Mo náire sinn! Uafás chás na dteifeach nochta ag iriseoir óg cróga…

Tá scéal tragóideach na dteifeach sa Libia chomh maith le scannal an Aontais Eorpaigh nochta in ‘My Fourth Time, We Drowned’ le Sally Hayden

Mo náire sinn! Uafás chás na dteifeach nochta ag iriseoir óg cróga…

Tháinig an chéad teachtaireacht téacs chuici gan aon choinne. Ní raibh a fhios aici cé a scríobh é ná cá rabhadar lonnaithe.

Ach bhí sí fiosrach faoi – iriseoir í a bhfuil suim aici i scéalta idirnáisiúnta, go háirithe fúthu siúd ‘ar an imeall’. Thosaigh sí ag déanamh teagmhála leis an dream a bhí ag cur na dteachtaireachtaí chuici. Agus ar feadh na mblianta, choinnigh sí uirthi ag leanacht an scéil.

‘Hi Sister Sally, we need your help…’

Phioc siad suas eolas fúithi ar na meáin shóisialta – mheas siad go mb’fhéidir go mbeadh sí in ann rud éigin a dhéanamh ar a son. Mhínigh sí arís agus arís eile gur iriseoir í agus nach mbeadh sé de chumhacht aici aon chúnamh praiticiúil a thabhairt dóibh.

Ach tá a fhios ag an domhan mór faoina gcruachás anois.

Le gairid a foilsíodh leabhar léi a insíonn an scéal truamhéalach ar fad. My Fourth Time, We Drowned is teideal don leabhar agus is í Sally Hayden an t-iriseoir a bhailigh an t-eolas ar fad agus a scríobh an leabhar. Cheana féin, tá sé ar liosta na leabhar is mó ráchairt sa tír seo; tá sí molta ag tráchtairí idirnáisiúnta agus ag scríbhneoirí eile. Duine de na scríbhneoirí cáiliúla a thug ardmholadh di an scríbhneoir Sally Rooney.

Thosaigh an fiosrúchán a rinne Sally Hayden leis an gcéad téacs sin ach tháinig rabharta acu ina dhiaidh sin. Bhí a huimhir ghutháin aimsithe ag scata teifeach a bhí gafa ag údaráis na Libia, i dtuaisceart na hAfraice agus a bhí coinnithe faoi choinníollacha uafásacha i bpríosúin éagsúla ansin. Ní raibh tada déanta as bealach acu ach iarracht a dhéanamh éalú ón bpurgadóir ina dtíortha féin – an tSúdáin, an Eiritré, an tSomáil, an Aetóip, an Afganastáin agus tíortha eile nach iad.

Nuair a d’fhiosraigh Sally na scéalta a bhí taobh thiar de na teachtaireachtaí, nocht sí scannal mór millteach a bhfuil baint nach beag ag an Aontas Eorpach leis agus sáite sa scéal freisin, tá na Náisiúin Aontaithe agus eagrais atá bainteach leis – ar nós an UNHCR [Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe].

Agus aird an domhain dírithe ar chruachás teifeach le roinnt seachtainí, ní féidir an chluas bodhar a thabhairt don scéal seo. Baineann sé linn, mar bhall den Aontas, agus caithfimid glacadh leis go bhfuil cuid den mhilleán ar gach aon bhall den chomhphobal sin.

Nuair a bhí scéal na dteifeach agus a n-iarrachtaí dul chomh fada leis an Eoraip sa mbliain 2014/15 ina scéal mór, ba léir go gcaithfí ‘rud éigin’ a dhéanamh faoi. Bhain Angela Merkel cáil amach ag an am toisc gur ligeadh na céadta míle ón tSiria isteach sa nGearmáin. Ach de réir a chéile tosaíodh ag cur i gcoinne na hinimirce agus thóg tíortha éagsúla sconsaí sreinge chun nach bhféadfadh níos mó daoine a mbealach a dhéanamh isteach sna tíortha sin.

Théigh cúrsaí polaitíochta ar fud na hEorpa faoi fhadhb na dteifeach. Bhí ráchairt ar pháirtithe polaitíochta a labhair amach ina gcoinne. San Iodáil tháinig rialtas i gcumhacht a raibh páirtí den eite dheis ina bhall de, agus ar an bpointe chuireadar deireadh leis an deis a bhí ag na teifigh teacht i dtír san Iodáil.

