Leanadh leis an gcuardach inniu do bhean ó Chois Fharraige a chuaigh ar iarraidh inné amach ó chósta Chonamara.
Tá an bhean ar dhuine de bheirt a chuaigh ar iarraidh inné agus iad ag snámh ag Trá na gCeann i mBearna.
Thángthas inné ar chorp an fhir a chuaigh ar iarraidh, an cumadóir amhrán mór le rá as Luimneach Johnny Duhan, a chum ‘The Voyage’ agus amhráin go leor eile.
Lean an cuardach don bhean as ceantar an Spidéil, atá sna tríochaidí, go dtí déanach aréir agus bhí cúpla céad duine ag siúl an chladaigh arís le héirí gréine ar maidin.
Garda Cósta na hÉireann, na Báid Tarrthála, na fórsaí cosanta sibhialta agus an Garda Síochána atá ag déanamh comhordú ar an gcuardach.
Bhí muintir an cheantair ó chathair na Gaillimhe siar go Casla amuigh ag cuardach le cladach arís inniu. Bhí daoine eile ar an bhfarraige i gcaitheamh an lae, i mbáid iascaigh, ar chláir sheaschéaslóireachta agus ar chadhcanna ag cuidiú leis na seirbhísí tarrthála. Bhí na seirbhísí tarrthála i muinín drón agus an ceo róthrom do héileacaptar an Gharda Cósta go dtí tráthnóna inniu.
Tá na Gardaí fós ag fiosrú céard ba chúis leis an eachtra inné agus táthar ag iarraidh ar aon duine a bhí sa cheantar inné agus a bhfuil aon eolas acu dul i dteagmháil leo.
Ceann de na ceisteanna atá á bhfiosrú ná an amhlaidh go raibh duine den bheirt a bhí ag snámh i dtrioblóid agus go ndeachaigh an duine eile i gcabhair orthu.
Ní raibh smeámh as an aer sa cheantar ó mhaidin agus brat ceo anuas ar an bhfarraige, rud a chruthaigh deacrachtaí don lucht cuardaigh.
Leanfar leis an gcuardach amárach.
Fág freagra ar 'Na céadta ag cabhrú leis an gcuardach do bhean óg atá ar iarraidh i gConamara'