Moltaí Karen Bradley – gníomh a bhfuil amhras faoi agus a rinneadh faoi dheifir

Ceist phá na dteachtaí tionóil is mó a chothaigh caint faoi mholtaí Karen Bradley ach ba shuntasaí an chuid eile dár fhógair sí

Moltaí Karen Bradley – gníomh a bhfuil amhras faoi agus a rinneadh faoi dheifir

Ba é an scéal mór sna cheannlínte gur fhógair Karen Bradley go ngearrfaí pá na mball tofa tionóil i ngeall ar an bpairilis pholaitiúil in Stormont. Bhí na beartais eile a d’fhógair sí níos suntasaí, áfach.

An dlí faoi thoghcháin a chur i leataobh, córas riaracháin nach riail dhíreach ná rialtas díláraithe é, rialacha na státseirbhíse a athrú. Pá na dteachtaí is mó a chothaigh caint agus bhí doiléire ag baint leis an gcuid eile dá raibh á mholadh aici. Bhí amhras ar dhaoine freisin faoina leithéid de scéal faoin gcuntasacht phoiblí in Stormont a bheith á dhéanamh, go tráthúil nó go míthráthúil, ar an lá ba dhrámatúla fós ag an bhfiosrú poiblí faoin RHI, an scéim fuinnimh inathnuaite chonspóideach ar deineadh praiseach de agus chosain go leor.

Ar fhógair an Státrúnaí na gníomhartha a dhéanfaidh sí i gceann míosa nó mar sin chun aird a tharraingt ó fhianaise Jonathan Bell ag an bhfiosrú faoina iar-chomhghleacaithe san DUP?

Má rinne bhí sé fánach aici.

Nó an amhlaidh gur fhógair sí beart ar fhaitíos go rialódh an chúirt an tseachtain seo chugainn go raibh a heaspa gnímh i dtaca leis an bhfolús polaitiúil neamhbhunreachtúil?

Bhí an ciorrú ar phá á éileamh go poiblí le fada agus an-chuid daoine ar buile go raibh íocaíochtaí leasa shóisialta don aicme is boichte á laghdú go forleathan fad is a bhí polaiteoirí nach ndearna a gcuid oibre le beagnach 600 lá ar lántuarastal. Moladh na ciorruithe i dtuarascáil oifigiúil i mí na Nollag seo caite agus bhí a bhfoighid caite ag an bpobal leis an Státrúnaí i bhfad ó shin agus daoine den bharúil go raibh an phairilis ina hoifig féin chomh dona le Stormont.

Nuair a d’fhógair sí an beart ar deireadh áfach, níor léir go raibh sí faoi réir chuige agus an chuma ar an scéal gur shocraigh sí faoi dheifir an fógra sin a dhéanamh. Tabharfaidh sí reachtaíocht isteach an mhí seo chugainn, tiocfaidh an chéad chéim de na ciorruithe pá i bhfeidhm an mhí dár gcionn agus beidh an dara céim ann dhá mhí ina dhiaidh sin. San iomlán laghdófar pá na bpolaiteoirí ó £49,000 go dtí thart ar £35,000.

Ba é a cinneadh go rithfeadh sí reacht chun cealú a dhéanamh ar an riachtanas go ngairfí toghchán, nó gcuirfí an riachtanas ar leataobh go ceann tamaill, ba mhó a chothaigh míshuaimhneas.

Is é an riachtanas toghchán a ghairm an t-aon smacht atá ag an bpobal ar an gcóras polaitíochta agus tá sí á bhaint sin díobh. Is conspóidí fós é an cinneadh nuair a chuirtear san áireamh go mbíonn próiseas comhairliúcháin i dTuaisceart Éireann faoi mhionchinntí. Níor thug sí míniú ar a cinneadh. Ní bheadh iontas orm dá dtabharfaí a dúshlán san Ard-Chúirt.

Tá amhras freisin faoin dara beart uaithi – reachtaíocht a rith chun ligint do státseirbhísigh cinntí a dhéanamh gan iad a bheith faofa nó údaraithe ag Aire. D’eascair sé sin as rialú Ard-Chúirte faoi loisceoir a cheadaigh státseirbhíseach ach go raibh formhór na bpolaiteoirí agus an phobail sa cheantar lenar bhain sé dubh dóite ina aghaidh. Chinn an chúirt nach raibh an chumhacht ag feidhmeannach an tionscnamh a cheadú as a stuaim féin. Thacaigh an Chúirt Achomhairc leis an gcinneadh. Da bhrí sin measadh nach bhféadfadh státseirbhísigh tionscnaimh mhóra a bhfuil éileamh ag an bpobal orthu a cheadú.

Tá croitheadh bainte as muinín an phobail sa státseirbhís in Stormont de bharr a bhfuil foghlamtha faoi chleachtais an tionóil le linn réimeas an DUP agus Sinn Féin. Ní dheachaigh an Státrúnaí Bradley i ngleic leis na ceisteanna a d’eascair as na cleachtais sin. Is léir gur gá an laincis atá ar chuid de na tionscnaimh a scaoileadh ach níl soiléire ar bith faoin a bhfuil beartaithe a dhéanamh.

Conas a chinnteoidh Bradley trédhearcacht agus cuntasacht phoiblí? Ní raibh de fhreagra aici ach go bpléifeadh sí é leis na páirtithe sna seachtainí sula gcuirfidh sí a bille faoi bhráid Westminster. Bhí sé fíoraisteach go raibh beartais chomh tromchúiseach sin á bhfógairt aici gan iad a bheith pléite cheana féin.

Gníomh é a bhfuil amhras faoi, gníomh a rinneadh faoi dheifir agus a mbeidh ciallachais thromchúiseacha aige nach bhfuil scagadh ná miondealú déanta ag an Státrúnaí orthu de réir cosúlachta. Tá córas riaracháin éifeachtach dlite don bpobal agus caithfear fáiltiú roimh iarrachtaí chun a dhul i ngleic leis an bhfolús polaitiúil. Bhí sé thar am gnímh, ach ní leor sceach i mbéal bearna, nó ní maith bearta a chuirfeadh an daonlathas as a riocht níos measa ná mar a bhí sé de dheasca an fholúis.  Nó ní leor beartais gur dócha nach seasfadh an chéad dúshlán cúirte.

Fág freagra ar 'Moltaí Karen Bradley – gníomh a bhfuil amhras faoi agus a rinneadh faoi dheifir'