‘Múineann gá seift’ teachtaireacht na vótóirí agus na páirtithe ag dul i mbun cainte arís

Agus tús á chur le cainteanna polaitiúla ó thuaidh arís, tá na páirtithe ar fad deimhin de gur thug na vótóirí teachtaireacht shoiléir dóibh…

‘Múineann gá seift’ teachtaireacht na vótóirí agus na páirtithe ag dul i mbun cainte arís

‘Ní mór dúinn a raibh le rá ag na vótóirí a scagadh agus sinn ag tabhairt aghaidh ar chainteanna Stormont.’

‘Déanfaimid ár machnamh faoi theachtaireacht na vótóirí.’ ‘Bhí an teachtaireacht soiléir.’ ‘Bhí an pobal tuirseach den phairilis in Stormont.’

Ar chéad amharc shílfeá gurb é an rud céanna a bhí á rá ag gach páirtí i ndiaidh thoghcháin na n-údarás áitiúil. Arbh é, áfach? Ar thug siad go léir aghaidh ar an gcéad bhabhta de chainteanna ollpháirtí faoi anáil an bhreithiúnais a tugadh orthu san vótáil an tseachtain seo caite? Ar athraigh aon pháirtí a phort nó spalla ar bith dá phort? I bhfírinne an bhfuil a fhios ag éinne céard a bhí á rá ag na vótóirí?

Más é marú an iriseora Lyra McKee agus briathra an tsagairt ar a sochraid a ghríos toghthóirí, nó má bhí cúiseanna iomadúla eile acu, bhain siad geit as na páirtithe. Tháinig siad aniar aduaidh ar na tráchtairí freisin ach is é brí an tsainordaithe do na polaiteoirí atá tábhachtach. Níor chrith talún polaitiúil é an toradh ach briseadh an patrún a bhí i réim le cúig bliana déag.

Ní fios an buanbhriseadh nó sneachta samhraidh é an méadú mór ar neart an Alliance, Chomhaontas Glas agus Pobal Roimh Bhrabach.

Thit vóta na bpáirtithe aontachtacha ina iomláine go 41.6%, an sciar is lú riamh acu. Mar sin féin, bhí méadú 1% ar vóta an DUP, a chaill suíocháin dá ainneoin, agus laghdú a bhí ann i gcás an UUP, an TUV, PUP agus UKIP. Thit céatadán Shinn Féin den vóta go 23.2%, an leibhéal is isle ó 2005, agus 37.7% a fuair na páirtithe náisiúnacha in iomláine má áirítear Pobal Roimh Bhrabach ina measc.

Tá ord na bpríomhpháirtithe mar a bhí ach stangadh bainte astu. Tá an DUP i dtús áite le 122 comhairleoir as an 462 – sin laghdú 8 suíochán. Tá Sinn Féin sa dara háit le 105 suíochan, gan athrú, theip orthu suíochán breise ar bith a bhaint. Tá an UUP i bhfad siar le 75 suíochán – sin titim thubaisteach 13 suíochán. Tá an SDLP sa cheathrú háit le 59 comhairleoir –laghdú seacht suíochán.

Ach ba é páirtí an Alliance buaiteoir mór an toghcháin; mhéadaigh sé líon a chuid suíochán ó 32 go 53 le 11.5% den vóta (méadú 4.8%). Thairis sin ghnóthaigh siad dhá shuíochán taobh thiar den Bhanna – ar Chomhairle Dhoire agus an tSratha Bháin agus ar Chomhairle Fhear Manach agus na hÓmaí.

Neartaigh sé Naomi Long agus a foireann ag tabhairt aghaidh ar na cainteanna ollpháirtí. Neartaíodh bean eile freisin, Claire Bailey a bhí i mbun toghcháin den chéad uair ó tháinig sí i gceannas ar Chomhaontas Glas. Mhéadaigh siad líon a gcuid suíochán ó 4 go 8. Mheas roinnt go raibh an bheirt bhan sin níos ádhúla ná ceannaire Shinn Féin. Ba é seo an dara toghchán ag Mary Lou McDonnell mar uachtarán Shinn Féin. Tar éis drochiarrachta i dtoghchán na hUachtaránachta anuraidh, bhí an páirtí sa tóir ar shuíocháin bhreise abhus ach níor éirigh leo.

