An chéad chéim eile in athfhorbairt ionad oidhreachta Árann glactha ag Údarás na Gaeltachta

Tá sé i gceist ag an Údarás breis is €3 milliún a chaitheamh ar an togra agus uasghrádú le déanamh ar an bhfoirgneamh i gCill Rónáin ina mbíodh Ionad Oidhreachta Oileáin Árann lonnaithe

An chéad chéim eile in athfhorbairt ionad oidhreachta Árann glactha ag Údarás na Gaeltachta

Tá iarratas pleanála déanta ag Údarás na Gaeltachta chun athchóiriú suntasach a dhéanamh ar an ionad turasóireachta ar Inis Mór.

Tá sé i gceist ag an Údarás breis is €3 milliún a chaitheamh ar an togra agus uasghrádú le déanamh ar an bhfoirgneamh i gCill Rónáin ina mbíodh Ionad Oidhreachta Oileáin Árann lonnaithe. ‘Ionad Cuairteoirí Árann – Áit na Cloiche’ atá le tabhairt ar an ionad nua.

Tá sé i gceist caifé agus áiseanna eile do thurasóirí a fhorbairt mar chuid den togra, chomh maith le háiseanna gur féidir le muintir na háite úsáid a bhaint astu nuair a bhíonn an séasúr turasóireachta thart.

Beidh an t-ionad lonnaithe i seanstáisiún an Gharda Cósta, foirgneamh a tógadh thart ar 150 bliain ó shin agus atá anois faoi chosaint.

Oibreacha inmheánacha den chuid is mó atá i gceist chun an foirgneamh a athchóiriú. Chomh maith leis an gcaifé nua, tá sé i gceist léachtlann bheag a thógáil chomh maith le cúig cinn de spásanna taispeántais. Tá staighre nua agus ardaitheoir le tógáil mar chuid den athchóriiú freisin agus córas cóireála fuíolluisce nua le cur isteach ann chomh maith.

Deir an tÚdarás go ndéanfar ceiliúradh ar stair, traidisiúin agus timpeallacht Árann san ionad nua chomh maith le ceiliúradh ar shaibhreas teanga agus oidhreacht chultúrtha an oileáin.

Deirtear go gcuirfear imeachtaí ar bun san ionad i gcaitheamh na bliana agus go mbeidh an t-ionad ina mhol cultúrtha do mhuintir na háite.

D’fhógair Údarás na Gaeltachta agus Fáilte Éireann maoiniú don togra anuraidh mar aon le maoiniú d’fhorbairt ionaid oidhreachta ar Chléire amach ó chósta Chorcaí mar chuid den iarracht síneadh a chur leis an fhad a fhanann turasóirí ar na hoileáin.

Maíodh go spreagfadh na forbairtí nua beagnach €50 milliún i gcaiteachas cuairteoirí do na réigiúin sna 10 mbliana amach romhainn

Tá go dtí an 26 Lúnasa ag an bpobal chun aighneacht faoin iarratas pleanála don ionad ar Inis Mór a chur faoi bhráid Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Fág freagra ar 'An chéad chéim eile in athfhorbairt ionad oidhreachta Árann glactha ag Údarás na Gaeltachta'

  • Seán Ó Donnchaidh

    Sin dea -scéal. Cinnte.
    “mar chuid den iarracht síneadh a chur leis an fhad a fhanann turasóirí ar na hoileáin”.
    Dúnann an t-aerfort ar Inis Mór ag 1700 i lár an tsamhraidh (agus bhéifeá ábalta eitilt go dtí 2130 nó 2200). Níl aon áiseanna breosla eitlíochta ar aon ceann de na hoileáin. Is féidir breosla a fháil in Indreabhán ceart go leor, ach caithfidh tú é fháil idir 1200 agus 1500.
    Ina theannta leis sin tá dhá aerstráice bhreátha- Inis Bófinne agus Cleggan – nár osclaíodh riamh. Cé nach bhfuil aon fhoirgneamh/críochfort ann, dá mbeadh muid ábalta an rúidbhealach a úsáid bheadh muid ábalta cuairt a thabhairt ar Inis Bófinne.