Comhalta den PSNI a bhain mí-úsáid gháirsiúil as íomhánna de chorp briste as a phost – ach ar chúis eile.
Beirt phóilíní as Met Londan i bpríosún faoi phictiúir de choirp bheirt bhan a roinnt mar ‘ábhar grinn’.
Bhain gach ceann de na cásanna sin den mhuinín sna seirbhísí póilíneachta a bhí i gceist ach tá dochar sa bhreis déanta don PSNI ag moilleadóireacht dhothuigthe na seirbhíse i dtaca leis an mí-iompar.
Ó dheas tá Garda i bpríosún, é ciontaithe as smacht comhéigneach agus ciapadh ar bhean. Rinne a choireanna agus an úsáid a bhain sé as córas faisnéise na seirbhíse damáiste do cháil an Gharda Síochána ach tá creidiúint ag dul do na hoifigigh a láimhseáil an cás. I gcás an Met i Londain gearradh príosún i mí na Nollag seo caite ar an mbeirt a scaip teachtaireachtaí maslacha agus grianghraif de choirp na ndeirfiúracha Nicole Smallman agus Bibaa Henry a dúnmharaíodh in 2020. An tseachtain seo bhí grúpa eile, iarchomhalta agus beirt oifigeach reatha san Met, os comhair cúirte faoi theachtaireachtaí gránna, ciníocha; bhí siad sa ghrúpa Whatsapp céanna le Wayne Couzens, an póilín ar gearradh príosún saoil air anuraidh as dúnmharú agus éigniú Sarah Everard.
Is léir gur iompar uafásach é seo a rinne an-damáiste do cháil an Met agus an Gharda Síochána agus a chothaigh mímhuinín. Dá dhonacht iad na cásanna, áfach, caithfear a rá go ndeachaigh An Garda Síochána agus Póilíní Londan i ngleic leo réasúnta pras. Ní hionann agus an PSNI.
Fuair dhá theaghlach amach ó Ombudsman na bPóilíní gur baineadh mí-úsáid as pictiúir de choirp a ndaoine muinteartha.
Chuir Jim Lennon lámh ina bhás féin in 2012. Chuala a ghaolta in 2017 go raibh póilín á fhiosrú ag an Ombudsman faoi iarrachtaí chun íomhánna ó bhunachar an PSNI a roinnt le daoine eile. Dúirt deirfiúr an fhir mhairbh gur chrá croí sa mhullach ar a mbrón ab ea an scéal déistineach. Dúirt sí freisin nach raibh iontaoibh ar bith aici as an PSNI de bharr an scéil agus an chaoi ar láimhseáil siad é.
Ba iad muintir Lennon an dara teaghlach anseo le déanaí gur thug an Ombudsman eolas dóibh maidir le fiosrú faoi iompar den chineál céanna. Níos luaithe an mhí seo d’inis fear don BBC gur mharaigh a mhac é féin i mBéal Feirste in 2017. De réir an eolais a tugadh dó bhí beirt phóilíní á bhfiosrú. Ba iadsan a d’fhreastail ar an láthair, an seomra inar frítheadh a mhac marbh. Dúirt sé gur iarr siad air féin an seomra a fhágáil agus gur chosúil gur ansin a tharla an t-iompar conspóideach. Nocht siad baill ghiniúna an fhir mhairbh agus thóg grianghraif le roinnt ar líne. Cuireadh duine den bheirt ar fionraí fad is a bhí an cás á fhiosrú.
Sheol an tOmbudsman comhad chuig an tSeirbhís Ionchúisimh Phoiblí sa Mhárta. Níl cinneadh fógartha fós.
Tá duine amháin a bhí ar fionraí ar lánphá maidir le híomhánna a roinnt briste as a phost ag an bPríomh-Chonstábla ar chúis dhifriúil.
Chuir na líomhaintí faoin mí-iompar alltacht ar an bpobal. Níor thaise sin don alltacht a bhí ar dhaoine faoin fhad a thóg sé ar an PSNI gníomhú. D’aontaigh an móramh le hiarOmbudsman na bPóilíní, Nuala O’Loan a dúirt go raibh sé dochreidte gur thóg an cás an t-achar sin. Fiú nuair a chuirtear próis chuí san áireamh, a dúirt sí, conas a thógfadh sé cúig bliana, le comhalta ar fionraí ar lánphá, chun cinneadh a dhéanamh nach raibh an t-oifigeach seo feiliúnach mar phóilín.
Cibé cúis a bhí leis an mhoilleadóireacht tá ceisteanna le freagairt ag an PSNI, go práinneach. Conas is féidir leis seo tarlú? Arbh fhéidir claontacht na ndaoine seo a bhrath i bhfad níos luaithe? Nuair a cuireadh faoi agallamh agus faoi thástáil shíceolaíoch iad? Le linn a gcúrsa oiliúna?
N’fheadar. Seans nárbh fhéidir.
Ach nach gcoinnítear súil orthu ón uair a thugtar isteach sa tseirbhís iad? Nach ndéantar bainistiú agus treorú orthu? Ina dhiaidh sin ar fad má imíonn siad ar strae nó má bhriseann siad an dlí, nach bhfuil sé ar chumas na ceannasaíochta an gortghlanadh riachtanach a dhéanamh agus stop a chur leis an gcreimeadh ar mhuinín?
Fág freagra ar 'Moilleadóireacht i dtaca le hiompar graosta ag cothú mímhuiníne san PSNI'