Tá sé deimhnithe ag TG4 go bhfuil moill lena bplean seirbhís dhigiteach nuachta a bhunú.
Dheimhnigh TG4 do Tuairisc.ie go bhfuil deireadh curtha leis an chomórtas earcaíochta a bhí ar siúl ag TG4 eagarthóir agus iriseoirí nuachta a cheapadh le dul ag obair leis an tseirbhís nuachta nua.
Beidh comórtas nua á reáchtáil ag TG4 roimh dheireadh na bliana, a dúradh.
I mí Eanáir a fógraíodh na poist, folúntais ‘d’Eagarthóir/Léiritheoir Ábhair Dhigitigh Nuachta agus Cúrsaí Reatha’ agus beirt ‘iriseoirí ilmheán’ agus an 3 Márta an spriocdháta a bhí luaite leo.
Ina dhiaidh sin, cuireadh siar an spriocdháta d’iarratais go dtí an 24 Márta ach chinn lucht an stáisiúin ó shin deireadh a chur leis an chomórtas earcaíochta.
Tuigtear gur chuir TG4 scéal le déanaí chuig na daoine a chuir isteach ar na poist ag míniú dóibh go raibh deireadh leis an chomórtas earcaíochta agus go mbeadh tús á chur le comórtas nua “níos déanaí i mbliana”.
Dúradh sa teachtaireacht go bhféadfadh daoine iarratas eile a dhéanamh nuair a d’fhógrófaí na poist arís.
I ráiteas a chuir TG4 ar fáil do Tuairisc faoin scéal, dúradh gur léiríodh “an-spéis” sna poist a fógraíodh ach gur “cuireadh siar” na poist mar gheall ar chúiseanna a bhain le “dearadh agus forbairt an tsuímh”.
“Léiríodh an-spéis sna postanna d’Eagarthóir Ábhair Dhigitigh Nuachta agus Cúrsaí Reatha agus Iriseoirí Ilmheán Nuachta agus Cúrsaí Reatha a fógraíodh ag deireadh mhí Eanáir.
“Cuireadh siar na postanna mar gheall ar chúinsí a bhaineann leis an tréimhse ama a theastaíonn do dhearadh agus forbairt an tsuímh nua. Beifear ag fógairt na bpostanna arís níos déanaí i mbliana.”
Tá bunú an tsuímh nuachta ar cheann de na chéad chéimeanna i bplean TG4 seirbhís neamhspleách nuachta agus cúrsaí reatha a bhunú.
Ghlac an Rialtas an samhradh seo caite le moladh ón Choimisiún um Thodhchaí na Meán go mbeadh “ceannas neamhspleách eagarthóireachta” ag TG4 ar a sholáthar nuachta chun seirbhís níos fearr a chur ar fáil dá lucht féachana.
Tá an moladh sin á phlé ag TG4 agus RTÉ faoi láthair agus tuigtear do Tuairisc go bhfuil dúshláin le sárú i gcónaí sna cainteanna sin.
Tá monatóireacht le déanamh ag Coimisiún na Meán ar an idirbheartaíocht mar gheall ar TG4 a bheith neamhspleách go hiomlán ó RTÉ i dtaobh cúrsaí nuachta.
Bunaíodh go hoifigiúil an mhí seo caite Coimisiún na Meán, an t-údarás rialála nua do na meáin.
Ceann de na chéad rudaí a dhéanfaidh an t-údarás nua ná tabhairt faoi athbhreithniú cuimsitheach ar an soláthar seirbhísí Gaeilge in earnáil na meán trí chéile.
Dúirt Alan Esslemont gurb é an rogha a bheadh aige féin agus ardbhainistíocht TG4 ná athbhreithniú a dhéanamh ar an socrú le RTÉ agus smacht iomlán a bheith ag TG4 ar na cláir nuachta a chraoltar ar an stáisiún agus ar na hacmhainní a bheadh ann dóibh.
Fág freagra ar 'Moill le plean TG4 seirbhís neamhspleách nuachta ar líne a bhunú '