Muintir na hÉireann ag triall ar na botháin vótála agus go leor roghanna rompu

Déanfaidh toghthóirí cinneadh inniu sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha agus i reifreann faoin gcolscaradh

Muintir na hÉireann ag triall ar na botháin vótála agus go leor roghanna rompu

Pictiúr: Sasko Lazarov/Photocall Ireland

Ag triall ar na botháin vótála a bheidh muintir na hÉireann inniu chun a dtoil a chur in iúl sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha agus i reifreann faoin gcolscaradh.

Beidh muintir Luimnigh, Phort Láirge agus cathair Chorcaí ag vótáil chomh maith faoi cé acu ar mhaith nó nár mhaith leo féin méara a thoghadh.

Ní bheidh na chéad torthaí ann go dtí an lá amárach, ach fógrófar anocht torthaí pobalbhreith iarvótála de chuid RTÉ agus TG4. Cuirfidh na craoltóirí Páidí Ó Lionáird agus David McCullagh torthaí na pobalbhreithe, a dhéanfaidh Red C, i láthair ar an Late Late Show ar RTÉ anocht.

Ag 9am maidin amárach a osclófar na boscaí ballóide. Déanfar na páipéir vótála éagsúla a scaradh óna chéile ar dtús sula gcromfar ar an gcomhaireamh do na toghhcáin áitiúla, don reifreann agus do vóta na méaraí.

Maidin Dé Domhnaigh a thosófar ag comhaireamh na vótaí i dtoghcháin na hEorpa agus ní fhógrófar aon toradh sna trí thoghcheantar go mbeidh deireadh leis an vótáil i ngach ballstát ag 10pm an oíche sin.

Beifear ag súil le roinnt torthaí ó na toghcháin áitiúla faoi thráthnóna amárach ach beidh sé ina Dhomhnach sula mbeidh a bhformhór ar fáil agus an tseachtain seo chugainn, b’fhéidir, sula mbeidh a ndeireadh againn.

Sna toghcháin áitiúla, toghfar 949 duine  ar 31 údarás áitiúil i 166 toghcheantar ar fud an Stáit. 1,977 iarrthóir atá ag dul sa ghleo.

Toghfar chomh maith 13 feisire chuig Parlaimint na hEorpa i dtrí thoghcheantar, Baile Átha Cliath, Lár Tíre-Iarthuaisceart agus Deisceart. 17 iarrthóir atá i dtoghlach Láir Tíre-Iarthuaiscirt, mar a bhfuil ceithre shuíochán, 23 atá san iomaíocht sa Deisceart, mar a bhfuil cúig shuíochán, agus 19 atá sa tóir ar an gceithre shuíochán atá ar fáil san ardchathair.

Tá dhá fheisire sa bhreis á dtoghadh an géabh seo, duine i mBaile Átha Cliath agus duine sa Deisceart, toisc go bhfuil rún ag an Ríocht Aontaithe imeacht as an Aontas Eorpach agus go mbeidh cuid den ionadaíocht atá acu sa pharlaimint á roinnt ar na ballstáit eile dá réir.

27 den 73 suíochán atá ag an mBreatain a roinnfear ar bhallstáit eile agus beidh an chuid eile á gcoinneáil d’aon tíortha nua a bhainfidh ballraíocht amach san Aontas.

Vótáil muintir an Tuaiscirt, mar a bhfuil trí shuíochán, sna toghcháin Eorpacha inné.

Ní dhéantar aon chomhaireamh toghcháin ó thuaidh ar an Domhnach rud a fhágann go mbeidh moill ar na torthaí ansin.

Ó tharla nár cuireadh an Breatimeacht i bhfeidhm go fóill, reáchtáladh toghcháin na hEorpa sa Bhreatain inné, rud a fhágann nach mbeidh na feisirí breise a thoghfar i dtoghcheantair Bhaile Átha Cliath agus an Deiscirt ag freastal ar an bparlaimint nó go n-imeoidh an Bhreatain ón Aontas, má tharlaíonn sin.

Sa reifreann atá á reáchtáil inniu, fiafrófar de dhaoine ar mian leo go n-athrófaí an bunreacht maidir leis an tréimhse ama is gá roimh iarratas a dhéanamh ar cholscaradh agus maidir leis an stádas atá ag colscaradh a ceadaíodh thar lear.

Idir an dá linn, meastar gur inné an lá deiridh a raibh ar 2,000 duine atá ina gcónaí ar oileáin amach ó chósta na hÉireann vóta a chaitheamh lá roimh an gcuid eile den tír. 

Ghlac an Rialtas an mhí seo caite le reachtaíocht a thabharfadh an deis dóibh vótáil an lá céanna leis an gcuid eile den stát.

An Teachta Dála agus iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív a dhréachtaigh an reachtaíocht ar glacadh leis ag cruinniú rialtais. 

Craolfar ceithre chlár sa tsraith Vóta 2019 ar TG4 le linn an deireadh seachtaine – dhá cheann Dé Sathairn, idir 11:30am – 1:30pm agus  5.00 – 6.00pm agus dhá cheann Dé Domhnaigh idir 11.00am – 1.00pm agus idir 7.00pm – 8.00pm.

Beidh tuairiscí agus anailís ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ar na toghcháin i gcaitheamh an deireadh seachtaine go léir, ag tosú le Lá an Chomhairimh maidin amárach. 

Fág freagra ar 'Muintir na hÉireann ag triall ar na botháin vótála agus go leor roghanna rompu'