Muidne go léir pobal Rónáin Mhic Aodha Bhuí – muidne a leac chuimhneacháin

Duine agus craoltóir eisceachtúil ab ea Rónán Mac Aodha Bhuí a thug misneach do chraoltóirí eile, do cheoltóirí, gníomhaithe, foghlaimeoirí agus cainteoirí dúchais

Muidne go léir pobal Rónáin Mhic Aodha Bhuí – muidne a leac chuimhneacháin

Tháinig an scéal chugainn ar Tús Áite ag a ceathair a clog tráthnóna Dé Máirt go raibh Rónán Mac Aodha Bhuí imithe uainn.  Ní raibh sé fógartha go poiblí agus mar sin b’éigean dúinn cúpla nóiméad a ghlacadh le déileáil leis an scéal, agus ansin luí isteach ar ghnátheagrán de Tús Áite, rud a bhí saghas osréalaíoch nuair a bhí Ard-Rí na Gaeilge ar lár.  Ach Rónán féin a thuigfeadh go gcaithfí an seó a choinneáil ar an mbóthar.

Chuir mé aithne ar dtús ar Rónán ag tús na nóchaidí nuair a bhí mise i mo mhac léinn ollscoile agus bhí seisean ag craoladh anseo le RTÉ Raidió na Gaeltachta i mBaile Átha Cliath.   Bhí sé fial flaithiúil i gcónaí ag iarraidh misneach agus spreagadh a thabhairt do chraoltóirí agus do Ghaeil óga.  Chabhraigh sé liom  seal taithí oibre a fháil le Raidió na Gaeltachta i mBaile Átha Cliath.  Tháinig sé amach go campas DCU i nGlas Naíon le bheith mar aoi ar chlár raidió a chuir mé i láthair ar stáisiún raidió na mac léinn.  Ach níor thuig mé an t-am sin chomh maith is a bhí Rónán i ndáiríre mar chraoltóir.   Is de réir a chéile, thar na blianta, a thuig mé chomh heisceachtúil is a bhí sé.

Thóg sé blianta fada orm an rud a thuig Rónán ón tús a thuiscint nach bhfuil i go leor de choinbhinsiúin na craoltóireachta ach coinbhinsiúin agus nach rialacha iad ar gá cloí go docht leo. D’fhoghlaim mé uaidh  go bhfuil sé i bhfad níos tábhachtaí caidreamh a bheith agat leis an bpobal éisteachta ná a bheith ag iarraidh aithris a dhéanamh ar stíl chraoltóireachta éigin a shíleann tú a bheith ‘gairmiúil’.

D’fhás mé aníos i dtigh i mBaile Átha Cliath nár labhraíodh ach Gaeilge amháin eadrainn fhéin, ach ina ainneoin sin ní bhíodh Raidió na Gaeltachta ar siúl sa tigh againn.  Níor mhothaíomar gur bhain sé linn ná lenár saol.

Ansin sna nóchaidí tosaíodh ar roinnt cláracha á chraoladh ó Bhaile Átha Cliath a bhí mealltach do mo leithéidse.  Ach ba é Rónán Mac an Bhuí an chéad chraoltóir Gaeltachta, a bhí ag craoladh ó chroílár na Gaeltachta, a bhí préamhaithe go hiomlán sa phobal Gaeltachta sin, ar mhothaigh mé nach raibh mé ag éisteacht isteach leis ón taobh amuigh.  An cleas a bhí ag Rónán ná gur chruthaigh sé pobal timpeall ar an gclár ar shlí nár éirigh le láithreoir ar bith eile, ón nGaeltacht nó lasmuigh di, a dhéanamh.

Mhothaíomar ar fad go rabhamar mar chuid den phobal sin.  Ba é Rónán a chuir tús le mo thuras i dtreo Raidió na Gaeltachta, stáisiún nach raibh mar chuid de m’óige, ach a mhothaím sa bhaile ann anois.

D’oibrigh mé le go leor craoltóirí cumasacha i saol an Bhéarla thar na blianta –  Joe Duffy, Pat Kenny, Dave Fanning, Vincent Browne, Tom McGurk, Rachael English agus go leor eile –   agus ní mar mhasla ar éinne acu siúd é a deirim go raibh Rónán Mac Aodha Bhuí níos fearr ná éinne acu.

Ní bhfuair sé an cháil, an t-aitheantas ná an t-airgead a bheadh ag dul do ‘thallann’ dá leithéid a bheadh ag craoladh i mBéarla.  Ach ba chuma le Rónán faoi cháil nó aitheantas nó saibhreas.  Bhí a chroí istigh sa Ghaeltacht, sa Ghaeilge, i ndaoine, idir óg agus aosta, sa cheol, sa chomhluadar.

Bhí a chroí istigh sa phobal agus ba muidne go léir a phobal.

Na Gaeil ar fad ar chabhraigh Rónán leo nó ar thug sé misneach dóibh, na craoltóirí, na ceoltóirí, na gníomhaithe, na foghlaimeoirí agus na cainteoirí dúchais – is muidne a leac chuimhneacháin.

Fág freagra ar 'Muidne go léir pobal Rónáin Mhic Aodha Bhuí – muidne a leac chuimhneacháin'

  • Traolach Ó Sioradáin

    Tá an ceart ar fad agat. Maith thú.

  • Déaglán Ó Connachtáin

    Píosa an-mhhothúchánach croíuil ar fad, a Fhachtna. Beannacht Dé leis go deo.

  • Lonán Fiach Ó Lorgnáin

    Cásaím bás Rónáin leatsa agus leis na Gaeil i gcóngar ⁊ i gcéin – a d’ḟáiltíodh sé romhainn anall🤲