Mura bhfuil muinín ag an rialtas as NPHET, níl muinín dlite don rialtas

Má leanann an galar ag scaipeadh gan srian ní bheidh an córas ospidéil in ann dó – sin é an réasúnaíocht a bhí taobh thiar de mholadh NPHET ar dhiúltaigh an Rialtas dó

Mura bhfuil muinín ag an rialtas as NPHET, níl muinín dlite don rialtas

An Dr Tony Holohan. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Bhuel, sin NPHET curtha ar ais ina mbosca.

Ach an é gur fhéach an rialtas lena gcumhacht a léiriú, nó gur ghéill siad don bhrú ón lucht gnó?

Is céard iad na himpleachtaí don chath i gcoinne an Covid-19, do riachtanais na sláinte poiblí?

Le coicís anuas tá líon na ndaoine a tholg an víreas méadaithe faoi thrí: sea, faoi thrí, ó 31 cás in aghaidh gach 100,000 duine go dtí 108.9. I mBaile Átha Cliath d’éirigh le srianta Leibhéal 3 stop a chur leis an bhfás as cuimse ar líon na gcásanna ach níl na figiúirí ag laghdú mórán, agus tá an ráta ag dul in airde sa chuid eile den tír.

Má leanann an galar ag scaipeadh gan srian ní bheidh an córas ospidéil in ann dó. Sin é, ar ndóigh, an réasúnaíocht a bhí taobh thiar de mholadh NPHET.

In ainneoin go raibh fearg ar an rialtas faoin gcaoi ar sceitheadh an scéal (mar dhea), tá sé tagtha chun solais anois gur mhínigh Tony Holohan, Príomhoifigeach leighis na Roinne Sláinte, an imní a bhí air faoin treo a raibh na figiúirí ag dul don Aire Sláinte, Stephen Donnelly, roimh chruinniú an Domhnaigh. Chuir sé in iúl dó ina dhiaidh éirim na litreach a bhí le seoladh ag NPHET chuig an rialtas.

Is léir anois mar sin nach é an chaoi gur cuireadh an scéala in iúl a chothaigh fadhb don Rialtas ach an teachtaireacht féin. Níor theastaigh ón rialtas a leithéid de bheart a dhéanamh, is thapaigh siad an deis le coimhlint a chothú, ag iarraidh an milleán a chur ar NPHET.

Ach, mar a déarfadh Galileo, b’fhéidir, eppur si muove (tá sé ag bogadh i gcónaí mar sin féin!). Tá na figiúirí ag dul in olcas i gcónaí, beag beann ar fhearg an rialtais faoin teachtaireacht.

Tuigeann muid go léir go mbíonn tionchar diúltach ag dianghlasáil ar bith ar an eacnamaíocht. Ní mar gheall ar mhioscais fhánach a chinneann an rialtas tithe tábhairne nó eile a dhúnadh ach in iarracht an víreas a smachtú ar mhaithe le beatha a shábháil.

Ach aon uair a mbíonn plé ar an teilifís nó an raidió faoin scéal, cloiseann muid arís is arís go bhfuil an earnáil seo nó an earnáil siúd ar an dé deiridh.

Sea, caithfidh muid gach iarracht a dhéanamh cosaint a thabhairt don gheilleagair, ach is í an tosaíocht ba chóir a bheith ann i gcónaí an víreas a smachtú is beatha daoine a shábháil.

Is cóir mar sin go roinnfí an t-ualach go cothrom orthu siúd is mó a bhfuil na hacmhainní acu le teacht slán as seo. Ach cuimhnímis go bhfuil gnólachtaí ag dul go tóin poill toisc go bhfuil orthu íoc as morgáistí, cíos is árachas tráth nach bhfuil aon teacht isteach acu.

Má tá muid le chéile sa troid seo is cóir na híocaíochtaí sin a chur ar ceal agus deis a thabhairt do ghnólachtaí teacht slán. Ní cóir neamhaird a thabhairt ar na figiúirí faoin víreas, ní haon mhaith ár súile a dhúnadh agus guí a dhéanamh go n-imeoidh sé.

Ní cóir ach oiread an mhuinín atá againn sa gcomhairle ón lucht leighis a laghdú. Ach thug an rialtas faoi NPHET, amhail is nach bhfuil cead acusan ach comhairle a thabhairt a oireann do riachtanais pholaitiúla an rialtais.

Tá go maith má dhiúltaíonn an rialtas glacadh leis an gcomhairle sláinte sin ar chúiseanna atá siad sásta a mhíniú don phobal. Ach is cosúil gur mhaith leis an rialtas dul i bhfolach taobh thiar de NPHET, agus bhí siad le ceangal nuair a baineadh an folach sin díobh.

Rinne Leo Varadkar, go háirithe, leas d’amaidí na ngealt sin a bhíonn ag léirsiú go gaisciúil in aghaidh na srianta is ag caitheamh anuas go bagrach ar na daoine a chloíonn leis na treoirlínte.

Tá buille buailte ag an Rialtas ar mhuinín an phobail sa gcomhairle sláinte. Ach is léir, ní hamháin go bhfuil na figiúirí ag dul in olcas i gcónaí ach go mbeidh ar an rialtas géilleadh agus dul go dtí leibhéal a cúig go luath.

Dúirt Varadkar féin nach bhféadfaí scoradán ciorcaid (diansrianta ar feadh tamall gearr) a chur a chur as an áireamh mar bhealach le stop a chur le scaipeadh gasta an víris.

Fágann sin uilig go bhfuil ceist amháin le cur. An bhfuil a fhios ag an rialtas céard atá siad a dhéanamh?

An bhfuil aon sprioc sa bpolasaí atá acu, nó an bhfuil siad ag feidhmiú lá i ndiaidh lae de réir mar a oireann is mar is féidir leo?

Mura bhfuil muinín ag an rialtas as NPHET, seans maith nach bhfuil an oiread sin muiníne dlite don rialtas féin.

Fág freagra ar 'Mura bhfuil muinín ag an rialtas as NPHET, níl muinín dlite don rialtas'

  • Poraic o'hEipicín

    Go bhfóire Dia orainn. Tá súil agam go d-tiocaidh muid slán ass.
    Tá an Chróin mhuire de dhith go ghéar orainn.