Moill ar chinneadh Fhoras na Gaeilge faoi fhoilseacháin Ghaeilge

Tuairiscíodh tráthnóna go bhfuil cinneadh déanta síneadh bliana eile a chur le conarthaí Tuairisc.ie. Comhar agus Nós

Moill ar chinneadh Fhoras na Gaeilge faoi fhoilseacháin Ghaeilge

Tá ráite ag Foras na Gaeilge gur gá tuilleadh plé ar a bhfuil i ndán do Tuairisc.ie. Comhar agus Nós.

Rinneadh an ráiteas sin i bhfianaise tuairisce a craoladh anocht ar Nuacht TG4 gur cinneadh ag cruinniú de bhord an Fhorais inniu síneadh bliana eile a chur le conarthaí na bhfoilseachán Gaeilge a ndéanann an eagraíocht maoiniú orthu.

Tá próiseas idir lámha ag Foras na Gaeilge le tamall anuas ar mhaithe le socrú a dhéanamh faoi thodhchaí na bhfoilseachán Gaeilge agus cuireadh fad leis na conarthaí atá ag na trí fhoilseachán faoi dhó cheana fad is a bhí an próiseas sin ar bun.

Rinneadh coimisiúnú ar dhá thuairisc éagsúla ó shaineolaithe mar chuid den phróiseas. Moladh i gceann de na tuarascálacha sin go gcuirfeadh an eagraíocht teanga tuilleadh maoinithe ar fáil do Tuairisc.ie agus do na foilseacháin Ghaeilge eile. Bhain an dara tuarascáil le staid earnáil na meán trí chéile in Éirinn seachas le hearnáil na meán Gaeilge.

Tugadh faoi phróiseas comhairliúcháin phoiblí freisin le tuairimí an phobail a fháil faoi mholtaí an Fhorais féin don earnáil.

De réir mholtaí an Fhorais ní chuirfí maoiniú ar fáil níos mó d’iris liteartha chlóite amhail Comhar agus thiocfadh deireadh ar fad leis an scéim faoina maoinítear an iris Nós.

Dá nglacfaí le plean an Fhorais dhá fhoilseachán ar líne a ndéanfaí maoiniú feasta orthu, iris amhail Comhar ach é ar líne amháin agus  maoiniú laghdaithe aici agus seirbhís nuachta amhail Tuairisc.ie.

Tháinig deireadh leis an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí faoi na moltaí sin an mhí seo caite agus ceapadh saineolaí eile le scagadh a dhéanamh ar an aiseolas a bhí faighte ón bpobal.  Liam Ó Cuinneagáin, a bhfuil comhlacht comhairliúcháin oideachais, ROS, aige, a chuir an tuairisc sin le chéile. Cuireadh an ‘tuairisc achomair’ sin ar na haighneachtaí a fuair Foras na Gaeilge faoi bhráid an bhoird ag cruinniú an lae inniu. 

Dúradh i ráiteas an Fhorais gur aontaigh an bord go raibh gá le “tuilleadh plé” ar an gceist i bhfianaise na tuairisce is déanaí agus mar gheall ar a raibh sna haighneachtaí ón bpobal.

107 aighneacht ar fad a bhí ann agus tuairiscítear go raibh a bhformhór mór i gcoinne mholtaí an Fhorais.

Tuairiscítear gur ghlac an bord inniu le moladh ón bhfeidhmeannais go gcuirfí síneadh bliana eile le conarthaí na bhfoilseachán Gaeilge.

Dúirt Foras na Gaeilge go n-eiseofaí ráiteas faoin ábhar agus go bhfoilseofaí tuairisc “níos iomláine” faoin scéal ar a suíomh gréasáin “go luath”.

Tá dhá shíneadh ama curtha cheana le conarthaí Tuairisc.ie, Nós agus Comhar ó d’fhógair Foras na Gaeilge go raibh fúthu athbhreithniú a dhéanamh ar an earnáil. Beidh an síneadh ama is déanaí, síneadh bliana, caite ar an 31 Nollaig 2019.

Fág freagra ar 'Moill ar chinneadh Fhoras na Gaeilge faoi fhoilseacháin Ghaeilge'

  • Mícheál

    Fáiltítear roimh chinneadh Fhoras na Gaeilge maidir le Tuairisc.ie Comhar agus Nós. Tá sé thar a bheith tábhachtach go deo go ndéanfaí poist iriseoirí lánaimseartha (agus páirtaimseartha i gcásanna áirithe) a chosaint agus a chaomhnú. Na daoine atá ag gabháil d’iriseoireacht na Gaeilge mar shlí bheatha ach go háirithe – iad siúd atá ag brath uirthi chun a morgáistí a íoc, a mbillí a íoc srl. Má bhíonn sé soiléir nach bhfuil aon bhuanaíocht ag gabháil leis an gceird áirithe sin, beidh sé fíordheacair daoine óga éirimiúla a mhealladh chun í a chleachtadh sa todhchaí. Ar an ábhar sin, tá sé riachtanach go mbeadh seasmhacht ag baint le post na hiriseoireachta Gaeilge sna blianta atá amach romhainn do gach éinne atá ag tuilleamh a s(h)lí bheatha aisti.