Moltaí faoi Chairt Teanga do chomhlachtaí príobháideacha agus ról na n-oifigeach Gaeilge le plé sa Dáil inniu

Leanfar le Céim an Choiste den Bhille Teanga sa Dáil tráthnóna agus 

Moltaí faoi Chairt Teanga do chomhlachtaí príobháideacha agus ról na n-oifigeach Gaeilge le plé sa Dáil inniu

Dá nglacfaí le leasú ar an reachtaíocht teanga atá le plé sa Dáil inniu, leagfaí dualgas ar bhall sinsearach foirne i ngach Roinn Stáit agus i ngach comhlacht poiblí postanna a mbeadh riachtanas Gaeilge ag dul leo a shainaithint.

Léirigh scéal a bhí ag Tuairisc.ie inné nach raibh ach 88 post ann a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leo, 38 post i Roinn na Gaeltachta sna Forbacha i gConamara san áireamh.

Leanfar le Céim an Choiste den Bhille Teanga sa Dáil tráthnóna agus ar na leasuithe ar an mbille a phléifear, tá ceann a mholann go ndéanfaí Cairt Teanga a dhaingniú sa reachtaíocht.

De réir na Cairte, atá á moladh ag Teachtaí de chuid Shinn Féin, chuirfí dualgais i dtaobh cearta teanga ar chomhlachtaí príobháideacha, amhail comhlachtaí sláinte, airgeadais, ceardchumainn agus gnóthaí eile

Cé go bhfuil an leasú dícheadaithe ag Oifig na mBillí toisc nach bhfuil cead ach ag aire nó aire stáit leasú a mholadh ar bhille má shíltear go ndéanfadh an leasú sin éileamh breise ar an státchiste, tá sé i gceist an leasú maidir leis an gCairt Teanga a phlé leis an Aire Stáit tráthnóna.

Moltar sa Chairt go mbeadh dualgas ar chomhlachtaí príobháideacha seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil don phobal agus go mbeadh ceart ag daoine atá ag obair sa Ghaeltacht a gcuid oibre a dhéanamh i nGaeilge.

Thabharfadh an Chairt an ceart chomh maith do gach duine oideachas trí Ghaeilge a fháil.

Moladh eile atá déanta ag Sinn Féin, agus atá ceadaithe ag Oifig na mBillí, go gceapfaí duine ón bhfoireann shinsir bainistíochta mar oifigeach Gaeilge i ngach comhlacht poiblí agus roinn stáit.

Bheadh an duine sin freagrach as dualgais an chomhlachta ó thaobh na Gaeilge a chomhlíonadh agus chaithfí tuarascáil a réiteach gach sé mhí do cheann an chomhlachta phoiblí ina dtabharfaí eolas faoin dul chun cinn a bheadh á dhéanamh maidir le dualgais an chomhlachta ó thaobh na teanga.

Reáchtálfar an tríú cruinniú de Chéim an Choiste den Bhille Teanga sa Dáil tráthnóna. 

Níor phléadh ach deich gcinn den 308 leasú atá molta ar an mbille ag an dá chruinniú a bhí ann Dé hAoine seo caite.

Cé go bhfuil breis is 90 leasú dícheadaithe ag Oifig na mBillí, tá sé i gceist go fóill na leasuithe sin a phlé le linn na gcruinnithe. Mura ndéantar plé ar leasú ag Céim an Choiste, níl cead é a phlé ag an gcéad chéim eile d’aistear an bhille, Céim na Tuarascála.

Níor ghlac Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers le haon cheann de na leasuithe a moladh an tseachtain seo caite ach meastar go nglacfaidh sé lena chéad cheann ag cruinniú an lae inniu – ceann atá molta aige féin chun sainmhíniú a dhéanamh ar na focail ‘foirm oifigiúil’ sa bhille.

Leasuithe teicniúla iad go leor de na leasuithe a bheidh á bplé inniu.

De réir leasuithe áirithe, mar shampla, d’aistreofaí an fhreagracht as cur i bhfeidhm an Achta Teanga ó Airí Rialtais go dtí ard-rúnaithe na Ranna Stáit.

Ar na leasuithe a d’fhéadfaí a phlé inniu, má éiríonn leis an Roghchoiste dul chomh fada leo, tá roinnt leasuithe a neartódh na dualgais teanga atá ar Thithe an Oireachtais féin.

Baineann leasuithe eile leis an gcumhacht a bhíonn ag an Aire Airgeadais i dtaobh an státchiste sa reachtaíocht ach meastar gur beag plé a dhéanfar orthu sin.  

Idir an dá linn, bhí cruinniú príobháideach ag Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge an tseachtain seo faoi líon na leasuithe ar an mBille Teanga a dícheadaíodh.

Aontaíodh go scríobhfadh Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Aengus Ó Snodaigh, chuig an gCeann Comhairle ag iarraidh air imscrúdú a dhéanamh ar na leasuithe a dícheadaíodh.

Dúradh go bhfuil gá le hathbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar chóras agus ar fheidhmiú na ndícheaduithe ina n-iomláine, agus tá sé molta ag an Roghchoiste don Cheann Comhairle an t-athbhreithniú sin a chur i gcrích.

Tá imní mhór ar chomhaltaí an Roghchoiste go bhfuil an córas dícheadaithe, mar atá sé á fheidhmiú faoi láthair, ag cur laincisí nach gá ar an bpróiseas daonlathach agus ar dhualgas na gcomhaltaí féin gach leasú a phlé leis an Aire, agus forálacha an Bhille Teanga agus forálacha billí eile a fheabhsú.

Dúirt an Teachta Ó Snodaigh le Tuairisc.ie go raibh súil aige freagra a fháil ón gCeann Comhairle an tseachtain seo chugainn.

Fág freagra ar 'Moltaí faoi Chairt Teanga do chomhlachtaí príobháideacha agus ról na n-oifigeach Gaeilge le plé sa Dáil inniu'

  • Sibéal

    Céard faoi na páirtithe polaitíochta faoin Chairt Teanga?
    An gcuirfí dualgas ar Sinn Féin agus ar Fine Gael de réir na Cairte Teanga , atá á moladh ag Teachtaí de chuid Shinn Féin suiomhanna idirlin atá go hiomlán dhátheangach a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí.
    https://www.sinnfein.ie/
    https://www.finegael.ie/
    https://www.sinnfein.ie/ga/

  • Éilís Ní Anluain

    Dá mbeadh téacs dhá -theangach riachtanach ar phacáistí mar atá i gCeanada agus san Bheilg mar shampla, bheadh an Ghaeilge i bhfad níos feiceálaí – agus ní mar ornáid amháin.