Moladh fíneáil €5,000 a thabhairt isteach d’fhostóirí a chuirfeadh cosc ar an nGaeilge

Cuirfear tús amárach sa Dáil leis an gcéad chéim eile d’aistear an bhille teanga trí Thithe an Oireachtais

Moladh fíneáil €5,000 a thabhairt isteach d’fhostóirí a chuirfeadh cosc ar an nGaeilge

Pictiúr: Sasko Lazarov/Photocall Ireland

Gearrfar fíneáil €5,000 ar aon fhostóir a chuirfeadh cosc ar oibrí an Ghaeilge a labhairt san ionad oibre má ghlactar le leasú atá molta ag roinnt Teachtaí Dála ar an acht teanga.

Cuirfear tús amárach sa Dáil leis an gcéad chéim eile d’aistear an bhille teanga trí Thithe an Oireachtais nuair a thosóidh Teachtaí Dála choiste na Gaeilge a gcuid plé faoin 300 leasú atá molta chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a neartú.

De réir ceann de na leasuithe sin, atá molta ag na Teachtaí Dála Catherine Connolly, Bríd Smith agus Aengus Ó Snodaigh, ní bheadh cead ag “aon fhostóir cosc a chur ar aon fhostaí dá chuid nó dá cuid an Ghaeilge a labhairt nó a scríobh nó an leagan Gaeilge de logainm Éireannach a rá nó a scríobh” agus iad i mbun a gcuid oibre.

De réir an leasaithe, sa chás go gcinnfeadh an Coimisinéir Teanga go raibh sárú déanta ag fostóir ar an dlí nua, d’fhéadfaí fíneáil €5,000 a ghearradh orthu de réir an leasaithe agus d’íocfaí an t-airgead sin leis an té a mbeadh sárú déanta ar a chearta.

Díol spéise an leasú seo chomh maith mar gur iarracht atá ann comhlachtaí príobháideacha a thabhairt faoi scáth na reachtaíochta teanga den chéad uair.

Bhí ceist úsáid na Gaeilge san ionad oibre go mór i mbéal an phobail roinnt blianta ó shin nuair a d’éirigh oibrí beáir i dteach tábhairne mór le rá i gcathair Chorcaí as a phost tar éis dó rabhadh a fháil gan Gaeilge a labhairt agus é ar dualgas.

In 2016 tharla easaontas idir Cormac Ó Bruic, ó Chorca Dhuibhne, agus úinéirí theach tábhairne an Flying Enterprise mar gheall ar nós an fhir óig a theanga dhúchais a labhairt agus é i mbun oibre.

Níl aon ní i reachtaíocht chomhionannais nó teanga na hÉireann a chuirfeadh bac ar fhostóir cosc a chur ar Ghaeilge sa láthair oibre. Faoin Acht um Chomhionannas Fostaíochta, níl an teanga atá ag duine nó grúpa luaite i measc na “bhforas idirdhealaitheach’.

De réir na míre san Acht ina leagtar amach na forais sin, bíonn leithcheal i gceist más rud é go ndéantar idirdhealú idir daoine ar bhonn inscne, stádas pósta, teaghlaigh, gnéaschlaonta, creidimh, aoise, míchumais, cine, nó más duine den Lucht Siúil atá i gceist.

Níl aon ní ach an oiread i reachtaíocht teanga na hÉireann a chuireann bac ar fhostóir cosc a chur ar an nGaeilge, cé go mbeadh a leithéid d’éileamh i gcoinne an dlí i ndlínsí eile, Ceanada agus an Bhreatain Bheag, mar shampla.

Dar le saineolaithe áirithe gur chóir a bheith cúramach faoin dlí comhionannais a leasú chun cearta teanga a chur san áireamh ar eagla go gcuirfí as don stádas bunreachtúil atá ag an nGaeilge mar phríomhtheanga an stáit.

Cuirfear tús le Céim an Choiste den Bhille Teanga amárach i seomra na Dála.

Shocraigh Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta, Aengus Ó Snodaigh an tseachtain seo caite go reáchtálfaí cruinnithe an Roghchoiste i seomra na Dála an mhí seo toisc nach féidir teacht le chéile i seomraí na gcoistí de bharr na srianta Covid-19 atá i bhfeidhm i dTithe an Oireachtais faoi láthair. 

Meastar go mbeidh an Roghchoiste in ann dhá chruinniú dhá uair an chloig a bheith acu sa Dáil gach Aoine. Bheadh briseadh idir an dá chruinniú chun cloí leis na srianta.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh roimhe seo go mbeadh obair mhíosa i gceist na leasuithe ar fad atá molta – tá breis agus 300 acu ann – a phlé.

Baineann cuid mhaith de na leasuithe le stádas na Gaeilge a neartú sa saol poiblí agus ar chomharthaí bóthair, foirmeacha oifigiúla agus fógraí.

Tá leasuithe molta ag go leor Teachtaí Dála a chinnteodh go mbeadh seirbhísí Gaeilge ar fáil do mhuintir na Gaeltachta ó chomhlachtaí poiblí.

Ag Oireachtas na Samhna 2011, a d’fhógair iar-aire stáit na Gaeltachta Dinny McGinley go rabhthas chun athbhreithniú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is mó moill a cuireadh ó shin ar an reachtaíocht nua atá le tabhairt isteach chun dualgais a leagan ar chomhlachtaí poiblí maidir le seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge

Fág freagra ar 'Moladh fíneáil €5,000 a thabhairt isteach d’fhostóirí a chuirfeadh cosc ar an nGaeilge'