Tá moill curtha le cinneadh pleanála maidir le forbairt nua chonspóideach tithíochta i nGaeltacht na nDéise.
Bhíothas ag súil le cinneadh ó Chomhairle Contae Phort Láirge inné faoi iarratas ar chead pleanála do 46 teach nua a thógáil ar shuíomh i Maoil an Choirnigh i gceartlár na Rinne a fhógairt an tseachtain seo.
Ach tá an Chomhairle Contae tar éis breis eolais a lorg ón iarratasóir, Shinebright Limited, casadh a d’fhéadfadh sé mhí ar a laghad a chur le fógairt an chinnidh.
Níor thug Comhairle Contae Phort Láirge le fios céard a bhí i gceist leis an eolas breise a bhí á lorg acu ach tá sé mhí ag Shinebright Limited chun an t-eolas breise a sholáthar dóibh.
Bhain conspóid le hiarratas Shinebright Limited agus imní léirithe ag cuid de mhuintir na háite faoin tionchar a bheadh ag an bhforbairt ar an nGaeilge sa cheantar.
Tá sé leagtha amach i bPlean Forbartha Chomhairle Contae Phort Láirge go gcaithfear 60% de na tithe i bhforbairt tithíochta phríobháideach i gceantar Gaeltachta a dhíol le cainteoirí líofa Gaeilge, ach níl aon mhuinín ag cuid den phobal áitiúil go gcloífear leis sin.
Dúradh gur “buille an bháis” don Ghaeilge sa Rinn a bheadh ann dá dtabharfaí cead pleanála leis na tithe nua a thógáil.
Nuair a chuirfear an t-eolas breise ar fáil do Chomhairle Contae Phort Láirge, beidh orthu cinneadh a dhéanamh taobh istigh de cheithre seachtaine.
Má chinneann an Chomhairle Contae go bhfuil ábhar suntais san eolas breise sin, d’fhéadfadh go mbeadh ar an iarratasóir an t-iarratas pleanála a athfhógairt i nuachtán agus d’fhéadfadh an pobal aighneachtaí a chur faoi bhráid na Comhairle Contae.
Tá cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht go mór i mbéal an phobail faoi láthair agus aird tarraingthe ar an gcás seo sa Rinn agus ar chásanna i gCorca Dhuibhne agus i Ráth Chairn.
Tá polasaí náisiúnta don phleanáil sa Ghaeltacht á chur le chéile ag Conradh na Gaeilge. I measc na bpríomh-mholtaí sa pholasaí nua molfar gur cheart cúram na pleanála sa Ghaeltacht a aistriú ó na comhairlí contae go dtí Údarás na Gaeltachta.
Fág freagra ar 'Moill curtha le cinneadh faoi fhorbairt chonspóideach tithíochta i nGaeltacht Phort Láirge'