Mórbhailiúchán de bhéaloideas Árann ar fáil ar líne den chéad uair

Tá obair ar bun ón mbliain 2000 ar Bhailiúchán Béaloidis Árann, an t-aon mhórbhailiúchán de bhéaloideas an oileáin a bhailigh na hoileánaigh féin ariamh

Mórbhailiúchán de bhéaloideas Árann ar fáil ar líne den chéad uair

Justin Ó Gliasáin DCU le Bairbre Uí Chonaill agus Áine Uí Fhlaithearta BBÁ

Tá léargas cuimsitheach ar phobal agus ar stair Inis Mór ar shuíomh nua idirlín ar a bhfuil mórbhailiúchán de bhéaloideas ón oileán Gaeltachta.

Tá teacht ar bhreis is 100 taifeadadh fuaime, na céadta grianghraf agus roinnt físeán ar shuíomh Bhailiúchán Béaloidis Árann, ar a bhfuil béaloideas cruinnithe ó Inis Mór, an ceann is mó de na trí Oileán Árann.

Tá obair ar bun ón mbliain 2000 chun an t-ábhar a bhailiú agus is é Bailiúchán Béaloidis Árann an t-aon mhórbhailiúchán de bhéaloideas an oileáin a bhailigh na hoileánaigh féin ariamh.

Fuair an bailiúchán tacaíocht ó leithéidí, an grianghrafadóir Bill Doyle, an scríbhneoir Tim Robinson, agus an teangeolaí, an Dr. Séamas Ó Direáin, a bhfuil, nó a raibh, ceangal láidir acu uile leis an oileáin.

Is iad Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, (DCU), agus Cnuasach Bhéaloideas Éireann (UCD), agus lucht dúchas.ie, a d’fhorbair an suíomh nua.

Dar le bunaitheoirí Bhailiúchán Béaloidis Árann, bunaíodh an bailiúchán chun go gcaomhnófaí béaloideas an oileáin don chéad ghlúin eile agus chun go mbeadh teacht ar ábhar béaloidis an oileáin san oileán féin.

Cé go bhfuil sé mar sprioc an bailiúchán féin a chur in aon áit amháin ar Inis Mór amach anseo, tá súil ann go dtabharfaidh an suíomh nua deis do phobal Árann ar fud na cruinne teacht go héasca ar a n-oidhreacht féin.

Dúirt an coimeádaí digiteach ar an tionscadal, Deirdre Ní Chonghaile:

“Cé nach bhfuil baile buan oileánda ag an mbun-bhailiúchán féin go fóill, maireann dóchas go dtiocfaidh a lá. Idir an dá linn, is cinnte go mbainfidh daoine go leor tairbhe agus taitneamh as an acmhainn nua seo agus go spreagfaidh dílseacht agus cruthaitheacht na mban a cheap Bailiúchán Béaloidis Árann pobail eile.”

Tá an suíomh idirlín á sheoladh ag an Dr. Críostóir Mac Cárthaigh, Stiúrthóir Chnuasach Bhéaloideas Éireann, in Kilmurvey House in Árainn tráthnóna inniu, Dé hAoine an 6 Eanáir, ag 2.30pm.

Fág freagra ar 'Mórbhailiúchán de bhéaloideas Árann ar fáil ar líne den chéad uair'

  • Peter Groarke

    Is maith an t-alt ach is cosúil nach bhfuil an suíomh bba as seirbhís…

  • Micilín

    Nasc mícheart san alt. Seo an nasc ceart: https://bba.duchas.ie/