‘Ní dhearúdfad go deo conas mar a bhraith sé a bheith scaoilte amach chun ceoil’ – Muireann Nic Amhlaoibh

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar 2022 le roinnt Gael. Inár dteannta an geábh seo, tá Muireann Nic Amhlaoibh, an t-amhránaí as Corca Dhuibhne ar bronnadh ‘Amhránaí na Bliana’ uirthi ag na RTÉ Radio 1 Folk Awards i mbliana

‘Ní dhearúdfad go deo conas mar a bhraith sé a bheith scaoilte amach chun ceoil’ – Muireann Nic Amhlaoibh

Céard í an chuimhne is mó atá agat ar 2022?

Ní dhearúdfad go deo conas mar a bhraith sé bheith scaoilte amach arís chun ceol beo a sheimint agus a  bheith i measc mo chairde arís. Is seod gach nóta as seo amach. Saoirse!

Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2022?

Go pearsanta, go raibh féilte ceoil thar n-ais, ar nós Féile na Bealtaine, Scoil Cheoil an Earraigh, Body & Soul agus Belfast Tradfest agus a bheith páirteach iontu, mar aon le mo leanaí!

Go forleathan, táim ag baint ana-shásamh as a bheith ag foghlaim fén eolas ar fad atá á bhailiú sa spás, uisce ar ghealach Shatairn, an chéad phictiúr den Pholl Dubh, astaróideach bogtha ag NASA. Is aoibhinn liom ‘sci-fi’ agus is breá liom a bheith ag léamh fé na fionnachtana nua seo a thugann dóchas don gcine daonna amach anseo.

Agus, gan dabht, Ciarraí ag buachtaint Chraobh na hÉireann sa chaid!

Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2022?

An cogadh san Úcráin. Tá daoine uaisle ón Úcráin inár measc anso i gCorca Dhuibhne agus a scéalta truamhéalacha inste acu dom. Briseann sé mo chroí sa lá atá inniu ann go bhfuil a leithéid de scrios agus foréigin mar sin ag tarlúint.

Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2022?

Bíonn rudaí maithe mall! Do múineadh foighne dom le cúpla bliain anuas agus d’fhoghlaimíos conas a bheith misniúil.

Ar éirigh leat déanamh de réir aon rúin a bhí agat ag tús na bliana 2022?

D’éirigh! Theastaigh uaim Róisín ReImagined a chuir os comhair lucht éisteachta beo, agus tá sé anois de rún agam é a thabhairt ar an mbóthar aige baile agus thar lear.

Fág freagra ar '‘Ní dhearúdfad go deo conas mar a bhraith sé a bheith scaoilte amach chun ceoil’ – Muireann Nic Amhlaoibh'