Polasaí náisiúnta don phleanáil sa Ghaeltacht á dhréachtú

I measc na bpríomh-mholtaí sa pholasaí nua ag Conradh na Gaeilge déarfar gur cheart cúram na pleanála sa Ghaeltacht a aistriú ó na comhairlí contae go dtí Údarás na Gaeltachta

Polasaí náisiúnta don phleanáil sa Ghaeltacht á dhréachtú

Tá polasaí náisiúnta don phleanáil sa Ghaeltacht á chur le chéile ag Conradh na Gaeilge.

I measc na bpríomh-mholtaí sa pholasaí nua déarfar gur cheart cúram na pleanála sa Ghaeltacht a aistriú ó na comhairlí contae go dtí Údarás na Gaeltachta.

Tá an dréachtpholasaí á phlé faoi láthair ag lucht dlí an Chonartha le lucht pleanála teanga agus ceardchumainn Ghaeltachta.

Phléigh an eagraíocht cúrsaí pleanála chomh maith le cuid mhaith den 70 polaiteoir a raibh cruinnithe acu leo le tamall anuas mar chuid dá bhfeachtas stocaireachta Seas2020.

Tá an polasaí nua le seoladh tráth a bhfuil cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht go mór i mbéal an phobail agus aird tarraingthe ar chásanna i Ráth Chairn, i gCorca Dhuibhne agus sa Rinn ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta sa chóras le roinnt míonna anuas.

Tá conspóid mhór i Ráth Chairn faoi láthair faoi chead pleanála a tugadh d’fhorbairt óstáin agus scéim tithíochta sa bhaile Gaeltachta.

Sa chás sin, chinn an Bord Pleanála cead a thabhairt don fhorbairt agus iad sásta le moladh an fhorbróra go gcuirfí cuid mhaith de na tithe nua ar leataobh do chainteoirí Gaeilge.

San Ard-Chúirt, ceadaíodh athbhreithniú breithiúnach do chomharchumann Ráth Chairn chun dúshlán an Bhoird Pleanála a thabhairt maidir lena chinneadh cead pleanála a thabhairt don fhorbairt.

I bPort Láirge, tá ráite gur ‘buille an bháis’ don teanga i nGaeltacht na nDéise a bheadh i bhforbairt nua tithíochta.

Tá iarratas curtha isteach chuig Comhairle Contae Phort Láirge chun 46 teach nua a thógáil ar shuíomh i Maoil an Choirnigh i gceartlár na Rinne ach tá cuid de mhuintir na háite go láidir i gcoinne na forbartha.

I gCorca Dhuibhne, tá feachtas bunaithe ag an gceoltóir aitheanta Breanndán Ó Beaglaoich chun aird a tharraingt ar chúrsaí cead pleanála sa cheantar agus faoin dtuath ar fad.

Chuir an Beaglaoch 235 cros bhán anairde i bParóiste Mórdhach agus é ráite aige go bhfuil daoine á ndíbirt as a mbaile féin de bharr na bpolasaithe pleanála.

Thóg an ceoltóir tigh adhmaid ar leantóir leoraí in 2015 i ndiaidh dó 13 bliain a chaitheamh i mbun iarratas ar chead pleanála chun tigh a thógaint ar fheirm a mhuintire mar a rugadh agus a tógadh é.

D’ordaigh Comhairle Contae Chiarraí dó an tigh soghluaiste a bhogadh ach tá ráite ag Ó Beaglaoich go mb’fhearr leis dul chun príosúin ná géilleadh don ordú.

Tá an grúpa ‘Todhchaí na Tuaithe’ bunaithe agus iad ag éileamh ar Chomhairle Contae Chiarraí na polasaithe pleanála a athrú sa phlean forbartha nua atá á réiteach i láthair na huaire.

Fág freagra ar 'Polasaí náisiúnta don phleanáil sa Ghaeltacht á dhréachtú'