Muintir Ghaoth Dobhair ar Top of the Pops i gclár taitneamhach faoi amhránaí ar leith

Agus Clannad 50 bliain ar an bhfód ba thráthúil an clár faisnéise suimiúil macánta ‘Moya’ ar TG4

Muintir Ghaoth Dobhair ar Top of the Pops i gclár taitneamhach faoi amhránaí ar leith

Is minic go dtagraítear do Mhoya Brennan mar bhanríon an cheoil Cheiltigh agus tugann an clár faisnéise Moya (TG4, aréir) léiriú grinn ar bhunús an ómóis sin. Is deacair a chreidiúint go bhfuil caoga bliain gafa tharainn ó thosaigh Clannad ar a n-aistear sainiúil ceoil. Is tráthúil an mhaise é go mbeadh clár faoi Mhoya agus banna ceoil a muintire ag teacht os ár gcomhair mar sin.

Ag tosach an chláir címid Moya ag tabhairt faoi Shráid an Bhiocáire in 2019 agus gradam saoil á ghlacadh aici ó Ghradaim Cheol Tíre RTÉ. Níos faide anonn címid go bhfuil Moya agus a fear Tim Jarvis ag fágaint an tí i nDún Laoghaire le tabhairt faoi Dhún na nGall, fód dúchais Mhoya. Tá uirthi seo a dhéanamh ar chúinsí sláinte agus galar scamhóg ag cur as di.

Deir sí féin go bhfuil sí imithe i gciorcal agus is cuí sin óir gur mhúnlaigh cultúr, teanga agus traidisiúin cheoil Ghaeltacht Thír Chonaill stíl Chlannad agus Mhoya. Tagraíonn cuid mhaith de na cainteoirí do ghuth neamhshaolta, rúndiamhrach Mhoya. Deir Damien Dempsey gur nasc leis an saol eile é agus d’admhaigh Bono go raibh ar a chairt a tharraingt go taobh an bhóthair nuair a chuala sé í den chéad uair mar nach raibh aon rud mar é cloiste cheana aige.

Bhaineadar a gcasadh féin as an traidisiún agus seánraí ceoil á sníomh le chéile acu i gcaitheamh na mblianta; an ceol nua-aoise, ceol tíre, rac tíre, agus ceol Ceilteach. Ba cheárta ceoil é teach tábhairne a muintire, Teach Leo i nGaoth Dobhair. An Ghaeilge i lár an aonaigh, sna blianta tosaigh ach go háirithe.

Is amhrán le liricí Gaeilge, Theme from Harry’s Game, an saothar is cáiliúla dá gcuid is dócha agus baineann Bono súp as amhrán Gaeilge a bheith le cloisint ar Top of the Pops. Bronnadh gradam Ivor Novello orthu agus tháinig gradaim eile de réir a chéile, duais Bafta dá gcuid oibre ar Robin of Sherwood agus gradam Grammy dá n-albam Landmark.

Éiríonn leis an stiúrthóir Brian Reddin meitheal bhreá a bhailiú le chéile le paistí cainte a dhéanamh faoi Mhoya mar aon le dreas ceoil is amhránaíochta a dhéanamh léi. Is deas mar a deineadh na míreanna ceoil is amhránaíochta seo a chniotáil isteach sa chlár agus thaitin leagan Mhoya agus Damien Dempsey de Raglan Road/Fáinne Geal an Lae liom go háirithe. Tá Maighréad Ní Dhomhnaill, Máiréad Ní Mhaonaigh, agus máthair Moya, Baba, ina measc siúd a ndéantar agallaimh leo as Gaeilge.

Ní leasc leis an gclár ná le Moya labhairt faoi na fadhbanna pearsanta a bhí aici. Admhaíonn sí nár dhein sí “jab maith” dá céad phósadh agus labhraíonn sí go hionraic faoi na fadhbanna dí agus drugaí a bhí aici. Insíonn sí dúinn gur thosaigh an taoide ag casadh di nuair a d’fhill sí ar an gcreideamh.

Clár taitneamhach, stóinsithe a thugann cuntas ar bhanna agus amhránaí ar leith.

Fág freagra ar 'Muintir Ghaoth Dobhair ar Top of the Pops i gclár taitneamhach faoi amhránaí ar leith'