Mo ghrá go daingean í lá dá bhfaca í, l’amour de ma vie – an MG Midget 1500 beag dearg

‘Odi profanum vulgus et arceo;, nó ‘Is fuath liom an daoscarshlua agus coimeádaim uaim iad.’ Ní Jacob Rees-Mogg, nó ‘Laingear’, mar is fearr aithne air, a d’fhoilsigh an ceann sin sa Daily Mail, nó sa Telegraph, nó sa Times fiú, le déanaí, ach Horatius Flaccus, bail ó Dhia ar a mhisneach. An líne is cáiliúla […]

Mo ghrá go daingean í lá dá bhfaca í, l’amour de ma vie – an MG Midget 1500 beag dearg

‘Odi profanum vulgus et arceo;, nó ‘Is fuath liom an daoscarshlua agus coimeádaim uaim iad.’

Ní Jacob Rees-Mogg, nó ‘Laingear’, mar is fearr aithne air, a d’fhoilsigh an ceann sin sa Daily Mail, nó sa Telegraph, nó sa Times fiú, le déanaí, ach Horatius Flaccus, bail ó Dhia ar a mhisneach. An líne is cáiliúla in ‘Carmina’, Leabhar a Trí, Dán a hAon ón mbliain 23 RCh.

Bíodh sin mar atá, i gcead do Horatius Flaccus, nó ‘Horace’, mar is fearr aithne air siúd, níor bhlais seisean riamh leithéid na sceitimíní áthais a bhí ormsa agus Cortina Mk1 bán m’athar, GPI 206 á thiomáint agam fá dhéin Scoil Náisiúnta Réalt na Maidine, Baile Féitheán, Corcaigh, chun dul i mbun mo chéad jab múinteoireachta, mí Iúil 1967.

Is iomaí gluaisteán olc, maith agus dona atá curtha díom agam san eadarlinn. Luaim go gasta na hasail chiotrúnta. Fiat 128 na meirge ildánaí. Bhí linn lapadaíola fá bhun na suíochán cúil laistigh de chúpla bliain inti. B’in iad na seachtóidí, drochlaethanta na bhFiat neamhghalbhánaithe gan mhaith.

Luaim os íseal freisin an Cortina Mk 3 ón tréimhse chéanna. Táim cinnte go bhfuaireas an chéad ghluaisteán a caitheadh le chéile ar líne chóimeála na gcloigeann tinn an Luain. Nó, níos measa fós, gluaisteán Aoine dheireadh seachtaine bainc. Inneall ‘bog’, doirse amscaí nach raibh riamh crochta i gceart, ‘cuma liom’ mhíchúraim a tógála soiléir uirthi, críoch gharbh thuata.

Ach is le paisean a luaim na capaill fholaíochta. Tá bá ar leith agam le mo chéadsearc, an Ford Cortina Mk1. Láireog tharraingteach na gcumraíochtaí banúla. Anois go raibh meaisín iontoafa fám’ thóin thugas le flosc fá bhóithre grianmhara an tsamhraidh. Nocht an Cortina Mk1 iontaisí nádúrtha Iarthar Chorcaí do dhéagóir cathrach a bhí suaite le saoirsí agus féidearthachtaí insamhlaithe (níor mhór iad na féidearthachtaí doshamhlaithe) na ndeich mbliana leathluascacha sin sa taobh sin tíre.

Seascaidí an spleodair ildaite. Samhlaím Eochaill thoir agus Bun a’ Tábhairne ó dheas i monacróm dubh agus bán Kodak Brownie beag na gcaogaidí, tráth na leanbhaoise nuair a d’imímis chun na trá ar bhus uaine CIE, cheal gluaisteáin. Ansin, nuair a d’ardaigh barr taoide Lemass agus Whitaker báid áirithe, sa Chortina mór bán Mk1 sin ghabhamar seilbh ar Bheanntraí agus An Gleann Garbh agus Bá na hEornan agus An Sciobairín i Kodachrome sícideileach John Hinde. Deich mbliana buile na seascaidí, deich mbliana an Chortina Mhóir Bháin Mk1.

Níl meas madra agam ar aon ghluaisteán a cheannaíos i mblianta nuaphósta na seachtóidí, áfach. Ba chapaill oibre iad go léir, ach b’in an méid. An Cortina Mk3 lofa sin, an Fiat 128, an Peugeot 204, an Ford Fiesta Mk1. Niachóistí agus tralaithe siopadóireachta ar rothaí a bhformhór, leis an Farley’s Rusk leath-ite éigeantach tite fá bhun na suíochán cúl. Ní raibh ach aon éalú amháin agam ó na cóistí linbh sin, Fiat 124 Special T mo mháthar, tógtha ar iasacht!