Is léir nach bhfuil na vótóirí chomh sásta leis an DUP agus Sinn Fein is a bhí siad i dtoghchán Westminster dhá bhliain ó shin. Gan dabht beidh an dá pháirtí san airdeall faoi sin do thoghchán Pharlaimint na hEorpa i gceann coicíse agus beidh na páirtithe eile ag faire a ndeis chun an tríú suíochán a bhaint. Ní chuirfeadh sé iontas ar éinne dá dtiocfaidh toghchánaíocht don dreas vótála sin salach ar na hiarrachtaí chun sáinn Stormont a fhuascailt.

Cuireadh ceann leis an dreas cainte seo – ní mé ar dreas idirbheartaíochta a bheidh ann – agus gach cosúlacht ar an scéal go raibh an DUP agus Sinn Féin ag cur cos i dtaca. D’ainneoin ochtar comhairleoirí a bheith caillte acu mhaígh an DUP gur chruthaigh a stádas mar an páirtí is mó gur theastaigh óna lucht tacaíochta go mbeidís dílis dá ngeallúintí. Ba é a bhí i gceist leis sin nach mbogfadh an DUP óna seasamh anuraidh nuair a thug siad an t-eiteachas do mhargadh le Sinn Féin mar go raibh Acht Gaeilge do-ghlactha.

I ndiaidh chomhaireamh na vótaí ag deireadh na seachtaine seo thart dúirt Sinn Féin gur dhíol suntais é go raibh móramh na bpáirtithe a toghadh i bhfabhar na gcearta atá á n-éileamh acusan. Chomh maith le Sinn Féín tá SDLP, Alliance, Comhaontas Glas agus Pobal Roimh Bhrabach i bhfabhar Acht Gaeilge agus pósadh comhghnéis. Tá móramh ag na páirtithe in éadan an Bhreatimeachta freisin.

Tá na páirtithe ar fad deimhin de gur dhúirt na vótóirí leo a dhul ar ais ag obair in Stormont. Is léir go bhfuil sé sin fíor. Ach cé na coinníollacha faoina ndéanfaidís sin?

Gan aon réamh-mhargadh mar a theastaíonn ón DUP? Drochsheans go bhféadfadh éinne muinín a bheith acu go mbeadh rath air sin. An bhféadfaí a bheith cinnte nach n-úsáidfeadh an DUP, le tacaíocht ó dhuine nó beirt de na haontachtaithe eile an veto, an achainí chásmhaireachta chun vótaí an mhóraimh a chur ar ceal. Ní bheidh sé furasta dóthain muiníne a chothú i measc na bpáirtithe chun an tsáinn a fhuascailt. Mhol ceannaire an SDLP, Colum Eastwood go gcuirfí an achainí chásmhaireachta ar fionraí go dtí an chéad toghchán tionóil eile chun deis a thabhairt dóibh filleadh ar Stormont. Níor glacadh lena mholadh cé nár cuireadh as an áireamh ar fad é. Beifear ag scrúdú moltaí éagsúla sna laethanta beaga amach romhainn ach tá a fhios ag gach éinne gur gá socrú a bhfuil téagar ann; ní leor na caoirigh a chur thar abhainn d’aon lá amháin.

Tá seift riachtanach chun na bearnaí a chúngú agus chun creatlach iontaofa a thógáil.

Seans gurb é an rud is soiléire a dúirt na vótóirí ‘múineann gá seift’.

Chífimid an ndéanfar rud orthu.

Fág freagra ar '‘Múineann gá seift’ teachtaireacht na vótóirí agus na páirtithe ag dul i mbun cainte arís'