmhargadh gur ag léamh a gcuid fón póca a bhíonn siad. Caithfidh sé go ndéanann siad liosta den ábhar atá uathu, ar an bhfón, seachas ar phíosa páipéir. Tá sin go maith, deir tú, ní bheidh siad ag ceannach bia agus á chaitheamh amach, toisc nach raibh sé ag teastáil.

Ach an bhfuilimid ag cailleadh scileanna scríbhneoireachta? An dteastóidh na scileanna sin uainn am éigin amach anseo agus ní bheidh muid in ann scríobh? Bhí mé ag caint leis an ngruagaire an lá cheana faoi dhúnadh na seirbhíse litreach sa Danmhairg. Ba bheag a suim sa scéal.

‘Ach nach n-aireodh tú uait é dá n-imeodh sé?’ a d’fhiafraigh mé féin di. Agus ansin chuimhnigh mé orm féin.

‘Cén uair a scríobh tú litir go deireanach?’

Ní raibh sí in ann an cheist a fhreagairt. Níor chuir sí aon chárta Nollag chun bealaigh le níl a fhios cén fhad. D’fhiafraigh sí den bhean óg a bhí ag bearradh gruaige lena taobh. Níor chuimhin léi litir a scríobh leis na blianta, má scríobh sí ceann riamh.

Agus maidir le scileanna baile… ní hé go bhfuil mé féin in mo shaineolaí in aon cheann acu ach tá scileanna áirithe cniotála agus fuála agam. Dá ndúnfadh na siopaí uilig maidin amárach bheinn in ann geansaí simplí a chniotáil, nó ar a laghad bheinn in ann fáithim a chur ar chos treabhsair a bhí rófhada. Ach nuair a d’fhiosraigh mé – ar son taighde – sa ghnó fuála thíos ar an gCarraig Dhubh, bhí moill sé seachtaine ann sula mbeidís in ann breathnú ar an obair a bhí beartaithe agam dóibh.

Sé seachtaine? Agus bí cinnte go bhfuil níos mó gnóthaí fuála ann anois ná mar atá tithe tábhairne sna bailte thart. Níl Éireannach ar bith ag obair in aon cheann díobh – Polannaigh nó daoine eile as Oirthear na hEorpa is mó a bhfuil na bunscileanna acu níos mó.

Cén uair a thosaigh muid ag déanamh dearmad ar rudaí? Cén damáiste intinne a dhéanann sé nuair a thosaíonn an domhan i gcoitinne ag ligean scileanna i ndearmad?

Tá staidéar acadúil á dhéanamh anois ar an bhfadhb seo. Ceapadh ar feadh na mblianta nach ndearna sé aon dochar toisc go raibh an teicneolaíocht ag teacht i gcabhair orainn agus go raibh réiteach gach faidhbe sa teicneolaíochta chéanna.

Sa mbliain 2011, chuir Meiriceá deireadh leis an spásárthach, an ‘Space Shuttle.’ Ceapadh gur gearr go mbeidís in ann rud éigin a chur ina áit. Úsáideadh an spásárthach le daoine a iompar chomh fada leis an Spás-Stáisiún Idirnáisiúnta. Ach níor éirigh leis an bplean nua agus ar feadh deich mbliana, bhí Meiriceá i dtuilleamaí na n-árthach Rúiseach ‘Soyuz’ chun an obair chéanna a dhéanamh.

Fuaireadar amach gur mór idir tionscadal mór teicneolaíochta a chur amach ar pinsean, agus rud nua a chur ina áit. B’éigean dóibh na billiúin dollar a infheistiú le SpaceX agus Boeing chun an t-eolas agus na foirne oibre a bhí caillte, a chur le chéile arís.

Tá an rud céanna tarlaithe in áiteanna eile ar fud an domhain – scileanna, ceardaíocht agus samhlaíocht caillte toisc gur tháinig rud éigin ‘nua’ ina n-áit. Mar a dúirt saineolaí amháin, ní gan dua a choinnítear na scileanna i dtír nó in eacnamaíocht ar leith. Tá sé cosúil le matán sa chorp- mura na-úsáidtear é cailleann sé neart. Dar leis-sean, ba chóir breathnú ar thionscadail mhóra bhonneagair, mar bhealaí le greim a choinneáil ar scileanna agus ar eolas luachmhar. Luann sé stáisiúin chumhachta, línte Metro, tógáil eitleán, mar samplaí de thionscadail ar chóir iad a choinneáil sa tsiúl agus a fhorbairt.

Dar leis, ní imíonn eolas toisc go dtéann sé as feidhm, imíonn sé toisc nach n-úsáidtear é. Anois cá bhfuil mo bhosca cnaipí?

Fág freagra ar 'Ná déanaimis dearmad ar conas litir a scríobh nó geansaí a chniotáil'