- Lá Crosta na Bliana a thugtaí ar Dhomhnach Cincíse agus ba thráth uaibhreach den bhliain an Chincís a raibh a lán crosta ar dhaoine.
- Ní maith an rud é néal codladh lae a dhéanamh Domhnach Cincíse – an mí-ádh a leanfaidh thú go ceann 12 mí, sin nó beidh tú seasta ag suanaíocht.
- Faigh greim ar uisce coisricthe Domhnach Cincíse agus croith sna goirt é le dea-bharr a bheith agat.
- Páiste a thagann ar an saol seachtain na Cincíse beidh sé cantalach drochaigeanta go deo.
- Má bhíonn searrach ag an gcapall, cuir scraith ghlas ar a dhroim leis an drochmhianach a bhaint as. Cincíseach a thugtar ar an searrach sin agus marú a bheidh ina chloigeann.
- Má bhíonn lao ag an mbó inniu, b’fhearr duit streall bainne ó bhó éigin eile a thabhairt dó más leis aon rath a dhéanamh.
- Ní bheidh aon rath ar ál sicíní a thagann amach an tseachtain seo, sin mura gcriogann an toirneach iad agus iad fós faoin gcearc.
- Ná leag bonn do choise ar an talamh inniu.
- Ná tabhair faoi aon aistear inniu, más leat teacht abhaile.
- Ná scaoil aon airgead amach as do láimh inniu nó sin í do cheird go ceann bliana.
- Ná tosaigh aon obair nua an tseachtain seo.
- Ná bearr aon chaora ná aon duine inniu murar mian leat mallacht na Cincíse a bheith orthu.
- Ná bain an t-eireaball d’aon uan agus ná coill aon lao an tráth uaibhreach seo den bhliain.
- Ná codail amuigh faoi Chincís, nó caillfidh tú do chiall.
- Ná tabhair salann ar iasacht d’aon duine inniu.
- Ná déan thú féin a fholcadh inniu.
- Mura ndeachaigh tú ag snámh roimh an gCincís fan go mbeidh sí caite.
- Ná cuir aon síol i dtalamh – ní fhásfaidh sé nó má fhásann féin, rithfidh sé.
- Seachain an garraí inniu mar má théann dealg i do mhéar ní chneasóidh sí.
- B’fhearr uisce a sheachaint inniu ach má chaitheann tú buicéad uisce a thabhairt isteach ná bíodh aon lorg bainne ar an soitheach nó ní bheidh aon uachtar ar do chuid bainne go deo arís.
- Seachain an fharraige mar tá an mhaighdean mhara ansin ag faire le thú a tharraingt amach.
- Ná pós faoi Chincís, ní leanfaidh an t-ádh an pósadh sin.
- Má bháitear duine faoi Chincís, báfar triúr as an gceantar roimh dheireadh na bliana. [I bhfad uainn an anachain]
(Bailithe as Bailiúchán na Scol ar Dúchas.ie)
Aguisín – Bhí seanchas ag Kathleen O’Riordan as Carraig an Phúca i Múscraí go dtéadh muintir an cheantair sin ar fad go Baile Bhuirne Domhnach Cincíse le turas a thabhairt ar Shéipéal Ghobnatan. Deir Kathleen go dtéadh go leor acu ann ar an Satharn don cheol agus don scléip. Cairt agus capaill a bhíodh acu don turas agus bhíodh cábáin ansin ag díol milseán agus féiríní beaga eile. Deir dí gur thug an Pápa Clement V111, ar an 12-7-1601, logha iomlán d’aon duine a dhéanfadh turas go dtí dealbh Naomh Gobnait i mBaile Bhuirne.
Fág freagra ar 'Ná déan tú féin a fholcadh inniu agus ná glac aon siesta ach oiread – 25 comhairle do dheireadh seachtaine na Cincíse'