An réiteach a bhí ag an Aontas Eorpach ar an bhfadhb ná stop a chur leis an eisimirce san áit ar thosaigh formhór na dteifeach ar a dturas dainséarach thar farraige- sa Libia.

Íocadh níl a fhios cén t-airgead le rialtas na Libia le srian a chur leis na teifigh. Thug an tAontas €I00 milliún i gcomhair ‘traenáil’ an gharda cósta chun dul i ngleic leis na smuglálaithe daoine, dúnadh doirse na hEorpa ar na teifigh agus dúnadh súile mhuintir na hEorpa ar an toradh a bhí ar an obair sin ar fad. Fad is nach raibh siad ag teacht chun na hEorpa ina scuainí móra, níor bhain an fhadhb linn.

Nuair a tosaíodh ag scrios na mbád adhmaid a bhí in úsáid ag na smuglálaithe, thiontaigh siad ar bháid aeir a úsáid – báid nach raibh feistithe ná déanta i gcomhair turais trasna na Meánmhara. An toradh a bhí ar an obair sin, ná gur bádh tuilleadh daoine sa Mheánmhuir.

Chuaigh Sally Hayden chuig an iliomad tír, rinne sí teagmháil leis an oiread teifeach agus ab fhéidir léi agus d’fhiosraigh sí gach scéal. Chuaigh sí chuig ócáidí oifigiúla de chuid na Náisiún Aontaithe, casadh daoine uirthi a d’oibrigh sa réimse seo agus fuair sí an léargas ‘oifigiúil’.

Ba léir di go raibh an Libia in ann an dubh a chur ina gheal ar aon duine a thug cuairt ar a cuid ionad coinneála. An lá a dtugadh aon chuairteoir oifigiúil cuairt orthu, bhíodh bia fairsing, éadaí glana ar na daoine a bhí faoi choinneáil agus áiseanna agus deiseanna éagsúla acu. Aon duine a d’oscail a bhéal chun an fhírinne a inseacht don chuairteoir, fuair sé lascadh nuair a d’imigh siad.

Ba é fírinne an scéil ná go raibh na húdaráis ag obair lámh ar láimh leis na smuglálaithe agus na coirpigh a bhí i mbun ghabháil na dteifeach agus á dtabhairt ar ais chun na Libia. Bhí ciapadh agus marú, tinneas agus uafáis eile ag tarlú sna príosúin agus gan aon duine á bhfiosrú.

Bhí cuid de na ‘príosúnaigh’ tar éis na mílte euro a íoc leis an dream a thug chomh fada leis an Libia iad agus a chuir amach ar an bhfarraige iad i mbáid bheaga lofa. Tugadh fón póca dóibh le go bhféadfaidís glaoch ar chabhair agus iad amuigh ar an bhfarraige ach ba ansin a ghabh na gardaí cósta iad agus thug ar ais ag an bpríosún iad. Ansin, má bhí seans ar bith ar airgead a thuilleamh ó na daoine bochta sin, glaodh ar a muintir sa mbaile agus iarradh éiric orthu le go scaoilfí saor iad.

Go minic, cuireadh pictiúir chuig a muintir ag léiriú cén ciapadh a bhí á dhéanamh ar na príosúnaigh – iad crochta bunoscionn, nó a ngéaga ceangailte taobh thiar dá ndroim, le brú a chur ar an gclann an t-airgead a sheoladh chuig na coirpigh sa Libia.

Chuir mise aithne ar Sally Hayden nuair a bhí sí fós ina dalta meánscoile. Bhí suim aici i ngrianghrafadóireacht agus ba mhinic í istigh in RTÉ ag glacadh pictiúr poiblíochta dá máthair Sheila de Courcy a d’oibrigh ar an gclár Cúrsaí tráth, agus a bhí ina ceann Roinne ar chláracha do pháistí ina dhiaidh sin.

Anois is comhfhreagraí don Afraic san Irish Times í, foilsíodh saothar léi san New York Times, sa Guardian, ar Channel 4 News is CNN agus is minic í ar an raidió agus sna meáin eile. Tá scéal tragóideach na dteifeach sa Libia chomh maith le scannal an Aontais Eorpaigh nochtaithe ag an iriseoir óg cróga seo.

Beidh le feiceáil cad a dhéanfaimid faoi.

Fág freagra ar 'Mo náire sinn! Uafás chás na dteifeach nochta ag iriseoir óg cróga…'