Na Daonlathaithe Sóisialta ag súil go mbeidh an tacaíocht do Holly Cairns le brath lá na bhfothoghchán

Tá ceannaire an pháirtí Holly Cairns ag dul ó neart go neart agus í anois ar comhchéim leis an Taoiseach sna pobalbhreitheanna ó thaobh tacaíocht phearsanta

Na Daonlathaithe Sóisialta ag súil go mbeidh an tacaíocht do Holly Cairns le brath lá na bhfothoghchán

Ó toghadh an comhrialtas seo bliain agus ráithe ó shin, tá an oiread suntais dá thabhairt don chomhghuaillíocht idir páirtithe an fhreasúra agus atá don obair idir Fianna Fáil agus Fine Gael.

Tá dlús curtha leis an gcomhghuaillíocht faoi cheisteanna éagsúla, go háirithe le linn fheachtas na huachtaránachta nuair a d’aontaigh siad ina dtacaíocht do Chatherine Connolly mar iarrthóir. Sa gcás sin, ba iad na Daonlathaithe Sóisialta ba thúisce a d’fhógair go hoifigiúil go raibh siad ag tacú le feachtas an Uachtaráin.

Sna pobalbhreitheanna ó shin tá ceannaire an pháirtí sin Holly Cairns ag dul ó neart go neart ó thaobh tacaíocht phearsanta agus í anois ar comhchéim leis an Taoiseach ó thaobh tacaíocht phearsanta. An bhfuil sí ag dul chun cinn ar Uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald ar an gceannaire ban eile is mó tacaíochta i measc pháirtithe polaitiúla?

Tá an tríú huachtarán ban tofa in Éirinn anois le leathbhliain. Ní raibh Taoiseach ban againn go fóill in Éirinn. Le cúpla olltoghchán tá trácht gurb í Mary Liou McDonald an té is dóichí a bheadh tofa sa ról sin.

Ainneoin í a bheith ina ceannaire ar an bpáirtí is mó sa bhfreasúra ní léir go bhfuil aon dul chun cinn dá dhéanamh níos mó ag Sinn Féin agus tá tacaíocht phearsanta McDonald tite siar sna pobalbhreitheanna. Níor éirigh leo sa dá olltoghchán deiridh teacht i dtír ar a dtacaíocht agus socrú a dhéanamh le comhrialtas a bhunú ar an eite chlé. Tástáil mhór ar thacaíocht Uachtarán Shinn Féin agus a cumas vótaí a mhealladh chug an bpáirtí a bheidh sna fothoghcháin an mhí seo chugainn.

Fillfidh an Dáil an tseachtain seo ó shaoire na Cásca i lár géarchéim fuinnimh agus cáineadh forleathan ar pholaiteoirí as a n-easpa gnímh le cuidiú le daoine atá i ladhar an chasúir ag costais breosla. Deis ar leith don fhreasúra a bheidh anseo, go háirithe agus muid i bhfoisceacht roinnt seachtainí don dá fhothoghchán.

An mbeidh comhghuaillíocht na heite clé in ann teacht i dtír ar an mbrú atá ar an rialtas faoi láthair i dtaobh costas breosla? An mbeidh siad in ann an t-aontas a chaomhnú agus brú ag teacht ar na páirtithe éagsúla.

Tá comhaontú aistriúcháin i nGaillimh Thiar cheana féin agus is cinnte má aontaíonn na hiarrthóirí eatarthu féin go bhfuil suíochán ansin don eite chlé, ach de réir mar a théann an feachtas ar aghaidh is mó cosúlacht maitheasa atá ar leithéid na nDaonlathaithe Sóisialta ná ar Shinn Féin. I mBÁC láir is buille mór a bheadh ann do Shinn Féin mura mbeidh siad láidir sa gceantar ina bhfuil a n-uachtarán lonnaithe.

Fearacht Ghaillimh Thiar, tá teannas inmheánach sa bpáirtí faoi roghnú iarrthóirí. Dáilcheantar é seo ina bhfuil an eite chlé láidir ar aon nós agus beirt nó triúr, na Daonlathaithe Sóisialta ina measc, sa gcomhaireamh don suíochán.

An mbeidh tacaíocht phearsanta Holly Cairns ina chuidiú d’iarrthóirí an pháirtí sna fothoghcháin? Is mór atá idir an 9% tacaíocht atá acu sna pobalbhreitheanna mar pháirtí agus an 50% a theastaíonn le suíochán a fháil i bhfothoghchán. Mar sin féin, tá 3% ag Holly Cairns agus rath ar na Daonlathaithe Sóisialta nuair a bhíonn aistriúcháin i gceist.

Seo an chéad tástáil mhór ar thonn na heite chlé agus a cumas comhghuaillíocht nua a chur i láthair an phobail. Dá n-éireodh leo, an cheist mhór eile cé a ghlacfadh ceannas ar an gcomhghuaillíocht? An í Holly Cairns nó Mary Lou McDonald an ceannaire ban is mó a mbeidh rath uirthi?

Fág freagra ar 'Na Daonlathaithe Sóisialta ag súil go mbeidh an tacaíocht do Holly Cairns le brath lá na bhfothoghchán'