‘Ná bí buartha,’ a deir Joe McHugh. Tá buíochas Dé air…

Tá brú, imní, anbhá, scaoll agus líonrith ag goilliúint ar na milliúin daoine faoi láthair i ngleann seo na ndeor agus an driopáis

‘Ná bí buartha,’ a deir Joe McHugh. Tá buíochas Dé air…

“Ná bí buartha”, a deir príomh-aoire an rialtais, Joe Mc Hugh, chuile uair a gcuirtear fadhb os a chomhair nó a n-iarrtar deontas air. Is cosúil gur fear é nach mothaíonn aon bhrú agus nach bhfuil baol ar bith go dtiocfaidh aon imní air.

Tá buíochas Dé air más amhlaidh atá mar tá brú, imní, anbhá, scaoll agus líonrith ag goilliúint ar na milliúin daoine faoi láthair i ngleann seo na ndeor agus an driopáis.

Is gearr ó bhí scéal sna nuachtáin faoi bhean a fuair bás sa tSeapáin agus a fón póca ina glaic aici.

Bean 31 bliain d’aois a bhí inti agus í ag obair ina hiriseoir i stáisiún teilifíse.

‘Karosti’ a mharaigh í, a dúradh. Sin focal Seapáinise ar iomarca oibre.

Bhí 159 uair an chloig ragoibre déanta aici an mhí sin. Níor thóg sí ach dhá lá saoire i rith na míosa ar fad.

Rud é a tharlaíonn sách minic sa tír chéanna.

Tuairiscíodh scéal mná eile a bhásaigh tar éis di 100 uair ragoibre a bheith déanta aici in imeacht míosa. Lá Nollag d’fhág sí teachtaireacht thruamhéalach ar mheán sóisialta.

‘B’fhearr liom básaithe,’ a dúirt sí. ‘Tá mé tuirseach traochta, briste, brúite.’

Áirítear gur mharaigh strus oibre 2,000 duine sa tSeapáin bliain amháin. Chuir taom croí nó stróc go leor eile i gcré na cille.

Dé réir na n-antraipeolaithe níor bhuail imní dáiríre an cine daonna go ndeachaigh siad ag feilméaracht.

An fhad is a bhí siad ina gcónaí sna huaimheanna agus sna coillte, ag piocadh cnónna, rútaí agus torthaí agus ag marú corr-ainmhí bhí a n-intinn socair.

Mharaídís corr-ainmhí gan amhras ach ní go minic a tharlaíodh sé. Mar a deir an seanfhocal, ní i gcónaí a mharaíonn Páidín fia cé go mbíonn sé ina dhiaidh.

Bhí íomhá againn ar feadh i bhfad den fhear ag dul amach as an uaimh i dtús ré na staire, ag marú ainmhí agus á tharraingt ina dhiaidh abhaile chuig bean an tí, nó bean na huaimhe ba chirte a rá, b’fhéidir.

Finscéal é sin a chuireann le daoirse na mban, a deir na hantraipeolaithe anois. Tá staidéar nua-aimseartha déanta acusan ar an modh saoil a bhí ann ag an am.

Céard leis a maróidís an t-ainmhí an cheist a chuireann siad?

Ní raibh an tsaighead féin acu i dtús aimsire. Bhídís taobh le liagán de chloch nó le stumpa de mhaide.

Ní gníomh aonair ach ócáid teaghlaigh a bhí sa bhfiach, a deir na hantraipeolaithe. Is amhlaidh a thiomáinidís ainmhithe le fána aille agus mharaídís ansin iad.

Aríst ar ais ní hé chuile lá a mbeadh deis acu é sin a dhéanamh.

Le himeacht aimsire d’éirigh leo eangach a chur le chéile agus ba mhór an áis sin le ainmhí a sháinniú i ngleanntán caol.

Cá bhfaighidís bia nuair nach mbíodh ainmhithe sa gceantar, arsa tusa? Ar na mná a thiteadh an dualgas is cosúil.

Iadsan a bhíodh ag dul ar fud na coille agus amach ar na bánta ag bailiú ábhar lóin.

Foilsíodh leabhar tamall ó shin faoi threibh i Namaib na hAfraice atá ag maireachtáil ar an gcaoi sin fós. Affluence Without Abundance is teideal don leabhar.

Dream iad a bhfuil a mbunadh sa tír le 400,000 bliain agus ag fiach agus ag cnuasach a bhíonn siad.

Tá a lán nach gcreidfeadh é ach is obair sciliúil í sin. Tá scil mhór mhór ag baint le bonn a chur ar ainmhí agus é a mharú nuair nach bhfuil agat ach bogha agus saigheada.

Ní duine aineolach ach an oiread atá in ann rogha a dhéanamh idir rútaí, cnónna, torthaí agus glasraí fiáine lena chinntiú go bhfuil siad inite.

Ach ní obair róthrom í agus bíonn neart ama saor acu.

Ní oibríonn siad ach idir 20 agus 40 uair an chloig sa tseachtain. Tugann sin deis dóibh an chuid eile den am a chaitheamh ag imirt cluichí, ag ceol, ag damhsa agus ag cuartaíocht ag a ngaolta agus ag a gcairde.

Chuirfeadh an tréimhse díomhaointis seo i gcuimhne dhuit an cur síos a rinne Máirtín Ó Cadhain ar an am a bhíodh le spáráil ag muintir na tuaithe fadó nuair a bhíodh an chuid ba mhó d’obair na bliana curtha díobh acu.

Seo mar a dúirt sé: ‘Tá fíor-chorráit fós, fearacht Inis Meáin, a dtéann duine síos róidín i mbéal maidine agus a dtóraíonn lúibinn fhascúil den mhóinín bán nach mbeidh ródhian ar a leath deiridh. Tagann duine eile, feistíonn a leath deiridh féin ar ghiodáinín cineálta thall ar aghaidh an chéad fhir agus cothaíonn siad an seanchas go tráth bídh. Níl gair sin a dhéanamh, dar ndóigh, ach ar feadh tréimhse amháin den bhliain.’

‘Ná bí buartha,’ a deir Joe McHugh. B’fhéidir gur in Inis Meáin a d’fhoghlaim sé an tsocracht intinne? B’fhéidir eile gur as Gleann Cholmcille a thug sé an bua leis?

Is cinnte gurbh iad na chéad fhocla Gaeilge a d’fhoghlaim sé iad.

Cá bhfios nach ndearna sé cúrsa yóga nuair a bhí sé sa nGleann?

Beidh orainn tuairisc a chur le Liam Ó Cuinneagáin.

Fág freagra ar '‘Ná bí buartha,’ a deir Joe McHugh. Tá buíochas Dé air…'