Sea, murach gur insealbhaíodh Bridie ina Bunmháistreás Poist in Oifig an Phoist Thobar an Chaipín, Sráid Dhúglais i 1959/60, diabhal gluaisteán a bheadh ag éinne againn. Ná oideachas dara leibhéal. Ná oideachas tríú leibhéal, déanta na fírinne. Tarlaíonn gurb é ‘Capwell P.O’ an bhunoifig phoist ba bhroidiúla, agus dá bharr sin, ba rathúla tuarastal i gCathair Chorcaí i mblianta luath na seascaidí. Bhí idir stíl nádúrtha agus grásta flaithiúil ag Bridie. Agus nuair a bhí seal an Chortina mhóir bháin istigh, chuir sí féin a súil ar an Fiat 124 Special ‘T’ a bhí i ngaráiste Fiat ar na hUamhanna, más buan mo chuimhne, siar beagán ó Bhaile an Chollaigh.

Luíonn siad beirt, Pat agus Bridie, i gcré Chill na nUamhanna anois, lem’ dheartháir Liam agus a bhean Siobhán.

Is ar éigean gur chuir sí féin aon suntas ann ag an am gur leagan ‘Twin-Cam’ 1500 a bhí sa Special T, 1433cc chun a bheith iomlán cruinn. Cairt a d’imeodh ar luas na gaoithe. Fíric nach rabhthas féin dall air, áfach, ná Daid, nuair a thacaíomar beirt go fonnmhar lena rogha. Cheansaíos bóithre agus iontaisí Chiarraí Thuaidh, Theas, Thoir agus Thiar inti. Cairt na nOchtóidí, go dtí gur tháinig lá an MG Midget 1500, mí Aibreán 1992.

San idirlinn tharla na hochtóidí. Le linn dom bheith ar saoire en famille i nDún na nGall i 1983 thógas £8,500 ar iasacht ón mBainisteoir Bainc Brendan Flynn, leis an AIB i gCorcaigh, deartháir Ghandal Chaisleán an Bharraigh féin, Pádraig Flynn, agus thiomáin abhaile i Nissan Prairie Mk1 na gcúldoirse sleamhnáin.

I ndeireadh na dála ní raibh inti ach niachóiste cliste réamh-SUV. Ach sheas sí go maith dúinn, agus thug sí fud fad Éireann mé le ‘Féach’ agus ‘Today Tonight’, sall go dtí an Bhriotáin agus níos faide soir sa Mhór-Roinn chomh maith céanna.

Ach, bhí mo dhán scríofa. Agus siúrálta bhí lámh ag Bridie i gceannach l’amour de ma vie – an MG Midget 1500 beag dearg, a d’allmhairigh fear a raibh garáiste beag aige i nGleann na gCaorach as California na neamhmheirge i 1992. Bhí Mam ar shlí na fírinne ón mbliain roimhe sin. Agus bealach á fhiosrú agam chun a cuimhne a cheiliúradh as an oidhreacht bheag a d’fhág sí le huacht againn, cad a chonac ach an MG beag dearg ar réamhchúirt an gharáiste ar mo bhealach thairis agus b’in sin. Bhíos faoi gheasa. Mheall clasaic Brooklands lena háilleacht mé. Bhaisteas 77C300 uirthi, le caoinchead mo chara cléibh Seán Beecher in Oifig Chláraithe na nGluaisteán i gCorcaigh. Anois bhíomar ag sucáil, bhuel, murar díosal féin é, peitreal ‘glas’ gan luaidhe.

Nó, le bheith iomlán macánta, ní ‘sinne’, ach mé féin a bhí i mbun diúil. Dá mbeadh pingin agam gach uair a d’fhéach ‘begrudger’ éigin isteach inti is a d’fhiafraigh díom cá gcuirim Orla, Darach, Elsha, Aifric agus Rossa, bheinn déanta suas ar fad. ‘Nach tú an bleachtaire géarchúiseach,’ arsa mise leo, ‘sin é go díreach an pointe!’

In ord contrártha mo cheana, seo iad searcanna saoil na gceithre roth agamsa, go fóill beag, pé scéal é.

3.  An Cortina Mór Bán Mk1.

2.  An Fiat 124 Special T.

1. An MG Beag Dearg, díon infhillte, dhá shuíochán.

Ná tóg orm é. Mam agus Daid a chuir ar bhóthar m’aimhleasa mé leis na gluaisteáin chlasaiceacha. Sin é an fáth gur dona liom asail, bulláin agus capaillíní Spáinneacha gan stíl ná cruth orthu, ná dealramh d’aon saghas leo.

Ó Thuaidh go deo leis an seanrá nua – Audi Profanum Volvo et Mondeo. Agus, maidir leis na ‘begrudgers’ sin, más ann fós dóibh…!

Fág freagra ar 'Mo ghrá go daingean í lá dá bhfaca í, l’amour de ma vie – an MG Midget 1500 beag dearg'

  • Bean an chairr bhig shlachtmhair

    An-phíosa scríbhneoireachta.

  • Murchadh Seosamh

    Bualadh bos mór. Deisbhéalach agus taitneamhach.