Móramh ó dheas ar son na reachtaíochta Gaeilge ó thuaidh – pobalbhreith

Deir 54% de dhaoine a ghlac páirt i bpobalbhreith gur cheart cosaint sa dlí a thabhairt don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann

Móramh ó dheas ar son na reachtaíochta Gaeilge ó thuaidh – pobalbhreith

Deir tromlach de dhaoine ó dheas chóir cosaint sa dlí a thabhairt don Ghaeilge ó thuaidh, de réir pobalbhreith nua a rinne Amárach Research don chlár Claire Byrne Live.

De réir na pobalbhreithe, dúirt 54% de dhaoine gur cheart cosaint sa dlí a thabhairt don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann. Ní dúirt ach 23% nár chóir a leithéid de chosaint a thabhairt don teanga ó thuaidh agus ní raibh aon tuairim faoin scéal ag 23% díobh siúd a ceistíodh.

Tá ceist na reachtaíochta Gaeilge ó thuaidh go mór i mbéal an phobail thuaidh agus theas agus an t-éileamh ar chearta teanga do Ghaeilgeoirí ar an dris chosáin is mó roimh athbhunú fheidhmeannas Stormont.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald arís inné nach ndéanfaí an feidhmeannas a athbhunú gan geallúint go dtabharfar isteach acht teanga don Ghaeilge amháin.

D’fháiltigh Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, roimh thorthaí na pobalbhreithe ar maidin agus dúirt sé gur cruthúnas atá ann go bhfuil an pobal ó dheas “níos tuisceanaí” faoina a bhfuil ag tarlú maidir le cás na Gaeilge sa tsáinn pholaitiúil ó thuaidh “ná mar atá go leor tráchtairí atá ag plé leis an scéal”.

“Bheadh na torthaí ag teacht leis an dearcadh atá á léiriú dúinne ag an bpobal ó dheas faoin éileamh ar cheart teanga ó thuaidh. Seasann daoine leis an éileamh sin agus tuigeann siad níos fearr an scéal ná mar a thuigeann cuid mhaith tráchtairí ó dheas. Bheimis ag súil anois go dtabharfaí é sin san áireamh agus an scéal seo á phlé sna meáin,” a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Theip ar na cainteanna is déanaí maidir le hathbhunú an fheidhmeannais an tseachtain seo caite mar gheall ar easaontas faoi cheist an achta Ghaeilge. Agus teip na cainteanna á fógairt aici dúirt ceannaire an DUP, Arlene Foster, nach nglacfadh sí go deo le hacht don Ghaeilge amháin agus nár éirigh leis an dá pháirtí teacht ar réiteach mar gheall ar an gceist sin.

Glactar anois leis, áfach, go ndearna lucht idirbheartaíochta Shinn Féin agus an DUP dréachtmhargadh ina raibh réiteach ann faoi cheist an achta ach gurbh amhlaidh gur chinn ceannairí DUP gan an margadh sin a chur faoi bhráid a bpáirtí.

Fág freagra ar 'Móramh ó dheas ar son na reachtaíochta Gaeilge ó thuaidh – pobalbhreith'